Is i ‘Limerick’s Little All Ireland’ is mó atá suim anois

Beidh Tobar Phádraig agus Cill Mocheallóg ag dul chun páirce i gcluiche ceannais Luimnigh agus dornán maith de réalta móra na hiomána ag imirt dóibh, an chuid is mó díobh ag ‘An Well’

Is i ‘Limerick’s Little All Ireland’ is mó atá suim anois

Henry Shefflin ainmnithe mar bhainisteoir nua iománaithe na Gaillimhe. By Deaid! Tháinig an scéala sin aniar aduaidh orainn go léir. Mar a deirtear sna meáin ‘Scúp’. Aon seans go mbeadh scúp eile ann an tseachtain seo chugainn faoi Joe Canning?

Ach fágaimis na scúpanna go fóill agus fillimis ar pháirc na himeartha. Nuair a bhí mise i bhfad níos óige ná mar atáim anois bhíodh mórán cainte in ár dtigh in Achadh Bolg an t-am seo bliana faoi ‘Cork’s Little All Ireland’, tagairt do chraobh shinsir iomána an chontae. Táimid tagtha chuig an tráth sin bliana ina lán contaetha anois ach níl an méid céanna cainte faoi chraobh Chorcaí agus a bhíodh. Ach tá mórán suime i ‘Limerick’s Little All Ireland’ a bheidh ar siúl amárach i bPáirc na nGael. Tá ré órga faoi lán seoil sa chontae agus gach cuma ar an scéal nach bhfuil aon deireadh léi agus 2022 ag teannadh linn.

Beidh Tobar Phádraig agus Cill Mocheallóg ag dul chun páirce agus dornán maith de réalta móra na hiomána sa chontae ag imirt dóibh, an chuid is mó díobh i ndathanna ‘An Well’.

Nuair a thosnaigh mé ag imirt na hiomána sinsir sna seachtóidí, agus i rith mo shaoil iomána sinsir ar fad, bhí Tobar Phádraig i mbarr a réime agus iad buacach sa chontae i 1977, ’79, ’82, ’83, ’84, ’87 agus ’88. Dar ndóigh tá scór craobh shinsir contae ar fad acu, an ceann deireanach in 2019. Bhí ainmneacha Phil is Richie Bennis agus Seán Foley ó fhoireann bhuacach Luimnigh i 1973 ar eolas againn go léir agus ina dhiaidh sin bhí Leonard Enright ina réalt amar aon le Gary Kirby agus rí na ríthe é féinig Ciarán Carey. Dar ndóigh tá an choróin sin goidte ó Carey ag a nia, Cian Lynch agus é ar an ngearrliosta d’iománaí na bliana den dara huair as a chéile.

Agus ar fhoireann 2021 ‘An Well’ tá Lynch, Diarmaid Byrnes agus Aaron Gillane, triúr atá ionann is cinnte a bheith ar fhoireann All Stars na Bliana.

Bhuadar ar sheaimpíní 2020, na Piarsaigh, coicís ó shin agus iad cúig chúilín chun cinn ag an deireadh.

Rompu sa chluiche ceannais tá Cill Mocheallóg, a bhfuil aon chraobh chontae déag buaite acu, an ceann deireanach in 2014. Ba iad freisin a bhí ina dtánaistí ag na Piarsaigh in 2017. Níor thosnaigh aon imreoir ón gclub i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana ach dar ndóigh, tháinig Graham Mulcahy isteach mar ionadaí agus thug leis a thríú bonn uile-Éireann an lá stairiúil sin. Bhí an cúl báire Barry Hennessy, Aaron Costelloe agus Robbie Hanley i measc na bhfear ionad don chontae i mbliana freisin.

Tá iar-roghnóir buacach agus bainisteoir chontae an Chláir, Tony Considine mar bhainisteoir acu agus éacht déanta aige le blianta fada go leor. Ach is é Oisín O Reilly an réalt ar pháirc na himeartha, fear a fuair seacht gcúilín ón imirt sa chluiche ceathrú ceannais i gcoinne South Liberties agus dhá chúl agus ceithre chúilín sa cluiche leathcheannais i gcoinne Dhún Bleisce. Tá iar-réalta an chontae Gavin O’Mahony agus Paudie O’Brien fós ag imirt agus Paddy O’Loughlin ina chaptaen.

Ach tá na réalta móra ag Tobar Phádraig agus ba dheacair a rá nach acu a bheidh an bua. Is iad atá mar rogha mhór na coitiantachta ag na geallghlacadóirí agus mura gceansaíonn Cill Mocheallóg Lynch, Byrne, Gillane agus na deartháireacha O’Brien, beidh siad faoi bhrú damanta sa chluiche seo.

Ach de réir mo chuid foinsí i measc saineolaithe na hiomána i Luimneach, níl Cill Mocheallóg gan seans. Tá lántosaithe a bhfuil taithí iontach acu – Graham Mulcahy, Gavin O’Mahony agus Kevin O’Donnell. Agus má fhaigheann siad an soláthar ó Aaron Costelloe (má imríonn sé i lár an ghoirt) agus Robbie Hanly, beidh seans acu. Mar aon leosan tá tosaithe cumasacha acu – O’Reilly, Micheál Houlihan agus David Woulfe.

Beidh coimhlint shuimiúil againn déarfainn.

Murar féidir a bheith i láthair beidh sé le feiceáil agat ar TG4.

Fág freagra ar 'Is i ‘Limerick’s Little All Ireland’ is mó atá suim anois'