Is gránna an scéal é sa 21ú haois go bhfuil pá níos fearr á fháil ag fir

Tá pá na mban 9.6%, ar an meán, níos ísle ná pá na bhfear i dTuaisceart Éireann

Is gránna an scéal é sa 21ú haois go bhfuil pá níos fearr á fháil ag fir

Mná is ea breis is leath an lucht saothair i dTuaisceart Éireann ach ar Lá Idirnáisiúnta na mBan ní údar gaisce é gur mhéadaigh an éagothroime pá le bliain. Tá sciar beag de mhná oibre ar comhthuarastal le fir nó níos fearr as, ach tá na sluaite ar phá chomh híseal go bhfuil siad ag brath ar bhancanna bia agus íocaíochta leasa shóisialaigh. Is gránna an scéal é san aonú haois is fiche agus is boichte an eacnamaíocht de bharr an neamhionannais.

De réir Innéacs 2020 ar mhná oibre (Women in Work Index 2020) bhí pá na mban 9.6%, ar an meán, níos ísle ná pá na bhfear i dTuaisceart Éireann. Tá an t-innéacs bunaithe den chuid is mó ar staidreamh 2018 agus nochtann sé gur mhéadaigh an bhearna ó 8.6% in 2017. Mar sin féin bhí an Tuaisceart ar cheann de na réigiúin san Ríocht Aontaithe leis an mbearna sa phá ba lú.

De réir na tuairisce a chuireann PricewaterhouseCoopers le chéile tá an bhearna sa Phoblacht níos ísle – 7.5% agus rangú idirnáisiúnta na hÉireann ar thábla an OECD ardaithe le cúpla bliain ó 24 go 14. Chuaigh an Ríocht Aontaithe ar gcúl sa tréimhse chéanna ó 13 go 16. Is í an Íoslainn is fearr a chruthaigh maidir le cumhachtú na mban agus An tSualainn, An tSlóivéin, an Nua-Shéalainn agus Lucsamburg sna sála uirthi.

Thuairisc Coimisiún Comhionannais an Tuaiscirt an mhí seo caite gur mná iad 51.8% den lucht saothair. Sciar mór, 65.8%, den fhórsa oibre san earnáil phoiblí is mná iad ach ní mná ach 45.2% de na hoibrithe san earnáil phríobháideach. De réir an innéacs ó PwC saothraíonn mná 3% níos mó ná fir sna seirbhísí poiblí ach tá bearna ollmhór san earnáil phríobháideach mar a bhfuil pá na mban 16% ar gcúl.

Bhí cumhachtú eacnamaíochta na mban i measc na spriocanna a leagadh síos sa mhargadh athnuachana do Stormont. Gealladh beartais chun rannpháirtíocht na mban sa lucht saothair a éascú. Ina measc, bheadh straitéis chomhionannais inscne agus plean do chúram agus luathoideachas leanaí.

Conas a thabharfaidh Stormont faoin ngnó práinneach sin? An mbeidh sé i measc na dtosaíochtaí i bhfianaise na ndeacrachtaí airgid a bhfuil na páirtithe ag gearán fúthu go seasta? Tá £660 milliún sa bhreis á éileamh ag Conor Murphy, an tAire Airgeadas, chun coinneáil ag imeacht a deir sé gan trácht ar aon bheart nua. An mbeidh siad in ann a theacht ar sheift chun éagothroime a chealú, go dearfach.

Cé go raibh méadú ar an difríocht idir pá na mban agus na bhfear san tréimhse atá faoi chaibidil, tháinig feabhas mór ar an scéal ó 1998 nuair a bhí bearna 22.7% ann. Tharla an ceartú sin gan beartais ná pleanáil gurbh fhiú trácht orthu. Ní raibh na hathruithe leanúnach agus bhí réimsí áirithe oibre nár tharla feabhas ar bith iontu.

