Is gearr uainn comóradh fiche bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta…

Tá bliain chinniúnach romhainn i saol na polaitíochta ó thuaidh ar mhórán cúiseanna

Is gearr uainn comóradh fiche bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta…

Is gearr uainn comóradh fiche bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta. Nuair a thiocfas an 10 Aibreán, cad a déarfar sa tuairisc ar an dul chun cinn? Am scrúdaithe a bheidh ann, go cinnte ach is beag an seans gur tráth ceiliúrtha é.

Ní hé sin amháin a chinntíonn gur bliain chinniúnach atá chugainn. Beidh ciallachais thromchúiseacha ag Céim a Dó den idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht. Mar a bhí ó ritheadh an reifreann beidh tionchar mór ag an mBreatimeacht, nó ag an bplé ina thaobh, ar an gcaidreamh idir páirtithe Stormont ní áirím an imní a bheidh ar gach aicme eile.

Faoiseamh don mhóramh atá in aghaidh an Bhreatimeachta ab ea an socrú a rinneadh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach ar an 8 Nollaig. Tá éiginnteacht ag baint leis an réiteach sin, áfach. Beidh an DUP san airdeall ar aon ní a scaoilfeadh a nasc leis an mBreatain Mhór. I bhfianaise mhaíomh an Státrúnaí don Bhreatimeacht, David Davis, nár chuir an socrú sin ceangal air (cé go maíonn gur baineadh míbhrí as a chuid cainte) beidh náisiúnaithe agus páirtithe an láir san airdeall ar fhaitíos go loicfeadh an Bhreatain ar na geallúintí a thug Theresa May.

Cén seans atá ann gur chabhair a bheadh ansin sna hiarrachtaí le Stormont a athnuachan? Bhí an dá rialtas ag tathant ar na páirtithe – an DUP agus Sinn Féin go háirithe – Stormont a athbheochan ar mhaithe le tionchar a imirt ar an mBreatimeacht agus a éifeacht in Éirinn. Caithfear a chur san áireamh nach bhfuil leagan amach an dá pháirtí sin faoin mBreatimeacht i ngar ná i ngaobhar dá chéile. Ba bhreá leis an DUP a bheith ar ais i Stormont agus súil acu go bhféadfaidís leas a bhaint as an veto, ach ní léir go dtí seo go bhfuil bunús comhréitigh ann. Tugann a dtacaíocht do Theresa May ról d’fheisirí an DUP ach dá fhaide dá leanann an phairilis i Stormont is ea is lú a bhainfidh an páirtí Tionóil le hábhar. Beifear ag faire go géar ar Arlene Foster féachaint an bhfuil an mianach inti chun margadh a dhéanamh.

Maidir lena páirtnéirí, nó a céilí comhraic ba chirte a rá, Sinn Féin níor thug siadsan leid ar bith go dtí seo go maolódh siad a n-éilimh. D’ainneoin go leor cainte ar an tsráid faoin ngá atá le Stormont chun beart a dhéanamh faoin tseirbhís sláinte atá in anchaoi agus faoi scoileanna atá i bhfiacha, níl brú ar Shinn Féin óna lucht leanúna féin. Go deimhin is cosúil, ag tús 2018, gur amhlaidh atá na vótóirí buíoch díobh mar gur shiúil siad amach as Stormont.

Beidh ceannaire nua ag Sinn Féin faoi Mhárta, agus deireadh le ré stairiúil Gerry Adams mar uachtarán an pháirtí. Nuair a thoghfar comharba Adams, ní bheidh ceannaire ar pháirtí ar bith thuaidh nó theas a bhí i gceannas nuair a rinneadh Comhaontú Aoine an Chéasta. Beidh le feiceáil cé chomh tiomanta is a bheidh an dá mhórpháirtí do phrionsabail an Chomhaontaithe. Ní raibh an DUP ina fhabhar riamh – is é Stormont an t-aon ghné de a bhfuil dúil acu ann. Ina theannta sin, ní fios cé chomh tugtha don Chomhaontú is atá Sinn Féin faoin taca seo. Beifear ag faire go luath in 2018 féachaint an bhfuil siad den bharúil go bhfuil oiread buntáiste bainte acu as is a bhí le gnóthú.

Beidh an obair a rinne na polaiteoirí le linn dóibh a bheith i gcumhacht faoi scrúdú sa bhliain nua freisin. Díol suime a bheidh sna himeachtaí ag fiosrú poiblí an RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite ar deineadh praiseach di. Beidh Arlene Foster agus Jonathan Bell os comhair an Bhinse i mbliana agus údar imní acusan agus ag na státseirbhísigh. Beidh a thuilleadh íobartach ag dul chun cúirte ag éileamh an chirt ó tharla faillí iomlán a bheith déanta i mbeartais chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Anuas air sin, tá ceardchumainn sa tseirbhís sláinte ag caint ar ghníomhaíocht thionsclaíoch mar nach bhfuair altraí agus oibrithe eile an t-ardú pá 1% a bhí ceadaithe. Easaontas idir an státseirbhís agus oifig an Státrúnaí faoi cibé ar cheart an t-airgead a cheadú faoi ndear an tsiléig, ceannaire na státseirbhíse ag rá nach raibh an t-údarás aigesean an t-ardú a íoc, a mhalairt á rá ag oifig Brokenshire.

Bhí ceardchumainn sna tionscail dhéantúsaíochta corraithe chomh maith. Dúnfar doirse Michelin inar scoradh os cionn 800 post le dhá bhliain. Sa mhullach ar dhruidim Gallaghers agus Caterpillar, chaill os cionn 2,000 duine a bpostanna. D’éiligh ceardchumainn plean d’earnáil na déantúsaíochta ó Stormont ach ní raibh tada déanta nuair a thit an Feidhmeannas i mí Eanáir seo caite. Is é Bombardier, an comhlacht déanta eitleán, an fostóir is mó san earnáil phríobháideach ach tá sé faoi bhagairt ó chuir Boeing trádchleachtas éagothrom ina leith i Meiriceá. Tá roinnt cabhrach faighte ach tá oibrithe ag éileamh barántais in 2018.

Fág freagra ar 'Is gearr uainn comóradh fiche bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta…'

  • Learrai

    An da dhreach is tuisce a bhuailfeadh leat………in ifrinn? ……………………………………………………….go sabhala mac dilis De sinn.