‘Is iontach an scéal é’ – fianaise ag NPHET go bhfuil an vacsaín ag obair

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 35 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris agus gur deimhníodh 613 cás nua den ghalar

‘Is iontach an scéal é’ – fianaise ag NPHET go bhfuil an vacsaín ag obair

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET tráthnóna go bhfuil fianaise láidir ann, más luath féin é, go bhfuil an vacsaín ag obair agus ag cosaint daoine ón Covid-19 agus ón mbás.

“Dea-scéal amach is amach é seo,” a dúirt sé. B’údar mór dóchais iad na figiúirí a bhaineann le hoibrithe sláinte agus daoine in ionaid altranais, a dúirt Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann.

Dúirt an tOllamh Nolan go bhfuil laghdú mór tobann tagtha ar líon na gcásanna agus líon na mbásanna in ionaid altranais i gcomparáid leis an gcuid eile den phobal. Tá laghdú tobann tagtha chomh ar líon na gcásanna i measc oibrithe sláinte, an dream eile is mó bhfuil an tsnáthaid faighte acu.

De réir na bhfigiúirí is déanaí thit líon na gcásanna den ghalar in ionaid altranais ó 1,250 go dtí 200 in imeacht trí seachtaine.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, gur “fianaise láidir luath” é seo go bhfuil na vacsaíní ag obair.

Dúirt an Dr Lucy Jessop, stiúrthóir na hOifige Náisiúnta Imdhíonta, go raibh tionchar mór cheana féin ag an vacsaín ar oibrithe sláinte.

“An tseachtain dheireanach i mí Eanáir, tholg beagnach 1,400 oibrí sláinte an Covid-19. Níos lú ná 300 a bhí ann an tseachtain seo caite.

“Is iontach an scéal é seo agus léiriú soiléir é ar an tionchar a bhí go luath ag an gclár vacsaínithe.”

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 35 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris.

I mí Feabhra a bhásaigh 21 de na daoine sin, bhásaigh 12 duine acu an mhí seo caite, bhásaigh duine amháin acu mí na Samhna agus tá bás duine eile fós á fhiosrú.

Líon na Marbh
Ó Dheas 4,271
Ó Thuaidh 2,048
Iomlán 6,319
Líon na gCásanna
Ó Dheas 217,478
Ó Thuaidh 111,932
Iomlán 329,410

613 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

591 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, laghdú 61 ó inné, agus bhí 138 acusan in ICU.

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 226,291 duine agus an dara dáileog faighte ag 133,325 duine.

Bhain 37 de chásanna an lae inniu le contae na Mí, 26 cás a bhain le Gaillimh, 24 cás a bhain le Dún na nGall agus 24 cás eile a bhain le Corcaigh. Deich gcás nua a bhí i bPort Láirge, ocht gcás a bhí i Maigh Eo agus seacht gcás a bhí i gCiarraí.

Thit an meánráta coicíse sa stát go dtí 226 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an dara ráta is airde sa stát i nGaillimh (315). Is i gCiarraí atá an ráta is ísle sa stát (37) agus tá an dara ráta is ísle i gCorcaigh (81).

Ráta 248 atá i bPort Láirge, 245 atá i Maigh Eo, 235 atá i gcontae na Mí agus 165 atá i nDún na nGall.

Dúirt an Dr Philip Noaln go raibh “dul chun cinn suntasach á dhéanamh againn go seasta, cé go bhfuil sé moillithe”. Tá an ráta scaipthe faoi 1 i gcónaí, idir 0.6 agus 0.9, agus “éacht” é sin nuair a chuirtear san áireamh a thógálaí atá an cineál B.1.1.7 den víreas, an cineál atá ar 90% de na daoine faoi láthair.

“Tá tionchar dearfach ag na hiarrachtaí atáimid ar fad a dhéanamh le scaipeadh an ghalair a laghdú go dtí leibhéal a mbeifí in ann déileáil leis. Má choinníonn muid orainn ag obair as lámha a chéile, féadfaimid a chéile a choinneáil slán agus beidh cosaint le fáil go forleathan a bhuíochas don chlár vacsaínithe,” arsa Nolan.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil cúigear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 281 cás nua den ghalar ansin tráthnóna. 341 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ó thuaidh inniu agus bhí 44 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 491,593 duine ó thuaidh agus an dara ceann faighte ag 31,637.

6,319 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,048 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,271 duine ó dheas di.

329,410 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 217,478 cás ó dheas den teorainn agus 111,932 cás ó thuaidh di.

 

Fág freagra ar '‘Is iontach an scéal é’ – fianaise ag NPHET go bhfuil an vacsaín ag obair'