Is léir gur gá athrú cúrsa maidir le clár vacsaínithe an Rialtais

Caithfidh an rialtas clár oibre a réiteach a thabharfaidh an deis dúinn an lámh in uachtar a fháil ar an ngalar, le cabhair an AE nó taobh amuigh de shocruithe an Aontais más gá

Is léir gur gá athrú cúrsa maidir le clár vacsaínithe an Rialtais

Pictiúr: Marc O'Sullivan / RollingNews.ie

Dá mba í an vacsaín i gcoinne an choróinvíris an solas ag deireadh an tolláin anuraidh, tá solas an dóchais imithe in éag cuid mhaith le laethanta beaga anuas.

Ní hamháin go bhfuil figiúirí na haicíde imithe ó smacht agus contúirt dháiríre ann nach mbeidh an córas sláinte in ann déileáil leis an líon othar a bheidh ina thuilleamaí, ach is cosúil go bhfuil praiseach déanta de sholáthar na vacsaíní – in Éirinn agus níos tábhachtaí, san Aontas Eorpach.

Tá an rialtas ag maíomh – arís – go mbeidh siad in ann 40,000 dáileog den vacsaín a thabhairt amach gach seachtain, ach is fiú an figiúr sin a chíoradh. Tá timpeall cúig mhilliún duine sa stát, má fhaigheann 20,000 duine an tsnáthaid gach seachtain (bíonn dhá dháileog ag teastáil), sin 1,040,000 duine sa mbliain – sin le rá go dtógfadh sé cúig bliana gach duine sa stát a vacsaíniú.

Is léir go gcaithfear clár vacsaínithe i bhfad níos cuimsithí agus níos gasta a chur ar fáil.

Níorbh aon chabhair é, cinnte, go raibh an mhoill mhór sin ag baint le cead an Aontais Eorpaigh a fháil. Faoi bhrú ón nGearmáin tugadh an cead vacsaín Pfizer-BioNTech a úsáid seachtain níos túisce ná mar a bhí beartaithe, ach ní bheidh cead ar fáil an vacsaín Astrazeneca (an vacsaín is éasca a stóráil is a úsáid) go ceann cúpla seachtain eile ar a laghad.

Tá a beannacht tugtha ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) do vacsaín Moderna anois más fada gearr go mbeidh sí á dáileadh anseo.

Idir an dá linn tá milliún duine i ndiaidh vacsaín a fháil sa mBreatain, fiú is go bhfuil an stát sin buailte níos measa ag an ngalar ná mar atá muid féin.

É sin ráite, an aon ábhar sóláis don rialtas nach raibh ach 350 duine – sea 350 – i ndiaidh vacsaín a fháil sa bhFrainc faoin tseachtain seo caite?

Tá meáin na Gearmáine go deimhin ar buile faoin scéal, agus leagann siad an milleán ar an Aontas Eorpach: uimhir a haon mar gheall ar an moill sular ceadaíodh an vacsaín; agus, uimhir a dó, mar gheall ar a laghad dáileog a ceannaíodh.

Thairg Pfizer 500 milliún dáileog don Aontas, ach níor ordaigh siad ach 200 milliún (méadaithe anois go dtí 600 milliún). Gheobhaidh muid trí mhilliún as an gcéad mhargadh a chlúdóidh níos lú ná trian de dhaonra an stáit. Gealltar go mbeidh 3.3 milliún eile againn amach anseo faoin margadh nua a rinneadh an tseachtain seo.

Deir na Gearmánaigh go raibh leisce ar an Aontas maidir le ceannach na vacsaíní toisc go raibh siad faoi bhrú ón bhFrainc a bhí ag iarraidh fanacht go dtí go mbeadh an vacsaín Fhrancach, de chuid Sanofi, ar fáil. Is cosúil anois nach mbeidh snáthaid Sanofi réidh go dtí deireadh na bliana seo.

