Is iomaí cor agus casadh bhí i 100 lá den chogadh san Eoraip 

Le trí seachtaine anuas tá cúrsaí an chogaidh athraithe go hiomlán in Donbas

Is iomaí cor agus casadh bhí i 100 lá den chogadh san Eoraip 

Is iomaí cor agus casadh a tharlaíonn sa chogadh agus tar éis 100 lá cogaíochta is beag difríocht idir an cogadh san Úcráin agus cogaí cearta eile. Ag tús an chogaidh tuairiscíodh gur mheas na Gearmánaigh go nglacfadh na Rúisigh seilbh ar phríomhchathair na hÚcráine, Kyiv, laistigh de chúpla uair an chloig. Mheas tíortha eile go mbeadh sí faoi sheilbh na Rúiseach laistigh de chúpla lá. Ach faoi dheireadh mhí an Mhárta cuireadh stop le hionsaí na Rúiseach ar an gcathair agus b’éigean dóibh tarraingt siar ón gcath sin chun díriú ar Donbas san oirdheisceart.

Dhírigh siad ar an mboilsc talún nach raibh ina seilbh acu idir cathracha Severodonetsk agus Kramatorsk in Donbas chun trúpaí de chuid na hÚcráine a thimpeallú. Ar feadh níos mó na sé seachtaine níor éirigh leo mórán dul chun cinn a dhéanamh sa láthair chogaidh seo. Níos faide ó thuaidh bhí orthu éirí as an gcath chun seilbh a ghlacadh ar chathair Kharkiv mar gheall ar na frithionsaithe a rinne na hÚcránaigh orthu.

Bhí an chuma ar chúrsaí go raibh na Rúisigh céim ar gcúl anois agus go raibh na hÚcránaigh ag dul céim chun tosaigh. Cuireadh leis an measúnú seo nuair a theip orthu Abhainn an Seversky Donets in Donbas a thrasnú. Tugadh ceann de na buillí ba mheasa sa chogadh dóibh nuair a chaill siad grúpa oirbheartaíochta cathláin ina iomláine agus iad ag déanamh iarracht an abhainn chéanna a thrasnú sa dara seachtain de mhí na Bealtaine. Measadh ag an am go raibh cumhacht arm na Rúise san Úcráin ag lagú.

Cúrsaí athraithe

Le trí seachtaine anuas tá cúrsaí athraithe go hiomlán in Donbas. D’fhill na Rúisigh ar a dteagasc míleata agus an chumhacht airtléire. D’éirigh leo feabhas a chur ar a gcuid teaicticí agus bhí siad in ann i bhfad níos mó gunnaí móra a chomhchruinniú i gceantar níos lú. 

Anois seolann siad ionsaithe airtléire agus díreach ina dhiaidh sin cuireann siad fórsaí taiscéalaíochta ar aghaidh chun fórsaí na hÚcráine a aimsiú ar an talamh. Tarraingíonn siad siar ansin agus toisc go bhfuil i bhfad níos mó gunnaí móra comhchruinnithe acu is féidir leo ionsaithe airtléire fíochmhara eile a dhéanamh ar na fórsaí atá aimsithe acu. Sa chaoi sin d’éirigh leo níos mó talún a ghabháil beagán ar bheagán go háirithe anoir i dtreo chathair Severodonetsk. 

Níl mórán freagraí ag na hÚcránaigh ar na hionsaithe airtléire seo toisc go bhfuil i bhfad níos lú gunnaí móra acu agus caithfidh siad a gcuid armlón a chaomhnú mar gheall ar easpa soláthair. Cé gur chuir na Meiriceánaigh gunnaí móra ar fáil dóibh ní raibh na gunnaí seo feisithe le píosa trealaimh chun an lámhach a dhéanamh níos cruinne agus níos tapa. Dá mbeadh an trealamh seo ar na gunnaí bheadh i bhfad níos lú armlóin ag teastáil. 

Ach b’fhéidir gurbh é an rud ba shuntasaí a tharla le trí seachtaine anuas ná gur éirigh leis na Rúisigh briseadh trí línte cosanta na nÚcránach timpeall chathair Popansa i ndeisceart na boilsce talún. Bhí suíomhanna cosanta ullmhaithe roimh ré ag na hÚcránaigh in Popasna agus sna bailte máguaird. Rinne na Rúisigh ionsaithe bréige ar Popasna agus na bailte eile sa cheantar agus d’éirigh leo na príomhionsaithe a dhéanamh sna bearnaí idir na bailte. Sa chaoi sin d’éirigh leo briseadh tríd agus a n-aghaidh a thabhairt ar na bóithre soláthair go dtí Severodonetsk. Má éiríonn leo an cur chuige seo a chur I bhfeidhm níos faide siar in Donbas beidh stráice mór talún ar oscailt dóibh san oirthear go dtí abhainn an Dneiper.

Ach faoi láthair tá na hÚcránaigh i bhfíorbhaol in Donbas. Tharraing siad siar ó chathair Lyman, atá ina mhol iompair don cheantar. Meastar go bhfuil Severodonetsk ar tí titim agus tá baol ann go ngearrfar na bóithre soláthair. Má tharlaíonn sé seo déanfar fórsaí de chuid na hÚcráine a thimpeallú. Agus má tharlaíonn an timpeallú beidh cliseadh suntasach a bheidh ann do na hÚcránaigh, go háirithe agus iad ag maíomh go raibh aonaid de scoth an airm lonnaithe sa cheantar. 

Níos measa fós beidh sé mar léiriú nach ndearna ceannasaithe an airm an cinneadh ceart a gcuid trúpaí a chaomhnú agus a tharraingt siar chun cosaintí eile a dhaingniú níos faide siar timpeall Slovyansk agus Kramatorsk. 

