‘Is í COP30 COP na fírinne,’ a dúirt uachtarán na Brasaíle, Luis Inácio da Silva (Lula), Dé Luain agus mórchomhdháil dhomhanda aeráide na bliana seo (COP30) á hoscailt go hoifigiúil aige i gcathair Belém, ag béal na hAmasóine.
‘I laethanta seo na bréagaisnéise, ní hamháin go ndiúltaíonn lucht séanta na bhfíricí don fhianaise eolaíoch, ach diúltaíonn siad don chur chuige iltaobhach [sa pholaitíocht idirnáisiúnta]. Tá siad i gceannas ar algartaim, scaipeann siad fuath agus cothaíonn siad scéin. Ionsaíonn siad na hinstitiúidí, an eolaíocht agus na hollscoileanna. Ach seo an t-am chun an lucht séanta a chloí.’
Gach seans gurbh é Donald Trump, nach bhfuil i láthair ag COP30 agus nár chuir ionadaí ar bith chuig an gcomhdháil ach oiread, a bhí ag barr a aigne ag Lula.
Ach faraor géar níl Donald Trump leis féin.
Deich mbliana ó shin, nuair a síníodh conradh aeráide Pháras, bhí dóchas san aer: dhéanfaí iarracht téamh an domhain a choinneáil srianta d’ardú 2 chéim ar a mhéid ar an teocht meánach ó thús na réabhlóide tionsclaíche i leith.
Ach anois agus tionchar mór ag polasaithe aeráide ar fheirmeoirí, ar úinéirí gluaisteán, ar thaistealaithe eitleáin, ar lucht cuardaigh tí agus ar iliomad cáiníocóirí eile, tá na vótóirí ag éirí tuirseach den aeráid agus tá polaiteoirí ar fud an domhain ag tarraingt na gcos – d’ainneoin go bhfuil tionchar athrú na haeráide níos feiceálaí ná riamh.
Mar sin féin, ní féidir a shéanadh go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta. Roimh Chonradh Pháras, bhí ardú idir 3.5 agus 4 chéim ar an teocht meánach á thuar; faoi láthair, tá muid ag díriú ar ardú idir 2.5 agus 3 chéim. Ní leor sin, ach ábhar dóchais é go bhfuil an fuinneamh inathnuaite anois níos saoire ná an fuinneamh ó fhoinsí iontaise, rud nach bhféadfaí a shamhlú deich mbliana ó shin.
Bhí ról lárnach ag an tSín sa phróiseas sin. Thar aon tír eile, thuig an tSín go mbeadh airgead mór le déanamh as an aistriú i gcúrsaí fuinnimh: as an tSín a thagann formhór mór na bpainéal gréine agus táirgeann an tír sin níos mó fuinnimh inathnuaite ná an chuid eile den domhan curtha le chéile.
Agus Trump ag cloí go daingean leis na seanfhoinsí fuinnimh – gual, ola agus gás – titfidh na Stáit Aontaithe ar gcúl go sciobtha sa rás teicneolaíochta leis an tSín.
San Eoraip, casphointe gan choinne sa chath i gcoinne athrú na haeráide a bhí in ionradh na Rúise san Úcráin in 2022. Ar an bpointe boise, thuig polaiteoirí fud fad na hEorpa gur drochsmaoineamh ceart a bhí ann a bheith spleách ar ghás agus ar ola ón Rúis, agus gurbh é an fuinneamh inathnuaite an réiteach.
Tá go leor déanta mar sin, ach ní leor é. Le go mbainfear amach sprioc Pháras – ardú teochta 2 chéim ar a mhéid – ní mór do chuile thír ar domhan a cuid a dhéanamh, agus chuige sin, mar a deir Lula, ní mór lucht séanta athrú na haeráide a chloí.
Leanfaidh COP30 ar aghaidh go dtí an 21 Samhain. Dlús a chur faoin aistriú i gcúrsaí fuinnimh, breis airgid don chath i gcoinne athrú na haeráide agus cosaint na bhforaoiseacha báistí trópaiceacha atá ag barr an chláir phlé.
Fág freagra ar '‘Is gá lucht séanta athrú na haeráide a chloí’ – Lula'