Is iontach an rud an tsaoire teaghlaigh… ag breathnú siar uirthi

Bíodh sí i gConamara nó i gCiarraí, ní bhuailfeadh rud ar bith an tsaoire nuair a bhíonn sí ar fad thart

Is iontach an rud an tsaoire teaghlaigh… ag breathnú siar uirthi

Ceapaim gur mó taitneamh atá le baint as an tsaoire teaghlaigh agus tú ag breathnú siar uirthi ná mar a bhaintear aisti agus í ar bun.

Ní bhuailfeadh rud ar bith an tsaoire nuair a bhíonn sí ar fad thart agus tú cumhdaithe isteach go teolaí i do theachín beag féin arís.

Is iontach a bheith ag súil leis an tsaoire agus is breá a bheith ag cuimhneamh siar uirthi, ach is í an tréimhse sin sa lár agus tú ar saoire atá beagáinín trioblóideach.

Thug muid aghaidh ar thuaisceart Chonamara an tseachtain seo caite ar an Líonán, an Caoláire Rua agus ceantar an Chlocháin.

Níl a fhios agam an bhfuil áit ar bith ar domhan atá chomh hálainn leis.

Anois, tá a fhios agam go mbeidh muintir Chiarraí agus Dhún na nGall ag maíomh go bhfuil áiteanna níos deise acu féin, ach ní ligfeadh an dílseacht ná an grá dom aontú leo.

Rinne bean as Conamara faoistin liom uair éicint agus í díreach ar ais óna céad chuairt ar chontae Chiarraí.

D’fhiafraigh mé di cén chaoi ar éirigh léi ar a turas, dúirt sí, “maithfidh Dia dom é, ach tá mé a cheapadh go bhfuil sé beagnach chomh deas céanna le Conamara”.

Ní chuirfinn aon ainm leis an ráiteas sin, mar gur dúradh é go discréideach liom agus i gcogar ar thóir maithiúnais (is dóigh nár cheart dom é a chur i gcló!).

Ag cuimhneamh siar ar an turas an lá cheana, bhí an-lá againn is tá dearmad déanta agam go raibh muid leathbháite ag na ráigeanna báistí is curtha soir ag na hargóintí i gcúl an chairr (nó tabhair lá nó dhó eile dom agus beidh dearmad déanta agam air).

Thug dhá ghrúpa againn cuairt ar an ionad eolais olla, an Sheep and Wool Centre ar an Líonán áit ar thug Séamus Kirwan taispeántas dúinn faoi stair na fíodóireachta. Foirgneamh beag cloiche atá ann ina bhfuil siopa, caifé agus seomra mór ina bhfuil samplaí le feiceáil de sheanseolta fíodóireachta agus próistí nó sníomhairí le snáth a dhéanamh as an olann. Déanann Kirwan cur i láthair ceithre huaire sa ló faoin bhfíodóireacht agus cén chaoi a ndéantaí snáth as olann san am a caitheadh.

Bhí an seomra fúinn féin againn, is maith an lá go raibh ós rud é nár thuig leath an ghrúpa – iad sin a bhí faoi bhun cúig bliana d’aois – cén t-údar a bhí leis na rópaí a bhí timpeall ar na seolta ar fad, ná go raibh tú in ainm is fanacht taobh istigh de na cearnóga buí a bhí marcáilte ar an urlár le téip leictreach. Beidh an dath buí ceangailte go brách i m’intinn le Covid-19.

Chaith muid cuid mhaith den chur i láthair ag dul i ndiaidh an chuid sin den ghrúpa atá tosaithe ag lámhacán is a bhí ag iarraidh dreapadh ar an sníomhaire, an olann a ithe amach as an taispeántas agus barróga a thabhairt don Uasal Kirwan (an fear is foighdí in Éirinn). Sconsa leictreach a theastaigh dháiríre.

Lá nó dhó eile is ní chuimhneoidh mé ach ar an ngáire a rinne muid is go raibh an ghrian ag scairteadh amach idir an mhúraíl.

Fág freagra ar 'Is iontach an rud an tsaoire teaghlaigh… ag breathnú siar uirthi'