Is gearr ná beidh sa Railway Cup ach a chuimhne agus is mór an trua san…

Tá na comórtais idirchúige, nó Comórtais an Bhóthair Iarainn mar a tugtaí tráth orthu, chomh fada in áit na leathphingine gur ar éigean gur cuma le scata an ann nó as anois dóibh

Christy Ring i 1963
Christy Ring i 1963

Tá gach aon tseans ann agus tú á léamh seo ná fuil mórán cloiste ná léite agat faoi na comórtais idirchúige peile agus iomána atá le bheith ar bun an deireadh seachtaine seo.

Don té go mbeadh goile aige chuige, tá féasta caide ar siúl ó thuaidh i gCúige Uladh tráthnóna amárach, le Cúige Mumhan agus Cúige Laighean ag casadh ar a chéile ar a 4 a chlog i bPáirc Esler in Iúr Chinn Trá agus ina dhiaidh sin ar a 7, i bPáirc Lúthchleasaíochta Ard Mhacha, beidh Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh le chéile.

Casfar buaiteoirí ón dá chluiche ar a chéile lá arna mhárach sa chluiche ceannais in Ard Mhacha.

Maidir leis na babhtaí iomána, beidh dhá chluiche i Staid a’ Phiarsaigh amárach agus cluiche ceannais san áit chéanna Dé Domhnaigh. Féasta eile le cuid des na himreoirí is fearr sa tír, dá mbeadh fonn ar dhaoine suí chun boird.

Taobh amuigh den gclúdach a dhéanfaidh Raidió na Gaeltachta ar na cluichí, is dócha gur beag a bheidh le feiscint ná le clos mar gheall ar na sé cluiche Dé Luain ná aon lá eile ina dhiaidh sin.

Tá na comórtais idirchúige, nó Comórtais an Bhóthair Iarainn mar a tugtaí tráth orthu, chomh fada in áit na leathphingine gur ar éigean gur cuma le scata an ann nó as anois dóibh.

Tiocfaidh imreoirí áirithe chun páirce amárach, imreoirí ar nós captaen caide na Mumhan, Aidan O’ Mahony, nó fathach an Chláir Gary Brennan agus tabharfaidh siad a bhfuil iontu ar son na cúise.

Beidh mórán eile nach iad, idir pheileadóirí agus iománaithe, a léireoidh diongbháilteacht, dícheall is dúthracht ag iarraidh bonn idirchúige a bhuachtaint.

Ach tá an chuma ar an scéal ná fuiltear siúráilte fós cad is féidir a dhéanamh leis an gcomórtas ann féin agus, níos measa b’fhéidir, tá éachtaint le tamall againn go bhfuil an phatuaire a lean an comórtas ó thús na mílaoise ag dul i dtreise na haon bhliain.

Cé go bhfuil iarrachtaí, idir fónta agus fonóideach, déanta ag údaráis CLG an comórtas a choimeád ina bheathaidh, tá an chuma ar an scéal i mbliana ná fuil luibh ná leigheas a choimeádfaidh an comórtas ós cionn talún feasta.

Dála saol an duine féin, bhí na fiche bliain ag fás ag an gcomórtas ó céadbhunaíodh é i 1926, nuair a thug an Great Southern Railways Company, a bhí i bhfeighil cúrsaí iompair sa Saorstát, dhá chorn ar láimh do bhuaiteoirí an chomórtais.

I Samhain na bliana sin 1926, bhuaigh foireann Chúige Mumhan – ar a raibh dáréag Ciarraíoch, beirt Thiobradach agus Corcaíoch amháin – ar fhoireann Chúige Uladh sa Chabhán leis an scór 1-8 le 3-1.

Faoi Lá le Pádraig na bliana 1927, bhí greim fachta ag Ciarraí ar an bhfoireann agus bhuaigh cúig dhuine dhéag ón gcontae ar fhoireann Chonnacht, 2-3 le 0-5, chun an chéad Chorn Bóthar Iarainn a bhreith leo.

Sa bhliain 1931, bhuaigh foireann eile le cúigear déag ó Chiarraí Corn Bóthar Iarainn eile chun forlámhas na Ríochta sa tréimhse sin a dhaingniú agus chun áit in annála agus i mbéaloideas na caide a bhronnadh ar Chomórtas an Bhóthair Iarainn.

Bhí an fiche bliain faoi bhláth, leis, ag an gcomórtas agus, go deimhin féin, bhíodh sluaite cothrom chluichí ceannais Uile-Éireann ag freastal ar chluichí ceannais an Bhóthair Iarainn go dtí lár na seascaidí.

Ansan, áfach, tháinig an fiche bliain ag meath agus táimid ag an bpointe seo gafa tríd an bhfiche bliain eile gur cuma ann nó as an rud.

Tá beagnach ceithre bliana ann ó dúirt iar-Uachtarán CLG, Christy Cooney, go gcaithfeadh an comórtas trí shlat tomhais a chomhlíonadh chun go dtabharfadh Páirc a’ Chrócaigh a mbeannacht agus a dtacaíocht dó.

Chaithfeadh na himreoirí bheith dílis dó; chaithfeadh lucht féachana bheith ann chun é a leanúint; agus chaithfeadh sé íoc as féin.

N’fhéadfadh, ná ní bheifí ag súil, go gcuirfeadh an eagraíocht airgead isteach i gcomórtas narbh fhiú d’imreoirí móra na linne imirt ann agus narbh fhiú don gcosmhuintir dul ag féachaint air. Dá réir sin, is cosúil nach bhfuil CLG meáite ar an gcomórtas a bhuanú a thuilleadh.

Is leasc liom géilleadh, tar éis bheith ar mhalairt poirt leis na blianta, go mb’fhéidir go bhfuil a rás rite agus ceann cúrsa sroichte ag an mbóthar iarainn.

Cé go bhfuil scéal le hinsint, is gearr ná beidh aon ní ann ach a chuimhne agus is mór an trua san.

Fág freagra ar 'Is gearr ná beidh sa Railway Cup ach a chuimhne agus is mór an trua san…'