Is iomaí sin ceist a bhíonn ag leanaí don scríbhneoir

Bhí ár gcolúnaí ag aireachtáil ar nós carachtar as pictiúrleabhar, fathach scríbhneora ag trampáil thart ó áit go háit 

Is iomaí sin ceist a bhíonn ag leanaí don scríbhneoir

Tá tú mór millteach!,’ a deir leaidín i rang a haon liom is mé istigh ar cuairt ar a rang ag déanamh ceardlann scríbhneoireachta do Lá Domhanda na Leabhar.

An bhfuil?’ a deir mé.

Tá!’ a deir sé.

An scríbhneoir thú?’ a dfhiafraigh sé díom ansin. 

Tá mé a cheapadh gurb ea,’ a deir mise, an raibh tú ag éisteacht le do mhúinteoir ar chor ar bith?’ a dfhiafraigh mé dhe is mé ag gáire, nach hin é an fáth go bhfuil mé anseo ar cuairt agaibh.’

‘Ó sea!’ a deir sé. An bhfuil cead agam an fhírinne a insint duit?’ a dfhiafraigh sé díom.

Níl a fhios agam,’ a deir mé, braitheann sé.’

Lean sé air, ní raibh mé ach leath ag éisteacht léi mar bhí mé ag ithe mo lóin.’

Tá sé sin togha, tá an lón é fhéin tábhachtach,’ a deir mé leis,’le go bhfásfaidh tú suas breá láidir.’

An bhfuil chuile scríbhneoir chomh mór leatsa?’ a dfhiafraigh sé díom ansin.

Thosaigh mé ag aireachtáil ar nós carachtar amach as pictiúrleabhar nó scéal ón mbéaloideas, fathach scríbhneora ag trampáil thart ó áit go háit ag scéalaíocht. Sula raibh deis agam é a fhreagairt thosaigh a chomrádaí a bhí suite lena thaobh ag cur leis na ceisteanna.

Léim sé amach as a shuíochán mar a bheadh lasair buailte air, sheas sé suas i lár an urláir is a dhá dhoirnín ar na corróga air agus dfhiafraigh sé díom, Cén chaoi a bhfuair tú chomh mór?’

Bhí mé ag luí isteach ar mo shaol nua mar fhathach ón mbéaloideas faoin am seo.

Séard a tharla,’ a deir mé, ná fadó fadó bhíodh mé ag ithe mo chuid glasraí ar fad chuile lá. Is dfhás mé agus dfhás mé agus dfhás mé. Ar deireadh bhí faitíos orthu go raibh mé a‘ gabháil a’ fás amach as an teach ar fad is go mbeadh orthu teach nua a dhéanamh dom.’

Ní raibh aon mhuinín aige as mo scéal. Má tá sé sin fíor, cén chaoi ar stop tú ag fás ansin?’ a dfhiafraigh sé díom.

Ceist mhaith!’ a deir mise. Oíche amháin chuaigh mé a chodladh agus d’éirigh mé lá arna mhárach agus bhí mé stoptha ag fás agus níor fhás mé aon orlach ó shin!’

Ar stop tú ag ithe do chuid glasraí?’ a dfhiafraigh cailín sa rang díom agus na poill i mo scéal aimsithe go beacht aici.

Níor stop,’ a deir mé go machnamhach. Níl a fhios agam beo cén fáth gur stop mé ag fás, ach lá amháin stop mé agus bin deireadh leis.’

Is maith an rud gur stop tú ag fás nó ní bheadh tú in ann a theacht isteach go dtí an scoil ar chor ar bith,’ a deir an buachaill.

Tá an ceart ar fad agat ansin,’ a deir mé leis.

Níl mé anseo le dul ag caint faoi sin ar chor ar bith,’ is mé ag iarraidh imeacht ó cheist na nglasraí. ‘Bhí mé ag iarraidh insint daoibh faoin rí a raibh na cluasa capaill air.’

An bhfuil an scéal sa leabhar sin?’ a dfhiafraigh an t-urlabhraí beag díom agus é ag pointeáil ar an leabhar a bhí ar iompar agam.

Tá,’ a deir mé.

Cén chaoi a bhfuair sé na cluasa capaill?’ a dfhiafraigh sé díom.

Bhuel, níl mé céad fán gcéad cinnte, ach tá tuairim agam,’ a deir mé leis.

Chonaic mé lámh an bhuachaillín eile ag preabadh san aer agus ceist phráinneach aige.

An bhfuil cluasa capaill ortsa?’ a dfhiafraigh sé díom agus é corraithe.

Fág freagra ar 'Is iomaí sin ceist a bhíonn ag leanaí don scríbhneoir'

  • Pól Ó Braoin

    Ar an urlár ag gáire… Lean ort a Bhríd a stór is léas solais sa dorchadas thú bail ó Dhia ort…