Tá Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann ag tathant ar an bhFeidhmeannas reachtaíocht inscne a rith. Leag an Príomh-Choimisinéir, an Dochtúir Michael Wardlow, béim ar thaighde a léirigh gur shaothraigh mná níos lú ná fir i 15 as 16 réimse oibre. Dúirt sé go raibh reacht sa chuid eile den Ríocht Aontaithe cheana féin chun tuairisciú oifigiúil a dhéanamh ar an mbearna phá. Tá an tuairisciú ceadaithe in Acht Fostaíochta Thuaisceart Éireann 2016 dar leis an gCoimisinéir. Mhaígh sé nach mbeadh le déanamh ag an bhFeidhmeannas faoi théarmaí an Achta ach rialacha d’fhostóirí a chur i bhfeidhm.


D’fhéadfadh fostóirí a íocann tuarastal/pá ar bhonn comhionannais tairbhe a bhaint as an eolas a fhoilsiú. Nuair atá ganntanas fostaithe ardcháilithe ann is fearr go mór an seans a bheidh ag fostóir a sheasann leis an gcothroime pá daoine a mhealladh chuige féin. Ina theannta sin, má chuirtear bonn reachtúil faoi Acht Fostaíochta 2016 go luath, beidh dualgas ar fhostóirí tuairisciú ar phá a dhéanamh ar bhonn inscne, eitneachais agus míchumais. Deir an Coimisiún Comhionannais go bhfuil foráil san Acht a cheadódh pionós a ghearradh ar fhostóir

a sháródh an dlí ar chothroime pá. Beidh an Coimisiún ag cur brú ar an bhFeidhmeannas an dlí sin a fheidhmiú gan mhoill.

Bunphrionsabal ag an Aontas Eorpach, an Cómhargadh Eorpach san am, ab ea an comhionannas pá agus ritheadh Acht Comhionannais Pá sa Ríocht Aontaithe i 1970 agus sa Phoblacht i 1974.

Tá sé thar am na dlíthe a chur i bhfeidhm go cóir cothrom.

Fág freagra ar 'Is gránna an scéal é sa 21ú haois go bhfuil pá níos fearr á fháil ag fir'

  • Seán

    Tá go leor daoine eile tar éis na héilimh seo a dhéanamh romhat ach go ginearálta níor éirigh leo sampla amháin a thabhairt sa tír seo ina bhfaigheann bean pá níos ísle ná fear don obair chéanna sna coinníollacha céanna. Nuair a thugtar samplaí, is annamh a chuireann siad san áireamh gurbh fhéidir leis an bhfear a bheith ag obair i bhfad níos faide sa phost áirithe sin ná an bhean atá i gceist sa gcás céanna agus dá bhrí sin, bheadh a phá ag leibhéal incriminteach níos airde.
    Ní rún é gurb é an chúis atá leis an “neamhchomhionannas inscne” i dtorthaí na suirbhéanna a luaigh tú ná go mbíonn fonn ag níos mó fir ná mná (go ginearálta) dul ag obair i bpoist a íocann pá níos airde cosúil leo siúd sa réimse polaitiúil nó sna ngairmeacha sinsearacha leighis nó poist lena n-áirítear breis airgid as na contúirtí a bhaineann le bheith ag obair i mbáid iascaigh, i mianaigh, ar rige ola, srl. Fir den chuid is mó a dhéanann an saghas oibre sin. Is iondúil go noibríonn fir níos mó uaireanta sa ló ar an meán freisin agus éiríonn leo dul ar scor níos déanaí sa saol agus mar sin ag cur suas níos mó uaireanta oibre agus páigh dá réir. Is fíricí iad seo nach mbreathnaíonn na suirbhéanna orthu ach is dóigh dá ndéanfaí é sin, ní bheadh aon scéal le hinsint. Sin é an rud faoi staitisticí, is furasta míol a dhéanamh as míoltóg nuair atá na cúiseanna atá le na staitisticí céanna in easnamh.