Is geall le duine atá ag éalú ó oileán tréigthe mé agus deasghnátha an tsaoil dearmadta agam

Is scil ann féin an mhionchaint, scil a thug muintir na hÉireann go leibhéal na healaíne i gcaitheamh na mblianta

Is geall le duine atá ag éalú ó oileán tréigthe mé agus deasghnátha an tsaoil dearmadta agam

‘Mamaí, tá an fhuinneog ar oscailt agus cloisfidh daoine thú,’ a deir an Bheainín agus a leicne loiscthe le náire. Seans go raibh sé ag cur as di go raibh an iomarca díocais ormsa ag casadh in éineacht leis an raidió agus amhrán nua Adele air, áilleog bhreá eile le diva Londain theas.

Ní chuirfinn aon mhilleán uirthi, níl nóta i mo chloigeann. An t-aon fhadhb atá ann nach bhfuil aon neart agamsa air, agus gur cheart go mbeadh cead agat a bheith ag casadh leis an raidió sa gcarr gan faitíos gan náire.

Tá go leor rialacha nua a chaithfidh mé a leanúint sa gcaoi is nach dtiocfaidh mé salach ar threoracha dochta neamhscríofa an tsaoil de réir mo mheantóir béasa.

Is deacair fios a bheith agamsa céard atá inghlactha agus céard nach bhfuil. Ní chabhraíonn sé go n-athraíonn na rialacha go mion minic.

Is dóigh go bhfuilimse sách fada ag cur comhairle uirthise, tá sé in am aici buille de mo shlat féin a thabhairt ar ais dom.

Caithfidh tú a bheith cúramach, dar le mo mheantóir, gan a bheith róchainteach le daoine a chastar orm ar an gcosán ná a bheith ag rachtaíl gáire go glórach. Tá sé curtha i mo leith go gcaithim an iomarca ama ag clabaireacht. Ceapaim nach bhféadfadh sé seo a bheith fíor mar gur ar éigean a fhágaim an teach ar chor ar bith.

Agus a raibh de dhianghlasáil agus scoitheadh sóisialta againn is gearr go mbeidh dearmad déanta agam ar cén chaoi le comhrá a bheith agam le duine taobh amuigh de mo chlann féin. Cén rogha eile atá agam ach ruainne cainte a dhéanamh anois is arís? Is geall le duine atá ag éalú ó oileán tréigthe mé agus deasghnátha an tsaoil dearmadta agam.

Is scil ann féin an mhionchaint, scil a thug muintir na hÉireann go leibhéal na healaíne i gcaitheamh na mblianta agus ba mhór an peaca í a ligean le sruth. Nuair a chastar duine ort ar an mbóthar atá in ann leathuair chainte a dhéanamh faoi thada, bheadh seafóid ort a bheith ag déanamh deifre.

Níl aon locht agam ar an aimsir mar ábhar cainte, má bhím ionraic faoi. Chaithfinnse leathuair go sásta ag caint ar chúrsaí aimsire cé go gcloisim daoine ag tabhairt amach faoi.

Don té a bheadh ina cheardaí ag an mionchaint caithfear síneadh amach níos faide ná an aimsir. Beidh níos mó ná ábhar amháin sa tobar ag an mionchainteoir oilte. Sílimse gur mar mhionéisteoir is fearr atá mo chuid scileanna féin dírithe.

Tuigeann an mionchainteoir maith gur cheart fanacht glan ar an gcúlchaint, nó réasúnta glan uirthi ar aon chaoi. Níl aon sásamh le baint as leathuair chainte leis an té a bheadh ag cúlchaint gan stad gan staonadh mar go dtiocfaidh tú uaidh le pian i do chloigeann agus drochbhlas i do bhéal.

Seachain an té a bheadh róghafa le cúrsaí reatha móra tábhachtacha agus tú ag caitheamh ama ag clabaireacht ar do bhealach go dtí an siopa.

Is tú ag bualadh amach dhá nóiméad maidin Domhnaigh ag iarraidh bainne, fainic éinne a tharraingeodh anuas ‘athrú aeráide’, ‘dianfheirmeoireacht’ nó, ‘dídhaingniú struchtúir choilíneachta an bhréagdhaonlathais’.

Thairis sin, ní fheicimse tada mícheart leis an gclabaireacht, is cuma liom céard a deir mo mheantóirí liom.

Fág freagra ar 'Is geall le duine atá ag éalú ó oileán tréigthe mé agus deasghnátha an tsaoil dearmadta agam'