Is fusa ardú áiféiseach pá sna bainc a cháineadh ná srian a chur leis dáiríre

Tugann na socruithe pá nua deis don fhreasúra an rialtas a chéasadh as seo go dtí lá an olltoghcháin

Is fusa ardú áiféiseach pá sna bainc a cháineadh ná srian a chur leis dáiríre

Ní raibh Paschal Donohoe ag súil le moladh nuair a d’fhógair sé Dé Máirt go mbeadh cead a gcinn ag na bainc tuarastail arda agus suas le 20,000 mar bhónais bhliantúla a íoc feasta. Mar a tharla.

Focal moltach ní bhfuair an tAire Airgeadais, má fhágtar as an áireamh daoine a labhraíonn ar son na mbanc nó ar son na foirne. Sa Dáil, thug Mary Lou McDonald “buille uafásach” do theaghlaigh atá ag streachailt leis an gcostas maireachtála ar an gcinneadh go gceadófaí tuarastail os cionn 500,000, cé gur sheachain sí tagairt ar bith a dhéanamh do cheadú na mbónas.

Ba dhéine i bhfírinne an cáineadh a rinne beirt Teachtaí Dála ar thaobh an rialtais ar chinneadh an aire na srianta ar phá sna bainc atá i bhfeidhm ó 2011 a mhaolú. Chosain Jim O’Callaghan ó Fhianna Fáil ceadú na mbónas – dar leis gur chóir go n-íocfaí bónais le hoibrithe sna bainc mar a íoctar iad le hoibrithe eile – ach dúirt sé nár aontaigh sé le cealú na srianta ar phá ard.

Chuir Neasa Hourican ón gComhaontas Glas a míshásamh in iúl ar Twitter gan aon chuid de chinneadh an rialtais a lochtú go díreach. Ní hionann banc agus gnáthchomhlacht, a dúirt sí, toisc nach ligtear do bhanc teip – rud ar chóir é a chur san áireamh maidir le tuarastail.

Is é bun agus barr dosheachanta an scéil ar ndóigh go dtugann na socruithe pá nua deis don fhreasúra an rialtas a chéasadh as seo go dtí lá an olltoghcháin. Ní ligfear don rialtas ná do vótálaithe dearmad a dhéanamh den chinneadh a d’fhógair an tAire. Díreach mar a dhéanfadh páirtithe an chomhrialtais dá mbeidís siúd sa bhfreasúra agus rialtas ag géilleadh d’iarratas ó earnáil a thuilleann síor-amhras.

De réir an chinneadh a mhol Paschal Donohoe don rialtas a dhéanamh, beidh cead ag gach banc bónas 20,000 a íoc le fostaí feasta (gearrfar ráta cánach 89 faoin gcéad ar bhónas níos mó). Ceadófar tuarastail os cionn leathchéad milliúin euro i mBanc na hÉireann láithreach. Beidh na bainc eile ina bhfuil scaireanna ag an rialtas (AIB agus Permanent TSB) saor ón srian ar phá ard nuair a laghdófar sciar an stáit iontu go dtí “leibhéal oiriúnach”.

Níor thug an Taoiseach ná Paschal; Donohoe le fios cén céatadán a bheadh “oiriúnach” ach glactar leis go sroichfear é nuair a dhíolfaidh an rialtas a thuilleadh scaireanna an bhliain seo chugainn. D’fhiafraigh Micheál Martin de cheannaire Shinn Féin sa Dáil Dé Máirt cén fáth nach raibh sí i bhfabhar ardú pá a thabhairt d’oibrithe bainc. Freagra ní bhfuair sé.

Moladh na socruithe pá nua i dtuairisc ar na bainc mhiondíola a scríobh grúpa inmheánach sa roinn airgeadais inar léir ar an gcéad amharc laige amháin sa bhfianaise a cuireadh faoina mbráid.

Deir an tuairisc go ndúirt na bainc leis na státseirbhísigh go raibh srianta pá an rialtais ag cur isteach ar earcaíocht agus ar choinneáil foirne a bhfuil saineolas acu ar theicneolaíocht faisnéise, ar chibearshlándáil, ar mheasúnú riosca, ar chomhlíonadh agus ar chúrsaí dlí.

Níl tagairt d’fhianaise ar bith sa tuairisc mar thaca le tuairim na mbaincéirí. Rinne na státseirbhísigh cur síos ar a dtuairim sa tuairisc a chuir siad chuig Paschal Donohoe. Is ar thuairim mar sin a bhunaigh an coiste moladh go maolófaí srianta an rialtais agus is ar thuairim eile a mhol an tAire don rialtas polasaí nua a chur i bhfeidhm.

Ní foláir cuimhneamh i gcónaí áfach nach ionann banc agus roinn ná seirbhís stáit. Ainneoin gach amhras agus cáineadh a thuill na bainc mar gheall ar a mífhreagracht roimh 2010 agus an feall mínáireach a rinneadh ó shin ar dhaoine a raibh morgáistí rianúcháin nó ‘trackers’ acu, ní féidir le rialtas ar bith neamhaird a dhéanamh dá gcás.

Dá gcuirfí tuairimí mar a chuir na bainc faoi bhráid an rialtais reatha faoi bhráid rialtas a mbeadh Sinn Féin i gceannas air, b’fhéidir go n-iarrfaí orthu breis fianaise a sholáthar. Ach an gceapann duine ar bith go dtabharfaí droim láimhe dá n-iarratais?

Níl aon dul as ag aon rialtas ach déileáil leis na bainc mar chomhlachtaí príobháideacha a bhfuil mórthionchar dosheachanta acu ar shaol na tíre. Ní cead ná cosc ar thuarastail arda agus ar bhónais a dheimhneoidh nach ndéanfaidh siad dochar as cuimse dúinn uilig, mar a rinne siad in 2010 agus roimhe sin.

Ní theastaíonn ach maoirseacht dhian leanúnach. Gan trua, gan teora agus gan stad.

Fág freagra ar 'Is fusa ardú áiféiseach pá sna bainc a cháineadh ná srian a chur leis dáiríre'

  • Gabriel Rosenstock

    https://www.netflix.com/ie/title/81308434
    Bhí réiteach ag Lucio Urtubia ar fhadhb na mbancanna agus tá scannán maith
    ar Netflix mar gheall air.