Is iad Baile Átha Cliath ‘All-England champions’ na peile dar le Sky Sports News

Ar Sky Sports News ar maidin dúradh gurb iad seaimpíní na hÉireanna Baile Átha Cliath ‘the All-England champions’

o-SEPP-BLATTER-QUEER-facebook
Mike Wedderburn, Sky Sports News

Is minic go mbíonn olc ar Éireannaigh nuair a dhéanann ár gcomharsana i Sasana cur síos ar dhaoine cáiliúla ón tír seo mar laochra de chuid na Breataine.

Ach is measa fós an scéal ar maidin agus iarracht déanta ag Sky Sports News craobhchomórtas peile na hÉireann a sciobadh uainn.

Agus é ag léamh mír nuachta faoi na gradaim All Stars ar maidin, dúirt an láithreoir nuachta Mike Wedderburn gurb iad Baile Átha Cliath ‘the All-England champions’ is mó a raibh ainmniúcháin faighte i mbliana acu. Faraor, ní hé seo an chéad uair ag Sky Sports, a bhfuil na cearta acu chun cuid de chluichí na gcraobhchomórtas a chraoladh, a leithéid de bhotún a dhéanamh. Níos luaithe i mbliana, dúirt David Garrido ar Sky Sports gur bhuaigh Cill Chainnigh an “All England title’ don 35ú huair anuraidh.

Fógraíodh ainmniúcháin na ngradam All-Stars 2015 níos luaithe ar maidin, 11 imreoir ó Bhaile Átha Cliath ina measc:

Cúlbáirí: Paul Durcan (Dún na nGall), Brendan Kealy (Ciarraí), Rory Beggan (Muineachán).

Cosantóirí: Frank McGlynn (Dún na nGall), Ryan McHugh (Dún na nGall), James McCarthy (Baile Átha Cliath), Cian O’Sullivan (Baile Átha Cliath), Rory O’Carroll (Baile Átha Cliath), Jonny Cooper (Baile Átha Cliath), Jack McCaffrey (Baile Átha Cliath), Philip McMahon (Baile Átha Cliath), Shane Enright (Ciarraí), Jonathan Lyne (Ciarraí), Keith Higgins (Maigh Eo), Lee Keegan (Maigh Eo), Chris Barrett (Maigh Eo), Vinny Corey (Muineachán), Karl O’Connell (Muineachán), Cathal McCarron (Tír Eoghain), Ronan McNamee (Tír Eoghain), Ronan McNabb (Tír Eoghain).

Lár na Páirce: Neil Gallagher (Dún na nGall), Brian Fenton (Baile Átha Cliath), Anthony Maher (Ciarraí), David Moran (Ciarraí), Tom Parsons (Maigh Eo), Colm Cavanagh (Tír Eoghain).

Tosaithe: Michael Murphy (Dún na nGall), Paddy Andrews (Baile Átha Cliath), Bernard Brogan (Baile Átha Cliath), Ciarán Kilkenny (Baile Átha Cliath), Diarmuid Connolly (Baile Átha Cliath), Seán Quigley (Fear Manach), Donnchadh Walsh (Ciarraí), Paul Geaney (Ciarraí), James O’Donoghue (Ciarraí), Donie Kingston (Laois), Cillian O’Connor (Maigh Eo), Diarmuid O’Connor (Maigh Eo), Aidan O’Shea (Maigh Eo), Conor McManus (Muineachán) Peter Harte (Tír Eoghain), Mattie Donnelly (Tír Eoghain), Seán Cavanagh (Tír Eoghain), Kieran Martin (An Iarmhí)

Ainmneofar na buaiteoirí ag an searmanas bronnta ar an 6 Samhain. Idir an dá linn, seo é rogha ‘foireann na bliana’ ó cholúnaí Tuairisc.ie, Dara Ó Cinnéide.