Is gearr to mbeidh do chloigeann féin ‘inverted’ ag castróvaics ‘Tenet’

Ní haon drochrud é scannán a bheith casta ach nuair a thosaíonn an lucht féachana ag imeacht sa bhfraoch luath go maith agus nuair is léir gur cuma leis an stiúrthóir/scríbhneoir tánn tú i ngalar na gcás

Is gearr to mbeidh do chloigeann féin ‘inverted’ ag castróvaics ‘Tenet’

Tenet
Stiúrthóir/Léiritheoir/Scríbhneoir: Christopher Nolan
Cliar: John David Washington, Robert Pattinson, Elizabeth Debicki, Kenneth Brannagh.

Tá lucht scannánaíochta idir phiardaí na stiúideonna móra agus úinéirí na bpictiúrlann beag ag súil gurb é an saothar mórthaibhseach is déanaí ón draoi Christopher Nolan a mheallfaidh an lucht féachana imníoch le pinginí a chaitheamh in athuair ar thicéid don scáileán mór. Beidh le feiceáil.

Is cinnte, áfach go mbeidh aon duine a rachaidh go dtí Tenet ag tochas a chinn i rith, agus go deimhin, i ndiaidh an taispeántais. A leithéid do chastróvaics ní fhaca mé riamh.  “Don’t try to understand it, feel it,” a deir carachtar amháin ag tús an scannáin agus í ag iarraidh an eolaíocht a mhíniú don cheann feadhna (agus don lucht féachana) atá imithe in abar.

Chonac cheana thú fé mar a dúirt an cat leis an mbainne te. Nach raibh speabhraídí orainn i ndiaidh Inception (2010) chomh maith? Beireann an saothar seo barr bua air sin ó thaobh castachta, áfach. Ní haon drochrud é scannán a bheith casta ach nuair a thosaíonn an lucht féachana ag imeacht sa bhfraoch luath go maith agus nuair is léir gur cuma leis an stiúrthóir agus an scríbhneoir tánn tú i ngalar na gcás.

Bunús an scannáin (más féidir liom é a mhíniú) ná gur féidir le daoine amthaisteal a dhéanamh ach nuair atá siad thiar tá gach rud droim ar ais, taobh siar aniar; urchair ag dul siar isteach sa ghunna mar aon le héin, báid is  gluaisteáin ag gluaiseacht ar gcúl. ‘Inversion’ nó inbhéartú atá baiste acu air seo agus is gearr to mbeidh do chloigeann féin ‘inverted’ ag Tenet.

Tá ar an gceann feadhna, ‘The Protagonist’, dul ag comhrac le cúrsaí ama agus leis an mbithiúnach Andrei Sator (Brannagh) le heachtra atá i bhfad níos measa ná cogadh domhanda a trí a sheachaint.

Vae linn ansin. Déantar cúpla iarracht fhánach fhadálach cúrsaí a mhíniú. Saothar in aisce. Táimid in abar, admhaíonn na carachtair féin é sin agus is gearr go dtaibhsítear duit go bhfuilid ag magadh faoin gcastróvaics ar fad. Ag pointe amháin bhí carachtar amháin ag troid leis féin – samhail mhaith don scannán.

B’fhéidir gur fearr a d’oirfeadh múnla na sraithe teilifíse don chúram. D’fhéadfadh an saol aduain seo a bheith curtha os ár gcomhair píosa ar phíosa gan sinn a bhodhrú nó an t-aicsean a fhágaint in áit na leathphingine.

Cinnte níl sárú Nolan ann leis an radharc mórthaibhseach a sholáthar agus táid ann go rábach. Lena chois sin tá carúil, léaspairtí agus cnámhghearradh againn i rith an ama.

Déanann na haisteoirí a ndícheall sa chamfheothan. Ní rabhas chomh tógtha sin ar fad le Washington ach tugann Pattinson agus Debicki taispeántais bhreátha uathu. Baineann Brannagh súp as a bheith ag drannadh is ag béicíl ó thús deireadh.

Bainfidh tú súp as na radharcanna aicsin taibhseacha snasta agus beidh tú i do bhaileabhair ag an eolaíocht. Beidh ort féachaint ar an scannán seo cúpla babhta len é a thuiscint i gceart agus fáil amach an saothar le dealramh é nó brille bhreaille.

Fág freagra ar 'Is gearr to mbeidh do chloigeann féin ‘inverted’ ag castróvaics ‘Tenet’'