Is galar marfach an t-uaigneas agus ní hé Tom an t-aon duine ar shín an ‘tSeid’ rópa tarrthála chuige

Thug ár gcolúnaí cuairt ar Sheid na bhFear ina baile dúchais agus bhraith sí ann dóchas agus spiorad nua chomh maith le fáilte roimh chách

Is galar marfach an t-uaigneas agus ní hé Tom an t-aon duine ar shín an ‘tSeid’ rópa tarrthála chuige

Tá ‘Tom’ 62 bliain d’aois. Gach tráthnóna abraíonn sé an Paidrín agus ansin casann sé air an teilifís. Breathnaíonn sé ar na pictiúir gan aon fhuaim. Ní labhraíonn sé le héinne toisc nach bhfuil aon duine thart air.

Cúpla seachtain ó shin, tháinig sé isteach i ‘Seid na bhFear,’ (an men’s shed), i lár an bhaile den chéad uair. Tá sé ag teacht isteach uair sa tseachtain ó shin.

‘Tá aithne agamsa air,’ a dúirt Pat Towey, cathaoirleach an ghrúpa i mBealach an Doirín, le gairid. ‘Thug mé cuairt air agus tharraing mé amach as an teach é.’

Bhí Tom cloíte ag an uaigneas. Ní déarfadh éinne go bhfuil sé sean. Ní tada é 62 bliain sa lá inniu. Ach is galar marfach é an t-uaigneas. Ní hé Tom an t-aon duine ar shín an ‘tSeid’ rópa tarrthála chuige.

Tá fear eile sa ngrúpa agus bíonn sé i mbun an tae. Caitheann sé an oíche ar fad ag líonadh an Burco, ag réiteach potaí móra tae agus ag tabhairt amach na muigíní. Ar dtús, ní raibh i gceist acu ach briseadh amháin tae a bheith acu i lár an chruinnithe. Ach ba léir go raibh an fear áirithe seo ag baint an-leas as an útamáil leis an tae. ‘Tá droch-‘depression’ ar a bhean chéile,‘ a dúirt Pat liom. ‘Seo é an t-aon bhriseadh a fhaigheann sé ón saol sa mbaile.’

Tuigeann Pat na fir agus a gcuid fadhbanna. Fear siopa é Pat agus tá siopaí agus gach a mbaineann leo sa bhfuil aige. Bhí aithne ag an domhan agus a mháthair ar athair Phat, Mattie Towey agus a shiopa beag leis an gcaidéal peitril i lár an bhaile. Bhí a fhios ag daoine ar fud an iarthair go bhféadfaidís bualadh ar dhoras an tsiopa am ar bith agus dhéanfadh Mattie freastal orthu.

Bhí aithne ag Mattie ar dhaoine i bhfad is i gcéin. Tá sé soiléir ó bheith ag caint le Pat go bhfuil an tsuim chéanna aige i muintir an bhaile agus an cheantair máguaird. Chonaic sé fadhbanna an uaignis agus thug sé faoi deara a laghad is a bhí ar fáil d’fhir a bhí ina gcónaí leo féin. Is é an ‘Men’s Shed’, an leigheas atá aige féin agus ag a choiste beag áitiúil ar an bhfadhb seo.

‘Everyone is carrying baggage,’ a deir Pat liom.

Uair sa tseachtain tagann siad le chéile in Ionad Ozanam i lár an bhaile. Ach níl aon áit san ionad i gcomhair uirlisí tógála ná ábhar ceardaíochta. Cé go mbaineann na fir an-leas as an teacht le chéile, na cruinnithe, na léachtaí, na muigíní tae, is í an cheardaíocht agus an chruthaitheacht croílár ghluaiseacht na ‘Men’s Sheds’. Ní bhíonn siad in iomaíocht le fir cheirde ná le lucht gnó – ach is maith leo rudaí a dhéanamh lena lámha agus a chur ar fáil do dhreamanna a dteastaíonn siad uathu.

Mar sin, bhreathnaigh siad thart ar an mbaile ag cuartú áit cheart. Bhíodar ag iarraidh seid measartha mór, i lár an bhaile, áit a d’fhéadfaidís a chóiriú agus a dhéanamh slán sábháilte do na fir- tá duine nó beirt díobh atá faoi mhíchumas. Tháinig siad ar cheann le gairid.

