Is i gcomórtas na scoileanna a chualathas trácht den chéad uair ar chuid de laochra mór na lúthchleasaíochta

Spórt don duine aonair den chuid is mó is ea an lúthchleasaíocht agus sin an fáth go bhfaigheann scoileanna beaga deis i gcomórtais na gcoláistí

Is i gcomórtas na scoileanna a chualathas trácht den chéad uair ar chuid de laochra mór na lúthchleasaíochta

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

I lár na seachtaine seo sháraigh lúthchleasaí óg Dhroichead na Bandan, Phil Healy, curiarracht náisiúnta na hÉireann sa rás 100 méadar sular thug sí aghaidh ar an nGinéiv, áit a mbeidh sí san iomaíocht sna rásaí 200m agus 400m in ollchomórtas idirnáisiúnta.

Ainneoin a gaisce sa rás is giorra i Seantrabh is iad na rásaí is faide ná sin is ansa léi.

Lúthchleasaí eile fós í Healy a tharraing clú uirthi féin agus í ina dalta meánscoile nuair a bhuaigh boinn óir ag Craobhacha na Scoileanna in 2012 agus in 2013.

Is ag an leibhéal sin freisin a chualathas trácht den chéad uair ar Ronnie Delaney (800 slat 1952 agus ’53); Éamonn Coghlan (1500m 1971); Jamie Ó Coistín (Siúl 3000m 1994 agus ’95); Rob Heffernan (siúl 1996 agus ’97); Fionnuala Britton (3000m 1992); Sonia O’Sullivan agus Caitríona McKiernan (trastíre 1987 agus ’88) agus go leor eile nach iad.

Go deimhin is ag John Treacy, lúthchleasaí eile a tharraing cáil ag na Cluichí Oilimpeacha, atá an churiarracht scoile is faide gan sárú. Ní raibh sé ach 17 bliain d’aois nuair a bhuaigh sé an bonn óir ag tráth ina shaol nuair ba ghnách leis rith chun na scoile i gColáiste Áine ar an gCeapach Choinn gach maidin ainneoin sin a bheith 12k ón mBaile Nua mar a raibh cónaí air.

Ní ar thraic na lúthchleas amháin a tharraing daltaí óga a bhuaigh boinn clú agus cáil orthu féin. Tá a leithéid ag Cian Healy (meáchan 2005 agus ’06) agus trí cinn as a chéile ag imreoir rugbaí eile, Victor Costello, sa spórt céanna a bhuaigh seisean idir 1988 agus 1990.

Ní hiad lucht an rugbaí amháin a rinne an gaisce. Bhuaigh iar-iománaí Luimnigh Pat Hartigan bonn óir, mar a rinne an t-iar-aire Rraltais Ruairí Quinn agus tá péire de bharr cliathrásaí 1964 agus ’65 ag iar-uachtarán Choláiste na hOllscoile i nGaillimh Iognáid Ó Muircheartaigh.

Gan amhras beidh tuilleadh le cloisteáil fúthu siúd a bhuaigh boinn ag an gcomórtas náisiúnta meánscoileanna is deireanaí a reáchtáladh ar an Tulach Mhór an deireadh seachtaine seo caite, áit a bhfuil siad á rith anois le hos cionn 25 bliain.

Roimhe sin chaith siad tamaill in Belfield, ar an traic i Seantrabh, ar an Mhuirdíog i gCorcaigh, ar Pháirc Uíbh Eachach agus fiú reáchtáladh cúpla geábh iad ar Pháirc an Dúgánaigh i mBéal Átha na Sluaighe sa tseanaimsir.

Tá na craobhacha seo ar bun le hos cionn 100 bliain agus Corn Choláiste Ríoga na hEolaíochta nó an Science Cup á bhronnadh ó 1916 ar an scoil is fearr a dhéanann i gcomórtas sinsearach na mbuachaillí – bíonn gradam ag dul le chuile roinn do bhuachaillí agus do chailíní. Faigheann buaiteoir comórtais naoi bpointe, seacht gcinn don dara duine, sé cinn don tríú duine agus as sin go dtí an t-ochtú duine a fhaigheann aon phointe amháin. Cuirtear iomlán gach scoil le chéile ansin

Ní nach ionadh is iad Coláiste Bhaile Átha Cliath agus an Tuaiscirt ba mhinice a thug an corn thuasluaite leo – é buaite ag Coláiste Belvedere 16 uair as a chéile gur tháinig an bhliain 2015 nuair a bhain Scoil Phobail Chill Dhéagláin croitheadh astu.

Belvedere a thug an corn abhaile arís leo an bhliain dár gcionn, ach anuraidh ba iad Coláiste Muire chathair na Gaillimhe na buaiteoirí – an chéad uair acu a bheith ar an scoil lúthchleasaíochta do bhuachaillí ab fhearr sa tír agus an chéad uair freisin ag an gcraobh sin a theacht go Connacht le hos cionn 40 bliain.

Go Béal Feirste agus chuig Coláiste Naomh Maolmhaodhóg a chuaigh an corn an deireadh seachtaine seo caite, ach chéad uair freisin ag scoil Bhóthar Aontroma é a bhuachan. Coláiste Chaladh an Treoigh as Luimneach a bhuaigh craobh na gcailíní, comórtas ina raibh Coláiste Dhaibhís, Mala sa dara háit ann agus Coláiste na hUrsalach as Sligeach sa tríú háit.

Spórt don duine aonair den chuid is mó is ea an lúthchleasaíocht agus sin an fáth go bhfaigheann scoileanna beaga deis i gcomórtais na gcoláistí ainneoin neart Belvedere agus a leithéidí.

Is cuimhin liom gur bhuaigh Seán Breathnach as Gairmscoil na bPiarsach i Ros Muc craobh shinsearach chaitheamh an mheáchain i 1997 agus, bail ó Dhia air, is beag bliain ó shin nach bhfuil an bua saothraithe ag Seán, atá ag dul i bhfeabhas de réir mar atá sé ag dul in aois.

Bíonn sé níos deacra ag leithéidí an Bhreathnaigh an lúthchleasaíocht a chleachtadh nuair a fhágann siad an scoil mar nach bhfuil mórán tacaíochta nó clubanna faoin tuath – go háirithe i spórt teicniúil ar nós an chinn a chleachtann seisean.

Níl i gConnachta uilig ach 40 club do dhaoine fásta – tá ceithre cinn lena chois sin i gContae Chorcaí as féin.

Tá an t-eolas go léir ag suíomh idirlín den scoth atá ag Cumann Lúthchleasaíochta na hÉireann www.athleticsireland.ie . Níl a shárú le fáil ó thaobh torthaí seanchomórtais chomh fada siar agus atá an bia sa bhfaocha.

Tá dornán clubanna sa nGaeltacht ach is ag Club Lúthchleas Chonamara amháin atá a ainm cláraithe go hiomlán i nGaeilge – mionlochtú a rá is dóigh go bhfuil na litreacha AC (Athletics Club) ag ceann i dTigh na Laighre sna Déise a bhfuil An Ghaeltacht mar ainm air, ag Lios Tuathail AC, ag an Ríocht, Sliabh Liag agus ceann ar an bPort Nua a bhfuil Tír Chonaill air.

Ní bheadh sé ceart mura mbeadh údar cnáimhseála éicint agam!

Fág freagra ar 'Is i gcomórtas na scoileanna a chualathas trácht den chéad uair ar chuid de laochra mór na lúthchleasaíochta'