‘Is gearr go mbeidh faobhar ar an scian a sháfar go feirc ina hucht’ – caint bhagrach nó saoirse cainte?

An dtig linn idirdhealú a dhéanamh idir caint bhagrach agus saoirse cainte? An féidir stop a chur le garbhú an dioscúrsa?

‘Is gearr go mbeidh faobhar ar an scian a sháfar go feirc ina hucht’ – caint bhagrach nó saoirse cainte?

“Is gearr go mbeidh faobhar ar an scian a sháfar go feirc ina hucht. Ní fada go mbeidh sí marbh.”

Ball anaithnid de pháirtí Parlaiminte na gCaomhach a dúirt sin leis an Sunday Times seachtain ó shin. Ní faoi ainmhí allta a bhí sé ag caint ach faoi cheannaire a pháirtí féin, Príomh-Aire na Breataine, Theresa May. Dúirt ball eile gur cheart di sealán a crochta a thabhairt léi ag an gcruinniú den Choiste 1922.

Is cosúil gurbh í an déistin a chuir an chaint ainmheasartha ó dhíograiseoirí an Bhreatimeachta ar chomhghleacaithe a chuidigh le Theresa May a theacht slán ag an gcruinniú de Choiste 1922 san oíche Dé Céadaoin. Ní hionann sin agus a rá go mbeidh sí fadmharthanach mar cheannaire ach is cinnte gur chuidigh míshuaimhneas sa pháirtí faoi chaint bhrúidiúil a naimhde léi na sála a thabhairt léi.

Ní raibh gá aici le rópa an chrochadóra an geábh seo agus ní nach ionadh, ní fhacamar éinne ag admháil gurb é/í a bhí freagrach as an gcaint ionsaitheach.

Deir lucht cáinte na ceartaiseachta polaitiúla go bhfuiltear ag dul thar fóir nuair a deirtear go bhfuil caint bhagrach nó chiníoch nó ghnéasach doghlactha. Is fíor gur minic a bhaineann bréagchráifeacht leis an gcáineadh ar bhéalscaoilteacht ach ní féidir a shéanadh gur minic freisin a bhíonn briathra bladhmannacha contúirteach.

Seans nach bhfuil an ceart agam ach sílim nár chualas caint chomh gránna in aghaidh ceannaire fireann; chloisfí caint faoi oíche na sceanairte nó a leithéid ach mionchur síos ar conas a chuirfí an scian in ucht polaiteora? Bhí na mná i measc na bhfeisirí parlaiminte in Westminster as gach páirtí an-bhuartha faoin gcaint ghránna, iad ag tabhairt chun cuimhne dúnmharú an fheisire Jo Cox tamall gearr roimh an reifreann ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. ‘Seafóid’ arsa cosantóir na cainte gan srianta – níor bhagair aon pholaiteoir ar Jo Cox. Ní hionann sin is a rá nach raibh caint ainmheasartha san aer ag an am ag brú miotas na ríochta uilechumhachtaí agus go raibh tionchar aige sin ar mheon an dhúnmharfóra.

Ní gá gurb í an íde a fuair Thomas à Becket de bharr ‘will no one rid me of this turbulent priest’ an toradh, ach is iomaí sampla atá feicthe d’ionsaithe ar dhaoine de bharr ráitis chonspóideacha. D’eascair na hionsaithe ar pháirtí an Alliance in oirthear Bhéal Feirste as an gconspóid faoi bhratach na Breataine ar Halla na Cathrach. Rinne reitric na léirsitheoirí – agus an DUP – ceap milleáin den Alliance as cinneadh na Comhairle go mbeadh teorainn ar líon na laethanta a mbeadh an bhratach ar crochadh. Cuireadh oifig an pháirtí trí thine agus rinneadh imeaglú ar na hionadaithe Naomi Long agus Chris Lyttle.

Níos faide siar mhaígh scata de na hiarchimí dílseacha gurbh iad briathra Ian Paisley (an t-athair) a ghríos chun foréigin iad, san UVF go háirithe. Ní chuireadh David Ervine fiacail ann ach go raibh freagracht ar an Urramach Paisley. I measc na dtéarmaí ba choitianta i mbéarlagair na dTrioblóidí bhí ‘felon-setting’ agus ‘setting up’. Bhain an dá rud le hionsaithe a eagrú. Ba mhinic a rinneadh é le briathra, os comhair an phobail nuair a shéanadh an cainteoir go raibh drochrún ar bith i gceist.

Nuair a mharaigh dílseoirí an dlíodóir Pat Finucane beagnach 30 bliain ó shin bhí conspóid ghéar ann faoi chaint a rinne Aire Sóisearach san Oifig Gnóthaí Baile in Westminster trí seachtaine roimhe sin. Dúirt Douglas Hogg go raibh roinnt dlíodóirí abhus a bhí báúil le heagraíochtaí paraimíleatacha. Chuir Séamus Mallon, feisire de chuid an SDLP, ina leith go mbeadh sé freagrach dá nglacfadh dream éigin lena chuid cainte mar chead chun dlíodóir a ionsaí. Dúirt cumann na ndlíodóirí gur thug Hogg leithscéal do na sceimhlitheoirí le tabhairt faoi aicme a bhíodh sábháilte go dtí sin.

Ní fios go fóill cé a bhí freagrach as gairis phléascacha a sheoladh chuig Barack Obama, Hilary Clinton, Joe Biden, daonlathaigh eile agus réalta ‘liobrálacha’, ach is ar éigean gur comhtharlúint é gur daoine iad ar fad a dtugann an tUachtarán Trump aghaidh a chraois orthu ag a chuid slógaí. Tráth ar chualamar caint gharbh ó iarrthóir i bhfeachtas an toghcháin don Uachtaránacht, cur chuige a bhí cosúil le hiompar na ‘soiscéalaithe’ ar son an Bhreatimeachta nó Trump, is mithid miondealú a dhéanamh ar na ceisteanna a eascraíonn as an gcineál sin cainte.

Cén sainmhíniú atá againn ar shaoirse cainte? Tá cinsireacht doghlactha i sochaí shibhialta ach is amhlaidh an scéal le cothú fuatha nó gríosú chun ionsaithe. An bhfuil na dlíthe sách láidir?

Tá an tsaoirse cainte luachmhar, ná cuirimis i mbaol í.

Fág freagra ar '‘Is gearr go mbeidh faobhar ar an scian a sháfar go feirc ina hucht’ – caint bhagrach nó saoirse cainte?'