‘Is léir go bhfuil pobal na Gaeilge cloíte agus iad sásta cur suas le gach sórt masla’ – Cormac Ó hEadhra

Tá amhras ar an gcraoltóir aitheanta Cormac Ó hEadhra go bhfuil pobal na Gaeilge tinn tuirseach de bheith ag snámh in aghaidh easa agus go bhfuil an t-anam imithe as pobal na Gaeltachta

‘Is léir go bhfuil pobal na Gaeilge cloíte agus iad sásta cur suas le gach sórt masla’ – Cormac Ó hEadhra

Is léir go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta “cloíte”, a deir Cormac Ó hEadhra, an craoltóir aitheanta a chuireann an clár cúrsaí reatha Cormac ag a Cúig i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Agus é ag trácht ar a laghad Gaeilge a bhí le cloisteáil i nDáil Éireann inné ar ‘Lá na Gaeilge’, dúirt Ó hEadhra ar Cormac ag a Cúig inné gur léir go raibh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta “cloíte” toisc, dar leis, go gcuireann siad suas lena leithéid.

“Is é an mothúchán dáiríre atá agam ná gur cuma cén masla a thugtar do phobal na Gaeilge, gur cuma cén chaoi a mbrúitear pobal na Gaeilge síos go talamh, bíonn siad sásta glacadh leis, de réir dealraimh,” a dúirt an craoltóir inné.

Le linn an chláir chéanna, dúirt Mícheál Ó Leidhin, Comhfhreagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta gur “praiseach” a bhí i Lá na Gaeilge sa Dáil agus gur “ar éigean” go bhféadfaí Lá na Gaeilge a thabhairt air toisc gurb é an ‘“cúpla foclachas” agus ráitis réamhullmhaithe a bhí sa treis le linn Cheisteanna na gCeannairí.

21.5% den chaint a rinneadh le linn Cheisteanna na gCeannairí a bhí as Gaeilge, 1,095 den 6,192 focal a dúradh sa Dáil. Ba í an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly an t-aon duine a labhair i nGaeilge amháin le linn na gceisteanna.

Dúirt Cormac Ó hEadhra le Tuairisc.ie inniu nach dtuigeann sé cén fáth nach bhfuil daoine ag gearán faoin méid atá ag tarlú maidir leis an nGaeilge sa Dáil agus in áiteanna eile.

“An é go bhfuil siad tinn tuirseach de bheith ag snámh in aghaidh easa? An é go bhfuil an croí agus an t-anam imithe as na pobail Ghaeltachta agus daoine ar imirce. Níl a fhios agam ach ba bhreá liom freagraí a fháil.

“Go traidisiúnta ar Lá na Gaeilge, bhíodh ceisteanna na gceannairí i nGaeilge agus dhéanfadh ceannairí iarracht Gaeilge a labhairt. Tá tábhacht shiombalach leis an lá. Ach i mbliana, agus Bliain na Gaeilge á ceiliúradh, níor bhac siad leis.”

Dúirt an craoltóir as an gCeathrú Rua, a bhíonn ag plé le scéalta faoi chás na teanga gach lá, go bhfeictear dó nach bhfuil mórán déanta ag pobal na Gaeilge chun stádas na Gaeilge a chosaint ó eagraíodh an mórshiúl “fiúntach” ‘Dearg le Fearg’ in 2014.

“Nuair atá gardaí gan Ghaeilge á gcur chuig ceantair Ghaeltachta, múinteoirí gan Ghaeilge á gcur chuig scoileanna Gaeilge, oifigigh agus áisitheoirí stáit gan Ghaeilge ag freastal ar mhuintir na Gaeltachta agus leithéidí Project 2040 ar fáil i mBéarla amháin, caithfear ceisteanna a chur,” a dúirt Ó hEadhra.

Dúirt sé gur mór an difear idir lucht agóidíochta na Gaeilge sna 60í agus Gaeilgeoirí an lae inniu.

“Ní bhíonn aon duine ag agóidíocht nó ag gearán faoin nGaeilge seachas na heagraíochtaí a fhaigheann íocaíocht as sin a dhéanamh,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Is léir go bhfuil pobal na Gaeilge cloíte agus iad sásta cur suas le gach sórt masla’ – Cormac Ó hEadhra'

  • Victor

    An bhfuair pobal na Gaeilge ariamh na rudaí sin i nGaeilge? Tá Cormac ag déanamh iontais amhail is go raibh sé difriúil le deireanaí agus anois tá sé athraithe agus – iontas na n-iontas – níl daoine ag gearán faoi.

  • Mánus

    Ní thuigeann Cormac Ó hEadhra comh deacair is atá sé troid in aghaidh an status quo. Féach céard a tharla nuair le tacaíocht na bpolaiteoirí na tíre thit córas baincéireacht na tíre as a chéile 2008. Go mall agus de réir a chéile d’fhás gluaiseacht fíor-lag agus fíor scaipthe a rinne iarracht dúshlán an “Establishment” a thabhairt ina raibh na heagraíochtaí Occupy, Claiming Our Future, Change Collective, Second Republic, Direct Democracy srl. Níor eirigh leo tada a bhaint amach agus is beag ceann acu atá gníomhach. Sin timpeall 4,000 duine a bhí sásta troid in aghaidh an chórais; sin as daonra de 4 mhilliún! An taon fheachtais a bhain aon rud amach ná an feachtas in aghaidh na dtáillí uisce.
    As an 70,000 Ghaeilgeoir laethúil atá sa 26 condae cé mhéid acu sin go mbeadh an díocas, an t-am agus an fuinneamh le spáráil chun seasamh a thógaint? Bíonn beagán ar siúl ag an eagraíocht Misneach ach ní fhaigheann siad an tacaíocht ó Gaelgeoirí na 26 condae i gcoitinne.
    Luigh siar ar do chathaoir sa stiúdeó anoi a Chormaic agus déan do mhacnamh ar céard a rinne tú fhéin. Cén seasamh a thóg tú fhéin?