Cuirfear iarUachtarán de chuid na Stát Aontaithe ar a thriail ar an 25 Márta ar chúiseanna coiriúla a bhaineann le hairgead éirice a íoc le bean a bhíodh páirteach i scannáin phornagrafaíochta. Bhí uair ann agus shíl mé nach léifinn a leithéid d’abairt ach in úrscéal de chuid James Patterson nó a leithéid, Lee Childs, b’fhéidir, a cheannaigh mé i siopa leabhar in aerfort.
Tá na déaga de chúiseanna ina aghaidh agus séanann sé go bhfuil aon choir déanta aige. Glacann sé leis go ndearna sé rud éigin as bealach ach ní coir a bhí ann, ar sé! Comhcheilg atá sa rud ar fad le mé a stopadh ó bheith mar iarrthóir sa toghchán uachtaránachta, arsa Donald Trump an tseachtain seo.
Idir an dá linn, tá dlíodóirí de chuid an fhir chéanna ag iarraidh comhcheilg nua a chruthú in Georgia. Tá Fani Willis, an bhean a chinn go gcuirfí Trump ar a thriail sa Stát sin as iarracht toradh an toghcháin uachtaránachta a chur ar neamhní os comhair na cúirte freisin. Maíonn foireann dlí Trump go raibh tionchar ag an gcaidreamh a bhí aici leis an dlíodóir a d’fhiosraigh an scéal, Nathan Wade, leis an gcinneadh cúiseanna a thabhairt.
Tá siad ag déanamh a míle dícheall freisin a chruthú go raibh leas airgid aici ó Wade. Ciallaíonn sin go bhfuil mionsonraí na dturas agus na mbéilte a bhí acu le linn dóibh a bheith mar chúpla dá bhfiosrú mar go bhfuil siad ag iarraidh a chruthú nach bhfuil sí iontaofa mar abhcóide Stáit agus go gcaithfear í féin agus a foireann ar fad a tháinseamh. Cén bhaint go díreach atá ag turais go Aruba agus Miami leis an scéal ar fad agus suimeanna ar nós €2,500 agus €975 á lua leis an scéal? Ní thuigim go díreach, ach tá a fhios againn anois go gcosnaíonn sé €975 eitilt as Georgia go Miami mí na Nollag!
Leanfaidh an gheamaireacht seo ar aghaidh go ceann naoi mí eile, ar a laghad, idir seo agus lá an toghcháin i mí na Samhna. Ba cheart domsa a bheith i South Carolina, a dúirt Trump an tseachtain seo agus é ag fágáil na cúirte i Nua-Eabhrac. Is ansin, ar ndóigh a bheidh an chéad réamhthoghchán cinniúnach eile ar an 24 Feabhra. Tá sé i bhfad chun cinn ar Nikki Haley de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí.
Léiríonn na pobalbhreitheanna céanna nach bhfuil ach leath de phobal na Stát Aontaithe a bhfuil imní orthu faoi na cásanna cúirte seo ar fad. Deis iontach poiblíochta atá iontu ar fad do Trump – ag cáineadh an chórais dlí agus cirt agus ag maíomh go bhfuil seisean á chiapadh fad is atá faillí á déanamh i gcoiriúlacht ar shráideanna Nua-Eabhrac.
Geamaireacht gan stop a bheidh ann as seo go Samhain leis na trialacha agus caint Trump, mar shampla, faoi na bealaí is fearr le Stáit idirnáisiúnta a ionsaí. An bhfuil James Patterson ag coinneáil súil ar chúrsaí? Beidh cúpla úrscéal mar thoradh ar an eachtra ar fad amach anseo.
Risteárd
Agus, dar ndóigh, tá rogha acu. Is féidir leo a vóta a chaitheamh ar son seanfhir a thug buamaí agus buamaí agus buamaí chun máithreacha, leanaí, ainmhithe agus fiú peataí a mharú, agus chun árasáin, ionaid adhartha, ospidéil, scoileanna, ollscoileanna, iarsmalanna, leabharlanna agus fiú reiligí a scriosadh, agus a dhún a shúile roimh an ngorta a cruthaigh a chara sa Phalaistín d’aon turas.
Pádraig O'hEipicín
Trump abú.
Seán Mag Leannáin
Is fada an lá ó dúirt saineolaí éicint ar pholaitíocht Mheiriceá nach raibh sa pholaitíocht ach ‘sideshow in the carnival of life’. I bhfianaise Kennedy agus Camelot, réalta scannáin Reagan, na hObamas agus anois Trump, nárbh fhíor don té a dúirt?
WTF
‘Is gealt i ngeamaireacht pholaitiúil Mheiriceá é tRUMP.