Is iad Tír Eoghain an fhoireann is fearr sa tír agus ceachtanna eile na sraithe

Ocht seachtaine ó shin a thosaigh ceann de na feachtais sraithe ba chinniúnaí le blianta móra fada…

Is iad Tír Eoghain an fhoireann is fearr sa tír agus ceachtanna eile na sraithe

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Anois agus na ba curtha thar abhainn agus formhór na gceisteanna réitithe roimis na tástála ceart craoibhe, b’fhéidir go mbeadh sé tráthúil agus cuí súil a chaitheamh ar a raibh de cheachtanna le foghlaim ón 30ú feachtas sraithe fé urraíocht Allianz – ceann des na feachtaisí ba chinniúnaí le blianta móra fada, mar a dúirt ag a thús ocht seachtaine ó shin.

  1. Is iad Tír Eoghain an fhoireann is fearr sa tír. Cé go ngoilleann sé orm é seo a rá, caithfear a gceart a thabhairt do Thír Eoghain, curaidh Uile-Éireann na bliana seo caite. Nuair ba dhóigh leat ná rabhadar ach ag coimeád an dé ins an tine a lasadar an dtaca seo anuraidh, b’eo thar n-ais leo sa dá chluiche sraithe deireanacha agus fágtar Ciarraí agus Maigh Eo cloíte ag a ngliocas, ag a gcumas agus ag a gcur chuige lasánta a ghaibheann trí chórais chosanta mar a gheobhadh loscadh sléibhe roimh an ghaoth Mhárta. Cheap Ciarraí gurb é Tadhg Morley freagra na ceiste mar chosantóir le cois go dtí’n nDomhnach seo caite. Dhein Tír Eoghain spior spear den dtuairim agus caithfidh Jack O’Connor agus a chriú dul i mbun machnaimh athuair. Le beagán deasaithe agus leasaithe b’fhéidir go léireodh cluichí eile amach anseo gurb é Morley is fearr a sheasfaidh sa bhearna bhaoil ach is beag foireann níos fearr ná Tír Eoghain chun leochaileacht a nochtadh. Beidh a ndóthain cúraim ar Chiarraí é a cheilt arís. 
  2. Níl aon náire san aithris. Tá nach mór fiche bliain ó chas Jack O’Connor fístéip chluiche leathcheannais na hÉireann 2003 dúinn agus dúirt go neamhbhalbh linn gurb í seo an chaid nua, an saol nua agus an múnla nua. Muna dtuigimis san agus muna mbeimis sásta imirt dá réir agus dul céim níosa shia, bheadh thiar orainn, a dúirt sé. Tá an dálta céanna i gceist anois. Tá fear Thír Eoghain, Paddy Tally, gafa aduaidh chun na Ríochta agus soiscéal an chórais chosanta á chraobhscaoileadh aige. In áit na haduaine agus an amhrais, tá aithne agus iontaoibh tagtha ina n-áit. Níl Ciarraí gan cháim, ná baol air, ach chaithfeadh an té is amhrasaí i measc a lucht leanúna géilleadh go bhfuil sé níos deocra bearnaí a aimsiú laistiar de réimse lár páirce Chiarraí anois. Léiríonn na tallies eile, cúil géillte, go bhfuil fianaise ann go bhfuil cosantóirí Chiarraí dulta amach ar shoiscéal an Tuaiscirt.
  3. Is fearr an té a éiríonn ná an té a thiteann. Ba gheall le ceap magaidh le blianta iad i bpóirsí áirithe ach pé ní eile a déarfar fé bhuíon imreoirí Mhaigh Eo na linne seo, n’fhéadfaidh aoinne é a chasadh leo go rabhadar leachta ná leamh. Is cuma leo cé méid babhta a thiteann siad ar an Via Dolorosa atá taistealta chomh minic sin anois acu, éiríonn siad agus tugann siad fé arís. Toisc scata imreoirí a thosnaigh amach ar a n-aistear leo bheith dulta ar féarach, ní hionann iad foireann na bliana 2022 agus 2012 ag Maigh Eo ach fós féin, is cúis iontais le trí bliana anuas dúinn é go bhfuil dhá chluiche ceannais sraithe agus dhá chluiche ceannais craoibhe sroichte in imeacht cheithre bhiaiste (2019, 2020, 2021 agus 2022) caide acu. Beidh siad i bPáirc a’ Chrócaigh Dé Domhnaigh. Ba dhána an mhaise don té a cheapfadh ná beidh siad arís ann i mí Iúil. Tá an painéal neartaithe, an tobar chomh domhain is a bhí riamh agus an dánaíocht ag dul leis an gcoisíocht anois acu. 
  4. Nuair a théann an gabhar ’on teampall, ní stadann sé go dtéann sé ar an altóir. B’éagórach agus ba mhístuama a mheas go bhfuil rás Átha Cliath rite tar éis an fheachtais atá curtha isteach acu ach tá tamall ó bhíodar chomh leochaileach. Bhí na comharthaí ann ó thús na sraithe sa tslí go raibh tosaithe Ard Mhacha ag ramhrú ar a leochaileacht. Bhí laigí Átha Cliath, déithe beaga na caide le blianta anuas, á ngríosú agus á misniú chun dánaíochta agus tiarnúlachta. Ba é a bhailchríoch ar fad Dé Domhnaigh nuair a sheol Jack McCarron Mhuineacháin an chaid le pas gleoite coise thairis an bháideora, Michael Shiel, isteach dá dhara báide. Ní tharlódh san le linn réimeas Cluxton agus ní shamhlófá an daonnacht san ós na déithe tráth. 
  5. Clocha ceangailte agus madraí scaoilte. Is mó rud a chuirfeadh conach ort fé rialacha Chumann Lúthchleas Gael ach tá roinnt acu dulta thar cailc ar fad go dtí seo i mbliana. Is léir anois ná fuil an marc ag comhlíonadh an róil a ceapadh dó sa chluiche. Is léir, chomh maith, gur ar mhaithe le maorlathas agus maisiú mar dhea an cosc atá curtha ar na maoir foirne dul chun páirce agus go bhfuil breis freagrachta ar an ndochtúir agus ar an bhfisio i gcúrsaí cumarsáide le linn an chluiche. Maorlathas agus mór is fiú bun is barr dáileadh na dticéadaí do chluichí móra anois chomh maith. Tá Ticketmaster ina mháistir ar an oibrí deonach inniu agus daoine a thug seirbhís saoil fágtha ar an mbán ag ríomhairí agus pleidhcí próiséis an lae amáirigh. Go bhfága Dia againn David Clifford, áfach, agus gura fada a mhairfidh a fhoighne le hóg agus aosta araon. Ní hé amháin atá foighneach fé bhráid na bhféiníní agus is léir go dtuigeann Clifford agus scata eile an luach a bhaineann leis an nasc idir imreoir, taispeántas agus lucht faire an taispeántais. Scaoil na daoine amach ar na páirceanna – a bpáirceanna. Tá ceacht ansan, leis, ó shraith na bliana 2022 do lucht riartha na gcluichí.       

Fág freagra ar 'Is iad Tír Eoghain an fhoireann is fearr sa tír agus ceachtanna eile na sraithe'

  • Padaí Mac a’tSaoir

    Alt den scoith idir anailís agus shaibhreas Gaeilge

  • Aindí Ó Súileabháin

    Ard alt ansin agat Dara. Is mó ábhar machtnaimh atá leagtha amach agat. Tagaim ar fad leat faoi gliocas agus cumas lucht caide Thír Eoghain.