Is geal gach nua i gCorn Tailteann…

Fágaimis an leagadh fé dhaoine eile agus caithimis súil an iontais ar Chorn Tailteann 

Is geal gach nua i gCorn Tailteann…

Is dócha nár cheart go gcuirfeadh sé iontas ar aoinne go mbeadh aird ar leith ag lucht leanta na caide ar an Iarmhí i gcraobh peile na hÉireann le roinnt seachtainí anuas. Díol fiosrachta agus spéise do scata iad an Iarmhí sa chomórtas toisc, gan dabht, dob iad a bhuaigh Corn Tailteann anuraidh agus bhí áit, dá réir, leis na piardaí móra acu ó thús na craoibhe i mbliana.

Conas a bheadh acu? An mbeadh an léim rómhór, ródhúshlánach dóibh? Nó an mbeidís ag baile, os cionn a mbuille ag snámh in uisce domhain na craoibhe ar an gcéad iarracht?

Níor bhaol dóibh. Níl ach fé bhun coicíos ó shin in Ard Mhacha go mba dhóbair dóibh preab a bhaint as foireann na háite. Bhíodar ar chomhtharrac ag leatham agus trí phointe chun tosaigh ag déanamh ar na deich nóimeat deireanacha. Ní raibh an bua i ndán dóibh, áfach agus d’éirigh le hArd Mhacha na cosa a bhreith leo le pointí déanacha ó Andrew Murnin agus Ciarán Mackin.

An tseachtain seo caite agus iad ag imirt ar a bhfód féin in aghaidh na Gaillimhe, bhí an Iarmhí pointe chun tosaigh ag leatham agus murach duine dá gceannairí, Ray Connellan, a bheith díbeartha luath sa dara leath, tá gach aon tseans go mbeadh bearna na bua, ocht bpointe, níos lú ná mar a bhí don nGaillimh. Don dara seachtain as a chéile, mar sin, léirigh an Iarmhí go rabhadar go mór istigh leo féin ag an leibhéal seo ach níl aon ní dá bharra acu go fóill.

Cúis mhór mhisnigh a dtaispeántais, áfach, don uile fhoireann a bhfuil a lámha fós sa roinnt do Chorn Tailteann na bliana seo. Astu seo, is iad an Cabhán, tánaistí Chorn Tailteann 2022, is mó go bhfuil cuma na maitheasa go nuige seo orthu ach tá athbheochan de shaghas éigin déanta ag contae na Mí, leis, agus is fiú chomh maith aitheantas a thabhairt do ghaisce Andy McEntee, a n-iarbhainisteoir, i gcontae Aontroma agus don bpaisteáil agus an deisiú atá déanta ag Mark Fitzgerald ar an rud a bhí briste i Luimneach.

Sin iad na ceithre foirne atá ag feitheamh le buaiteoirí na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais inniu agus shamhlófá gurb as an ngrúpa seo, An Cabhán, an Mhí, Luimneach nó, caolseans, Aontroim a thiocfaidh curadh Chorn Tailteann 2023.

Ná cuir as an áireamh, áfach, go bhféadfadh an cluiche breise sin tráthnóna maitheas a dhéanamh do leithéidí an Dúin atá ag iarraidh atógaint fé bhainisteoir uaillmhianach, Conor Laverty, nó don bhfoireann a chríochnaigh i mbarra Roinn 3 na sraithe níos luaithe i mbliana, Fear Manach. Beidh an Dún ag imirt ar a bpaiste féin i bPáirc Esler tráthnóna agus má éiríonn leo feabhas a chur ar an aimsiú (16 iarracht amú in aghaidh na Mí Dé Sathairn seo caite) ba cheart go mbeadh dóthain acu chun Longfort a chur de dhroim seoil.

Níos luaithe sa tráthnóna, beidh Fear Manach ag tabhairt aghaidh ar Laois, foireann a bhfuil seans Dé leo a bheith fós sa rás do Chorn Tailteann i mbliana tar éis a dteacht aniar déanach i gcoinne Londan an tseachtain seo caite. Beidh dhá roinn sraithe idir Fear Manach agus Laois ag tús na bliana seo chughainn agus shamhlóinn go mbeidh an bhearna sin le feiscint i bPáirc Brewster tráthnóna – go háirithe má éiríonn le Seán Quigley agus Ultan Kelm na nótaí cearta a bhualadh.

Bheadh sé neamhghnách in aon bhiaiste go mbeadh peileadóirí Loch Garman fágtha sa chraobh agus iománaithe an chontae leagtha amach aisti, ach is dóigh liom go bhfuil an domhan de dhifríocht idir inné agus inniu. Beidh macallaí de bhlianta réabhlóideacha na hiomána sa treis i bPáirc Uí Chonchúir sa Tulach Mhór tráthnóna ach a gcasfaidh peileadóirí Loch Garman agus Uíbh Fhailí ar a chéile.

Beidh léiriú, leis, ann ar an síorbhráca atá sa dá chontae agus iad ag iarraidh cluiche na peile a chothú, a chosaint agus a fhorbairt más féidir. Níl ach dhá bhliain ó bhuaigh Uíbh Fhailí ar Ros Comáin i gcluiche ceannais fé-20 na hÉireann ach is cosúil go bhfuil i bhfad níos mó dul chun cinn déanta ag imreoirí óga Ros Comáin ón mbliain sin i leith.

Maidir le staid na peile i Loch Garman, tá an chuma air gur céimeanna beaga chun cinn mar aon le cúlú millteach ós na laethanta go mbídís in adharca na mboc móra atá i gceist ansiúd. N’fheadar aoinne ach iad féin an mhaitheas a dhéanfadh feachtas ceart i gCorn Tailteann dóibh. Ach an bhfuil an toil ann dona leithéid i gcontae ina múchtar an mionspórt go minic?

Múchadh de shórt eile ar fad a bhí ag déanamh tinnis d’fhoireann peile Nua-Eabhrac le laethanta beaga anuas agus bladhmanna Cheanada ag bagairt ceal taistil ar an bhfoireann agus iad ag iarraidh a gcluiche in aghaidh Cheatharlach a chomhlíonadh. Má bhuann Nua-Eabhrac i bPáirc an Chuilinnigh tráthnóna beidh rud éigin déanta acu nár deineadh riamh cheana –  dhá chluiche craoibhe in aon bhliain amháin buaite. Dhá chluiche as trí cinn imeartha – níor bheag san mar luach saothair ach is deacair a shamhlú go bhféadfaidís cur leis ina dhiaidh sin.

Deich mbliana ó shin an tseachtain seo a chuireas féin agus buíon bheag eile tús leis an obair ar an tSraith GAA USA agus ba léir an uair sin go raibh cluichí na nGael ag tógaint cúrsa nua, cúrsa difriúil i Nua-Eabhrac.

Tá cuid acu siúd a bhí fé chaibidil sa tsraith againn ag bláthú anois agus bhaineas ana-thaitneamh as agallamh Tiernan Mathers ar shuíomh CLG féin an tseachtain seo. Bhí súil eile, súil an iontais, á caitheamh ag Mathers ar Chorn Tailteann agus ba léir gur geal gach nua aige agus ag a leathbhádóirí. Is fiú ann Corn Tailteann dona leithéid sin amháin. Fágaimis an leagadh fé dhaoine eile.    

Fág freagra ar 'Is geal gach nua i gCorn Tailteann…'