Má thiteann Severodonetsk beidh na Rúisigh in ann a mhaíomh go bhfuil cúige Luhansk faoina seilbh. Má éiríonn leo seilbh a ghlacadh ar Slovyansk agus Kramatorsk  beidh siad in ann a mhaíomh go bhfuil cúige Donetsk faoina seilbh a bheag nó a mhór agus mar gheall air seo go bhfuil sprioc Donbas a ghabháil bainte amach acu.

Beidh na hÚcránaigh ag súil nach mbeidh na Rúisigh in ann abhainn an Seversky Donets a thrasnú agus go dtógfaidh siad sos chun athsholáthar a dhéanamh. 

Anuas air seo beidh siad ag súil go mbeidh deis acu oiliúint a fháil ar na roicéid airtléire nua atá á soláthar ag na Meiriceánaigh, ach tógfaidh sé seo thart ar thrí seachtaine. 

Deacrachtaí míleata eile

Ta comharthaí ann anois go bhfuil deacrachtaí míleata agus polaitíochta eile ag na hÚcránaigh. Ó thaobh chúrsaí míleata de, tuairiscítear go bhfuil aonaid áirithe in Donbas ag gearán faoin gcaoi ina bhfuil cúrsaí eagraithe sa cheantar. Mar gheall ar an mbrú ó na Rúisigh bhí ar an arm aonaid de chosantóirí áitiúla, a earcaíodh i gceantair éagsúla chun na ceantair sin a chosaint, a chur ar aghaidh chuig an gcath in Donbas. Tá cuid de na fórsaí seo ag cáineadh nach bhfuil an oiliúint cheart faighte acu agus nach bhfuil airm throma acu chun na Rúisigh a throid. Seoladh físeáin ar na meáin shóisialta ina bhfuil na trúpaí le feiceáil agus iad ag gearán. Tá íomhánna eile sna meáin ina bhfuil mná céile agus máithreacha saighdiúirí le feiceáil agus arm na hÚcráine á cháineadh acu. 

Tá Uachtarán Zelensky tar éis a mhaíomh go bhfuil thart ar 100 saighdiúir ag fáil bháis agus go bhfuil thar ar 500 saighdiúir á ngortú gach lá sa chogadh in Donbas. Ciallaíonn sé seo go bhfuil thart ar 20,000 á ngortú nó á marú in aghaidh na míosa. Is thar a bheith deacair a rá nach mbeidh tionchar diúltach ar mheanma na dtrúpaí agus fiú ar mheanma mhuintir na tíre ag na híomhánna sna meáin agus an méid atá le rá ag an Uachtarán. 

Is comharthaí iad seo go bhfuil arm na hÚcráine in Donbas traochta mar gheall ar an troid agus toisc go bhfuil na Rúisigh ag dul céim chun tosaigh tá an chuma ar chúrsaí nach beidh mórán faoisimh i ndán don Úcráinsa cheantar sa ghearrthéarma ar a laghad. Anuas air sin is féidir leis na Rúisigh soláthairtí míleata a sheoladh ó theorainn na Rúise chun cur leis an gcéim chun tosaigh. 

Deacrachtaí polaitíochta 

Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, tá deighilt maidir leis an tacaíocht ba chóir a thabhairt don Úcráine á hoscailt idir cumhachtaí móra na hEorpa; An Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus tíortha san oirthear (seachas an Ungáir). Tá na hIodálaigh tar éis a mholadh go mbeadh sos cogaidh agus go bpléifí na críocha atá ina n-ábhar achrainn ina dhiaidh sin ach de ghnáth bíonn tionchar nach beag ag na fíricí ar an talamh nuair a thagann sos cogaidh i bhfeidhm. Ag an bpointe seo tá an buntáiste ag na Rúisigh. 

Tá na hÚcránaigh amhrasach faoi na hIodálaigh toisc go meastar go bhfuil thart ar a thrí oiread níos mó ola ón Rúis á cheannach ag roinnt scaglann ola Iodálach ná mar a bhí roimh an ionradh. 

Tá na hÚcránaigh thar a bheith amhrasach faoi na Gearmánaigh chomh maith agus tá cúis leis seo. Gheall na Gearmánaigh tancanna frith-aerárthaí ach dúirt siad nach mbeadh aon armlón ar fáil. Gheall siad maoiniú chun feithiclí armúrtha troda a cheannach ach nuair a chuaigh na hÚcránaigh i dteagmháil leis na déantúsóirí cuireadh in iúl dóibh nach mbeadh na feithiclí ar fáil go ceann bliana. Ansin gheall na Gearmánaigh go seolfadh siad gunnaí móra airtléire chucu ach nach mbeadh siad ar fáil go dtí deireadh mhí Iúil. 

Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil an comhaontú faoin Úcráin idir tíortha na hEorpa ag lagú. 

Faoi láthair tá an cogadh ag dul i dtreo na Rúiseach in Donbas ar a laghad ach is iomaí cor agus casadh a tharlóidh idir seo agus deireadh an chogaidh.

Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'Is iomaí cor agus casadh bhí i 100 lá den chogadh san Eoraip '

  • Eoin Ó Murchú

    Cé gur baolach an rud é brath ar fhaisnéis NATO le dul chun cinn an chogaidh a mheas, tá roinnt tuisceana san alt seo. Ag deire thiar is léir gur leagan eile dena Comhaontaithe Minsk atá ag teastáil dá mbeadh na Rúisigh sásta glacadh leis an méad beag sin anois. Murach sin níl ach tuilleadh bás agus tuileadh scrios in ann don Úcráin.

  • Paula

    Tuairisc rí-shuimiuil ar an gcogadh uaidh Mairtín Ó Duibhir. Beifear ag suil le tuilleadh faisnéise uaidh amach anseo.