Is ionann ionsaí ar shiopa leabhar agus ionsaí ar chuile léitheoir agus ar chuile scríbhneoir

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tá cuma amaitéarach amach is amach ar an mbuíon faisisteach a rinne ionsaí ar shiopa leabhar sóisialach Bookmarks i Londain seachtain ó shin – ach ná cuirimis an dallamullóg orainn féin

Is ionann ionsaí ar shiopa leabhar agus ionsaí ar chuile léitheoir agus ar chuile scríbhneoir

Seoid bheag is ea siopa leabhar Bookmarks i gcathair Londan, i gcroílár cheantar litríochta Bloomsbury – go deimhin, is é 1 Bloomsbury Street an seoladh. Buailim isteach uair ar bith a bhím i Londain. Tá seomraí suí feicthe agam atá níos fairsinge, ach mianach óir é Bookmarks don té a bhfuil spéis aige i leabhair neamhfhicsin.

‘An Siopa Leabhar Sóisialach’ an mana atá ag Bookmarks ach chuirfeadh duine ar bith a mbeadh suim aige i stair an (iar-)choilíneachais, i gcúrsaí imirce agus inimirce, i gcearta na mban, i gcúrsaí LADT, nó go deimhin i gcúrsaí eacnamaíochta spéis sna leabhair a bhíonn ar díol sa siopa.

Tráthnóna Dé Sathairn seo a chuaigh thart, nuair a bhí an fhoireann ar tí an siopa a dhúnadh, rinne drong bheag fhaisisteach ionsaí ar Bookmarks. Bhí masc d’aghaidh Donald Trump á chaitheamh ag duine amháin, bhí caipíní cispheile leis an mana ‘Make Britain Great Again’ á gcaitheamh ag cuid eile agus bhí comharthaí ar a raibh roisc chatha na heite fíordheise á gcrochadh in airde ag cuid eile acu. Rinne an bhuíon imeaglú ar fhoireann an tsiopa, ach ar ámharaí an tsaoil, níor gortaíodh éinne.

físeán den eachtra ar fáil ar YouTube a chuir fonn gáire orm thar aon rud eile – tá cuma chomh hamaitéarach agus chomh neamheagraithe sin ar an dream atá i mbun an ionsaithe go mbeadh cuma phroifisiúnta ar chleas an Bhreatimeachta lena n-ais – ach ná cuirimis an dallamullóg orainn féin: buíonta bruíne mar seo a réitigh an bealach do na Naitsithe sna 1930í, mar a mheabhraíonn David Gilchrist, úinéir Bookmarks, dúinn in alt tuairimíochta leis ar an Guardian.

Tá mórimeacht tacaíochta beartaithe i siopa Bookmarks tráthnóna inniu. Dá mbeinn i Londain bheinn ann. Ní hamháin gur ionann ionsaí ar shiopa leabhar amháin agus ionsaí ar gach aon siopa leabhar, ach is ionann ionsaí ar shiopa leabhar agus ionsaí ar chuile scríbhneoir agus ar chuile léitheoir.

Fág freagra ar 'Is ionann ionsaí ar shiopa leabhar agus ionsaí ar chuile léitheoir agus ar chuile scríbhneoir'

  • Mise Áine

    Bulaíocht den chéad ghrád… #MórAnNáire