Is léir go bhfuil go leor bearnaí go fóill i dteachtaireacht Shinn Féin

Cén chaoi a gcuirfidh Mary Lou McDonald agus a foireann dlús leis an tacaíocht a léirítear sna pobalbhreitheanna?

Is léir go bhfuil go leor bearnaí go fóill i dteachtaireacht Shinn Féin

Cuirfear tús tráthnóna i mBaile Átha Cliath le hArd-Fheis Shinn Féin. Tá an páirtí ar mhuin na muice sna pobalbhreitheanna agus deis idir seo agus deireadh a hóráide tráthnóna amárach ag Mary Lou McDonald lena dteachtaireacht a chur i gcion ar an bpobal.

Más féidir géilleadh do na pobalbhreitheanna le cúpla mí anuas beidh Sinn Féin ar an bpáirtí is mó tar éis an chéad olltoghcháin eile. D’fhéadfadh trí scór suíochán a bheith acu nó os a chionn. Sin má bhíonn toghchán againn go luath.

Sin an rud is mó gur chuir mé féin suim ann sna torthaí pobalbhreithe is déanaí. Tá tromlach den phobal nach dteastaíonn olltoghchán uathu. B’fhearr leor go bhfanfadh an rialtas atá againn faoi láthair in oifig go mbeidh a dtéarma déanta in 2025. Léirigh an phobalbhreith freisin nach miste leis an bpobal cé acu Micheál Martin nó Leo Varadkar a bheidh in oifig an Taoisigh ón mhí seo chugainn ar aghaidh. Is léir go bhfuil daoine ar nós cuma liom faoi rialú na tíre mar go bhfuil siad ag díriú ar an saol ó lá go lá agus iad faoi bhrú ollmhór ag an gcostas maireachtála.

Más amhlaidh atá agus má tá an pobal den tuairim freisin go mbeadh beagnach a leath chomh sásta céanna an rialtas reatha a fheiceáil in oifig arís tar éis an chéad olltoghcháin eile, cá bhfágann sin teachtaireacht Shinn Féin go bhfuil an pobal ar mire ag iarraidh athrú agus go gciallaíonn an t-athrú sin rialtas faoi cheannas Shinn Féin? ‘Tá sé in am don athrú’ téama na hArd-Fheise. An gcreideann an lucht vótála sin?

Deis a bhíonn in Ard-Fheis borradh a chur faoi thacaíocht páirtí. Beidh go leor le rá an deireadh seachtaine faoi chúrsaí ó thuaidh den teorainn. Ainneoin seasamh poiblí an DUP gur míshástacht leis an bprótacal atá á gcoinneáil amach as an bhfeidhmeannas i Stormont, creideann go leor gur doicheall roimh roinnt na cumhachta mar LeasChéad-Aire le Michelle O’Neill is ábhar múisiam dóibh. Bainfear fad agus leithead as cáineadh an DUP i rith an deireadh seachtaine.

Cén chaoi a gcuirfidh Mary Lou McDonald agus a foireann dlús leis an tacaíocht a léirítear sna pobalbhreitheanna? Má ghlacann muid leis nach mbeidh olltoghchán ann go ceann dhá bhliain, cén seans go ndéanfar botún, mar a rinne Eoin Ó Broin agus é ag trácht ar státseirbhísigh le gairid? Caithfidh Sinn Féin a chinntiú nach dtugann siad deis do na páirtithe eile iad a ionsaí arís agus arís eile. Tapóidh páirtithe an rialtais aon deis le hiad a cháineadh ar mhaithe le haird a bhaint den teannas ina measc féin.

Níor mhaith liom gur ar mo chrann a thitfeadh sé óráid Uachtarán Shinn Féin a dhréachtú amárach. Cén chaoi a dtagann tú i dtír ar theachtaireacht sciar réasúnta den phobal – ‘tacaím le Sinn Féin agus ba mhaith liom iad a fheiceáil i rialtas ach ní anois é’.

Tá go leor bearnaí, is léir, sa teachtaireacht atá acu go fóill i súile na vótóirí.

Fág freagra ar 'Is léir go bhfuil go leor bearnaí go fóill i dteachtaireacht Shinn Féin'

  • Antóin

    Seo an páirtí a ghríosaigh an rialtas chun gnímh nuair a bhí muintir na hÉireann ag fulaingt. Seo an páirtí nár labhair amach nuair nár tugadh cead do dhaoine dul isteach i mbialanna ná i dtithe tábhairne gan phas. Seo an dream a bhí ag iarraidh ár muintir féin a choinneáil faoi ghlas in óstáin. Seo an dream a bhí ina mbéal gan smid nuair a bhí seandaoine i dtithe altranais gan mórán altranais, an dream a thacaigh leis an rialtas nuair a bhí seandaoine in ursain an bháis sna tithe sin gan sagart, gan ghaolta, gan chairde. Seo an dream nach dtuigeann cad is náisiún ann a thuilleadh. Ná déanaimis dearmad.

    Stickies Féin! D’fhág siad Sinn Féin ina ndiaidh blianta ó shin. Go n-ídí muintir na hÉireann a bhfearg orthu ag na doirse an chéad uair eile.