Ábhar gearáin eile atá ag meáin na Gearmáine go raibh an córas oibrithe amach ag an tír sin roimh mhí na Nollag ach cheal cead ón Aontas nach raibh siad in ann ach iarrachtaí trialacha a dhéanamh.

Ar ndóigh, mar gheall ar a naimhdeas idé-eolaíoch, dhiúltaigh an tAontas glan don vacsaín Rúiseach (gan trácht ar na cinn Shíneacha!) cé go bhfuil siad á ndáileadh go fada fairsing acu ar chaoga stát, an Airgintín agus an Ungáir (ballstát den Aontas) ina measc.

Cuireann sé leis an bhfearg fhorleathan atá ar fud na hEorpa maidir leis an scéal seo go bhfuil vacsaín Pfizer agus vacsaín Astrazeneca in úsáid sa mBreatain fad is atá praiseach á déanamh de chúrsaí i dtíortha eile san Eoraip.

Nach íorónta agus náireach an rud a bheadh ann dá bhfaigheadh an Tuaisceart smacht ar an ngalar ar dtús toisc vacsaíní a bheith á ndáileadh ansin níos túisce is níos fairsinge ná mar atá ó dheas.

Mar a tharlaíonn, rinne an Ghearmáin agus an Fhrainc a gcuid conarthaí féin neamhspleách ar an Aontas Eorpach le Pfizer agus Moderna le dáileoga a ordú, agus cabhróidh an soláthar breise sin go mór leo sa todhchaí.

Ar ndóigh, ní dhearna muidne a leithéid mar is ball den Chlub muid agus bhí muid sásta ligean don Aontas Eorpach na cúrsaí sin a riaradh ar ár son, cé go raibh mé féin, agus daoine eile, ag moladh chomh fada siar le mí Lúnasa seo caite gur chóir dúinn conradh faoi leith a dhéanamh.

Ní féidir linn cur suas leis seo. Caithfidh an rialtas, fiú agus é chomh déanach sin, clár oibre a réiteach a thabharfaidh an deis dúinn an lámh in uachtar a fháil ar an ngalar, le cabhair an Aontais nó taobh amuigh dá shocruithe sin más gá.

Mar bharr ar an deacracht is í an fhírinne nach ndearna an rialtas an t-ullmhúchán cuí: níl ach plean ginearálta ann i dtaobh dháileadh na vacsaíne. Tá fadhbanna leis an gcóras ríomhaireachta a mbainfear úsáid as le daoine a chur ar an eolas faoin ngalar agus faoi cathain a gheobhaidh siad dáileog. Chomh fada agus a bhaineann sé lena bpolasaí Covid-19, bhí an rialtas ag imeacht ó thosaíocht a thabhairt don eacnamaíocht go leath-thosaíocht a thabhairt don tsláinte phobail.

Is léir mar sin gur gá le cúrsa a athrú.

Fág freagra ar 'Is léir gur gá athrú cúrsa maidir le clár vacsaínithe an Rialtais'

  • Honor Mhic Giolla Chaoin

    Aontaím leis an méid atá scríofa ag Eoin. Chomh maith leis sin, ba chóir túsáite a thabhairt anois do mhúinteoirí, do chuntóirí riachtanas speisialta, do thionlaicthe bus agus do dhaltaí scoileanna speisialta; níl aon réiteach eile ar an bhfadhb seo agus níl tada le cloisteáil faoi!

  • Séamus

    Feicfimid. Níl inniu ach an 11ú Eanáir agus táimid ag tús an phróisis seo. Tá go leor leor eile le déanamh ach braithim go bhfuil sé ró-luath a bheith ag tabhairt amach cheana féin! Níl ach 40,000 dáileog á dháileadh sa tseachtain faoi láthair ach bhí sé i gcónaí i gceist ag an Rialtas cur leis sin de réir a chéile.
    Maidir leis an vaicsaín ón Rúis; is féidir leatsa glacadh leis an gceann sin a Eoin, más maith leat, ach ní bheadh muinín ag leor againn inti, agus is amhlaidh an cás i leith na vaicsaíne ón tSín!