Is iomaí cor a bheidh i scéal chraobh iomána na Mumhan fós…

Tá sos coicíse i gcúige Mumhan ach beidh plean ag na Carmannaigh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ghaillimh i gCúige Laighean

Is iomaí cor a bheidh i scéal chraobh iomána na Mumhan fós…

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá sos coicíse á thógaint i gcúige Mumhan agus seans fós sa chomórtas ag na contaetha go léir, cé gur beag seans dáiríre atá ag Port Láirge agus an dá chluiche atá imeartha acu caillte acu. Thit an tóin astu ar fad sna fiche nóiméad deireanach i gcoinne Thiobraid Árann seachtain ó shin. Sa dá chluiche atá imeartha acu bhí tréimhsí i bhfad rófhada ann nár éirigh leo aon scór a fháil agus d’íoc siad go daor as sin.

Tharraing Corcaigh iad féin ar ais sa rás le taispeántas a bhí lán de dhíocas agus spiorad, tréithe a bhíonn in easnamh orthu go rómhinic. Bhí na cúlaithe i bhfad níos fearr ná mar a bhíodar seachtain ó shin agus thaispeáin Bill Cooper a fhiúntas mar chapall oibre i lár an ghoirt.

Is fearr ná beirt é Daniel Kearney a mbíonn lorg a choise ar gach sop féir ar an bpáirc. Bíonn sé ag síorthroid agus déanann sé gach a mbítear ag súil leis ó thosaí idirchontae an lae inniu.  Chomh maith leis sin, bhí Alan Cadogan ar ais ar a sheanléim i ndiaidh dó a bheith gortaithe tamall fada go leor. Tá sé lán le fuinneamh agus tá an-anáil aige. Nuair a bhíonn seisean ag imirt go maith is iondúil gur fearr a bhíonn tosaithe Chorcaí mar aonad.

Ach is iad imreoirí Thiobraid Árann is mó atá sna ceannlínte a bhuíochas den dá thaispeántas thar a bheith cumasach  a chonaiceamar uathu. Bhí a gcuid tosaithe thar a bheith gnóthach agus an sliotar á chaitheamh timpeall eatarthu féinig acu go healaíonta. Léirigh Bubbles Dwyer an ealaín agus an scil atá aige dúinn arís tar éis bliain nó dhó nuair nach raibh sé i mbarr a mhaitheasa. Tá na deartháireacha McGrath, Seamus Callinan, Jason Forde agus Bonner Maher ag imirt ar fheabhas freisin. Ag an bpointe seo, chuirfeadh an cearrbhach cúpla euro orthu le bheith ar cheann de na foirne a bheidh i gcluiche ceannais an chúige. Agus sin scríofa agam, tuigim gur dóigh go dtarlóidh cor nó casadh eile roimh Dhomhnach an chluiche ceannais.

Bhí imirt Luimnigh sách meirgeach an tseachtain seo caite agus fágann an cluiche sin a chaill siad i gcoinne Chorcaí go bhfuil brú orthu. Go Port Láirge a bheidh siad ag taisteal don chéad chluiche eile agus bheinn ag súil go ndéanfaidh siad an beart an Domhnach sin.

Níl ach cluiche amháin ar siúl amárach nuair a bheidh Loch Garman ar an mbóthar arís agus iad ag dul siar go Staid an Phiarsaigh sa Ghaillimh. Is beag rud dearfach is féidir a scríobh faoin nGaillimh i ndiaidh an chéad cluiche sin acu i gcoinne Cheatharlach. Gan dabht, ba laige iad d’uireasa Dhaithí Burke agus an tosaí iontach, Joe Canning. Ba iad Conor Whelan agus Conor Cooney a rinne an chuid is mó den obair sna tosaithe agus le cúnamh na Mainníneach chun tosaigh rinneadar a ndóthain chun an dá phointe a thabhairt leo. Ní dhéanfaidh a leithéid de thaispeántas cúis amárach mar is cinnte go mbeidh Loch Garman níos fearr ná Ceatharlach.

Deirtear liom go raibh an-choimhlint idir Áth Cliath agus Loch Garman seachtain ó shin, cluiche ina raibh Áth Cliath cúig chúilín chun tosaigh agus gan ach seacht nóiméad fágtha. Ach b’in an dara seachtain as a chéile ar scaoil siad uathu farasbarr a bhí mór go leor. D’éirigh leo cuma níos fearr a chur ar chúrsaí nuair a fuair Seán Moran an cúl cinniúnach deireanach sin agus tá siad fós san chomórtas. Is beag an baol ach gur pointe luachmhar a bheidh sa gceann sin do Loch Garman freisin.

Bí cinnte go mbeidh plean ag na Carmannaigh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ghaillimh agus ní bheidh aon easpa spioraid orthu ach oiread. B’fhearr don Ghaillimh a bheith ullamh dóibh.

Ní chuirfinn aon airgead ar an toradh.

Fág freagra ar 'Is iomaí cor a bheidh i scéal chraobh iomána na Mumhan fós…'