Is go cuibheasach a éiríonn le ‘The Bright Side’ an greann a chniotáil le hábhar suaite

Tá taispeántais bhreátha ó Gemma-Leah Devereux agus Siobhán Cullen ‘The Bright Side’ atá bunaithe ar shaothar Anne Gildea

Is go cuibheasach a éiríonn le ‘The Bright Side’ an greann a chniotáil le hábhar suaite

The Bright Side
Stiúrthóir: Ruth Meehan
Cliar: Gemma-Leah Devereux, Siobhán Cullen, Karen Egan, Derbhle Crotty, Barbara Brennan, Tom Vaughan-Lawlor, Kevin McGahern

Fiú agus cóir na gaoithe agat tá sé an-dúshlánach saothar grinn a thabhairt ar an bport. Is deacra fós an cúram nuair atánn tú ag iarraidh greann a bhaint as ábhar sollúnta tromchúiseach. Is amhlaidh atá le The Bright Side, saothar a dhéanann iarracht an suaitheadh agus an bhuairt a bhaineann le hailse a fhí leis an ngreann. Tá an scannán seo bunaithe ar an leabhar dírbheathaisnéiseach I’ve Got Cancer, What’s Your Excuse? ó pheann an fhuirseora Anne Gildea (ball de The Nualas).

Ní nach ionadh mar sin go ndéanann an príomhcharachtar eachtraí ón saol suaite a shníomh isteach ina dreas grinn. Tá ag éirí go réasúnta maith le Kate McLoughlin ina gairm agus tá a hárasán féin aici, cé dar léi féin nach bhfuil an ceantar thar mholadh beirte. Ina ainneoin sin agus a hóige tá sí cortha den saol agus cuirtear abhaile orainn go bhfuil a caidreamh lena hathair, nach maireann, agus a máthair, a d’éalaigh, ag luí go trom uirthi.

Léirítear dúinn freisin go raibh féinmharú ar a hintinn go minic roimhe seo agus fanann an mothúchán sin léi i gcaitheamh eachtraí an scannáin seo.

Tá sí ar nós cuma liom agus ag imeacht le haer an tsaoil. Lá de na laethanta, agus tar éis titim de thrampailín deir an dochtúir léi go mb’fhéidir go bhfuil ailse bhrollaigh uirthi.

Cuireann seo a saol cráite bunoscionn tuilleadh.

Déanann sí iarracht déileáil leis an gcorraíl trí dhul i muinín an tsearbhais, na soiniciúlachta agus na gcarúl tíriúil céanna is a bhíonn aici ina seó stáitse.

Cuireann seo as dos na mná eile atá lena hais go rialta sa seomra cóireála leighis. Diaidh ar ndiaidh, áfach, agus faoi mar a bheifeá ag súil leis, imríonn siad dáimh le chéile. Is micreacosma iad na mná seo do mhná na hÉireann: an bhean uasaicmeach a chreideann sa leigheas (agus gach rud eile) malartach, an bhean óg theasaí de bhunadh an lucht oibre a dhein dul chun cinn sa saol, an tseanbhean tuaithe gheanúil cráifeach, an bhean meánaicmeach staidéartha a tháinig amach blianta beaga roimhe seo.

Tugann Devereux taispeántas cumasach uaithi agus is sna nóimintí suaite, brónacha, aonaracha is mó atá sí os cionn a buille. An bhean óg ag iarraidh dul i ngleic leis an gcinniúint, an chontúirt agus an t-athrú saoil. Bhí an radharc inar tugadh le fios go mbeadh maisteachtóime de dhíth uirthi léanmhar, lán mothúchán cé gur beag focal a dúradh.

Ar an dtaobh eile den scéal ní bhfuaireas aon bhlas ar na míreanna stáitse; iad ciotach liobarnach, dar liom. Bhí an script agus cuid de na carachtair uiscealach, easnamhach agus theip glan ar chuid de na hiarrachtaí grinn. Chuaigh Cullen agus a carachtar Tracy (an bhean de bhunadh an lucht oibre) go mór i bhfeidhm orm agus is mór an trua nach bhfeictear tuilleadh di.

In ainneoin na dtaispeántas ó Devereux agus Cullen is go cuibheasach a éiríonn le The Bright Side an greann a chniotáil le hábhar suaite na hailse.

Fág freagra ar 'Is go cuibheasach a éiríonn le ‘The Bright Side’ an greann a chniotáil le hábhar suaite'