Is iad teangacha dúchais Cheanada ‘fíorbhunús’ an náisiúin sin

Tugtar léargas ar staid na dteangacha dúchais i gCeanada sa lá atá inniu ann i léarscáil nua a d’fhoilsigh an iris Canadian Geographic le deireanas

Is iad teangacha dúchais Cheanada ‘fíorbhunús’ an náisiúin sin

Is iad teangacha dúchais Cheanada “fíorbhunús” an náisiúin sin agus tá stair ag na teangacha sin a shíneann i bhfad níos faide siar ná an 150 bliain ó bunaíodh Cónaidhm Cheanada, a bhí á ceiliúradh i mbliana ag muintir Cheanada, dar le hollamh le Léann na mBundúchasach in Ollscoil Victoria.

Tugtar léargas ar staid na dteangacha dúchais i gCeanada sa lá atá inniu ann i léarscáil nua a d’fhoilsigh an iris Canadian Geographic le deireanas, ach dúirt an tOllamh Onowa McIvor go bhfuil níos mó i gceist le scéal na dteangacha dúchais i gCeanada ná “staitisticí gruama”.

Tá tuairim is 1.5 milliún bundúchasach i gCeanada agus labhraíonn tuairim is 15% acu a dteanga dhúchais go laethúil.

Feictear ar an léarscáil na háiteanna éagsúla ina labhraítear an 60 teanga dhúchais i gCeanada. Tá na teangacha sin rangaithe in 12 grúpa teanga – 10 dteanga de chuid na gCéad Náisiún, teangacha na Métis, pobal bundúchasach a labhraíonn meascán den Fhraincis agus teangacha dúchais, agus teangacha na nIonúc, pobal atá ina gcónaí i bhfíorthuaisceart na tíre agus atá an-difriúil ó thaobh teanga de leis an bpobal ó dheas.

Tá formhór mór na dteangacha i mbaol mór dar le UNESCO agus níl ach trí theanga den 60 atá áirithe ar an léarscáil teangacha atá ‘sábháilte go maith’ de réir na heagraíochta idirnáisiúnta sin. Is iad sin an Chraís, an Ionúitis agus an Óisibis. Tá an Ghaeilge ar liosta na dteangacha atá i mbaol ag UNESCO freisin.

Cé gur Craíoch í an tOllamh McIvor, níor fhoghlaim sí teanga a sinsear go dtí go raibh sí fásta. Dúirt sí go ndearnadh go leor dochair do theangacha dúchais a tíre san am a caitheadh ach go bhfuil glúin nua anois á tógáil a bhfuil teangacha na mbundúchasach mar theanga dhúchais acu.

“Le mo linn féin, tá glúine nua á bhfeiceáil agam atá á dtógáil mar chainteoirí dúchais mar gheall ar an dua a chuir a dtuismitheoirí orthu féin a dteanga shinseartha a fhoghlaim,” a dúirt sí.

Tá staidéar déanta ag McIvor ar athbheochan teanga ar fud Cheanada agus deir sí go bhfuil ag éirí go maith le go leor clár teanga, cláir atá á reáchtáil ar thearmainn na mbundúchasach, sna cathracha, i gcumainn na mbundúchasach, agus i scoileanna na tíre. Deir sé go bhfuil ag éirí go maith chomh maith leis na “neadacha teanga” — ionaid atá cosúil le naíonra atá dírithe ar shealbhú teanga.

Deir McIvor gur le pobal uile Cheanada a bhaineann ceist na dteangacha dúchais seachas le pobal na mbundúchasach amháin.

“Má thugann tú ‘Ceanadach’ ort féin, is cuid de d’oidhreacht iad na teangacha dúchais, fiú murar duine bundúchasach tú féin. Nuair a lonnaigh na hEorpaigh anseo ar dtús, ba náisiún ilteangach é Ceanada agus d’fhoghlaim agus labhair na chéad Eorpaigh teangacha na mbundúchasach chomh maith le teangacha a chéile,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Is iad teangacha dúchais Cheanada ‘fíorbhunús’ an náisiúin sin'

  • Críostóír

    Is alt iontach suimiúil seo. Ní amháin an neart teanga dúchais a labhraítear i gCeanada, ach na grúpaí teangacha atá ann fosta. Sílim go bhfuil tuairimí Mhic Íomhair faoi theangacha dúchasacha agus Ceanadaigh neamh-dhúchasach. Mar atá fhios againn mar Ghaeil, ní cineál cumarsáide amháin teanga ar bith, ach tá neart eolais, cultúir agus dúchais nasctha leo.