Thug mé cuairt ar an tseid ‘nua’ agus mé sa mbaile. Bhí fir oibre istigh ann agus iad ag tomhas ballaí agus urláir. Bhí cathaoireacha agus cairpéid faighte acu ó fhear gnó áitiúil. Thug duine eile insliú don díon dóibh.

Ach bhí an coiste áitiúil ag iarraidh jab ceart a dhéanamh uirthi. Bhíodar ag iarraidh córas teasa, leithris, cistin agus áiseanna do na fir a bhí faoi mhíchumas a chur ar fáil. Shocraigh siad ar iarratas a chur chuig an gComhairle Contae faoi scéim a bhaineann le cabhair a thabhairt do ghrúpaí pobail. Faoin scéim seo tá cead ag comhairleoirí contae suas le €16,000 an duine a cheadú i gcomhair grúpaí pobail ina gceantar féin. Chuir an coiste an t-iarratas chuig gach duine de na comhairleoirí áitiúla, chuig na feidhmeannaigh agus chuig innealtóir áitiúil na Comhairle.

Chuireadar an-obair isteach san iarratas. Bhí praghas ar chuile rud. (‘One box screws…€7’). Bhí praghsanna faighte acu ar an obair ó chonraitheoirí éagsúla. Agus cé go raibh difríochtaí sna meastacháin, bhí an coiste dentuairim go mbeidís an-sásta le €30,000.

Fuaireadar glaoch gutháin le gairid le freagra ar a n-iarratas. Bhí €2,500 ceadaithe don ‘Men’s Shed’.

Leanfaidh siad ar aghaidh leis an mbailiú airgid. Caithfidh siad. Chuireadar litreacha amach chuig na fir atá faoi mhíchumas ag rá nach féidir leo teacht chug na cruinnithe níos mó toisc nach bhfuil siad in ann na rialacha maidir le sláinte agus slándáil a chur i bhfeidhm.

Bhí rás tarracóirí acu Dé Domhnaigh seo caite. Fuaireadar an chéad áit i gcomórtas na bhFlótannna Lá ‘le Pádraig. Beidh cruinniú acu i dTeach Ozanam an tseachtain seo agus beidh cluiche cártaí ‘25’, acu mar is gnách. B’fhéidir go mbeadh léacht acu faoi chúrsaí sláinte nó faoi bhia.

Tá an grúpa ar Twitter. Is ansin a thug mé faoi deara le gairid gur fháiltigh siad roimh na teifigh as an tSiria atá ag cur fúthu i mBealach an Doirín. ‘The lads from Syria,’ a thugann siad orthu.

Sin é a thug siar mé chuig mo bhaile dúchais féin go labhróinn le Pat faoin ngrúpa áirithe seo. Ní hé amháin go dtugann siad aire dá muintir féin atá ag fulaingt leis an uaigneas, ach tugann siad isteach na teifigh a dtaitníonn na cluichí boird leo, ach a thriaileann gach rud, an damhsa Gaelach féin san áireamh.

Agus fad is a bheas siad ansin, ní bheidh siad gann ar mhuigín tae.

Fág freagra ar 'Is galar marfach an t-uaigneas agus ní hé Tom an t-aon duine ar shín an ‘tSeid’ rópa tarrthála chuige'

  • léitheoir

    Is fearr a bheith uaigneach ná i ndroch-chomhluadar!

  • Pleidhce

    Is galar marfach é an nimh (sa bhfeoil is eile), an fiúnach, an formad, an díoltas, an mheatacht, an fháilíocht, an neamh-mhaithiúnas, an saol! Ní hionann a bheith aonaránach agus a bheith uaigneach. Tá daoine ann gur breá leo an t-aonaránachas, nach bhféadfaidís maireachtáil dá cheal, gurb ann is mó is ann dóibh agus is mó atá siad istigh leo féin agus iad astu féin! Gan éinne ag cur chucu ná uathu, iad ar a gcomhairle féin ráite nach gá dhóibh comhairle éinne eile a lorg. Ní oireann ‘sealán an chrochadóra’ dóibh (pósadh!) mar tá eachtraíocht, fiantas agus misneach iontu. Is acu féin a rogha rud a dhéanamh gan é a chur faoi chead éinne beo nó leathbheo nó neamhbheo. Teacht is imeacht d’réir mar is toil leo. Neamhspleáchhas milis aoibhinn álainn ó!! Mar a dúirt JB Keane ‘when I came into this world the Lord wtapped a blanket around me and when I leave it, He’ll do the same’. Cad eile a bheadh uainn? Anois cad déarfadh Tadhg an Dá Thaobh leis sin?