‘Is gearr uainn an cor deiridh’ – Dé Céadaoin an sprioc do chainteanna Breatimeachta a deir Barnier

‘Teip shuntasach’ a bheadh ann mura ndéanfaí margadh, a deir an Taoiseach Micheál Martin, agus na cainteanna Breatimeachta fós i sáinn

‘Is gearr uainn an cor deiridh’ – Dé Céadaoin an sprioc do chainteanna Breatimeachta a deir Barnier

Tá sprioc-am nua curtha ag Michel Barnier,príomh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh leis na cainteanna Breatimeachta agus rabhadh tugtha aige nach leanfar leis na cainteanna i ndiaidh na Céadaoine.

Ag seisiún eolais do na Feisirí Eorpacha agus ambasadóirí an AE sa Bhruiséil, dúirt Barnier go raibh na cainteanna “an-ghar  don chor deiridh” agus go rabhthas ag súil leanúint leis an idirbheartaíocht go dtí lár na seachtaine seo ach gurbh é sin a ndeireadh.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur ‘teip shuntasach’ a bheadh ann mura dtiocfaí ar mhargadh agus “go gcuirfeadh sé as gan ghá” don gheilleagar i dtíortha éagsúla.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go raibh an scéala ó Michel Barnier “an-éadóchasach”.

“Déarfainn go bhfuil sé sách éadóchasach, agus ar ndóigh tá sé an-cháiréiseach faoina gcumas dul chun cinn a dhéanamh inniu,” a dúirt Coveney.

Chuir Michel Barnier fainic ar an Ríocht Aontaithe nach nglacfadh na ballstáit le haon mhargadh dá n-achtódh an Ríocht Aontaithe Bille an Mhargaidh Inmheánaigh agus an Bille Airgeadais.

Sháródh an reachtaíocht sin atá i gceist ag an mBreatain a thabhairt isteach an Comhaontú Aistarraingthe.

An iomaíocht chóir a chosaint, cead iascaigh ag iascairí an Aontais Eorpaigh i bhfarraige na Breataine, agus córas réitigh aighneas sa gcás go sárófaí an conradh, na hábhair is achrannaí san idirbheartaíocht.

An Déardaoin a thiocfaidh ceannairí an AE le chéile chun vótáil ar chomhaontú nó tús a chur lena n-ullmhúcháin don Bhreatimeacht gan mhargadh. Chaithfí reachtaíocht shealadach a thabhairt isteach ionas go bhféadfaí aerthaisteal a choinneáil ag imeacht.

Beidh comhrá gutháin ag Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh le Boris Johnson na Breataine inniu d’fhonn bealach éigin a fháil as an tsáinn.

Sa Bhruiséil inniu chomh maith beidh cruinniú ag an Aire Michael Gove le Maros Sefcovic, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, chun plé a dhéanamh ar impleachtaí an chonartha aistarraingthe agus na socruithe do Thuaisceart Éireann, socruithe a rinneadh ionas nach mbeadh aon teorainn chrua ar an oileán seo, bíodh margadh ann nó ná bíodh.

Fág freagra ar '‘Is gearr uainn an cor deiridh’ – Dé Céadaoin an sprioc do chainteanna Breatimeachta a deir Barnier'