Is furasta dearmad a dhéanamh ar na constaicí a bhí roimh Mhicheál Cíosóg

Níl aon séanadh ar an bhfuinneamh, ar an díocas agus ar an dúthracht a bhí sa gCíosógach

Is furasta dearmad a dhéanamh ar na constaicí a bhí roimh Mhicheál Cíosóg

Ná bíodh aon amhras ort, is cinnte nach mbeadh Cumann Lúthchleas Gael ar an bhfód inniu murach Micheál Cíosóg. Sa lá atá inniu ann is furasta dearmad a dhéanamh ar na constaicí a bhí roimhe  nuair a thug an Cláiríneach faoina bhunú – cumhacht an stáit ar cheann acu, easaontas ceann eile. Ach thar rud ar bith eile, cuimhnigh go bhfaca suas le leath den phobal a bhí sé ag iarraidh a ghríosú dhá ghorta ina bhfuair milliún duine bás leis an ocras agus a thug ar mhilliún eile dul ar imirce.

Cén sórt mianach a bhí sa bhfear ar éirigh leis fréamhacha cumainn a bhain le spórt den chuid ba mhó a chur chomh domhain sin i measc cine a bhí foirgthe agus faoi chois?

Is cinnte go mba chabhair dó an dá fhocal dheireanacha atá san abairt thuas – bhí an Gael faoi phian ag 800 bliain de chos ar bolg, ach níorbh bhaol do chnámh a dhroma.

B’in agus an dúil sa náisiúnachas an dá chúnamh ba mhó a bhí aige.

Níl aon séanadh ar an bhfuinneamh, ar an díocas agus ar an dúthracht a bhí sa gCíosógach agus níl cruthú níos fearr ná sin ná na tragóidí agus na tubaistí a bhain dó féin agus dá theaghlach sna blianta a lean 1884 agus bunú CLG.

Sa mbliain 1886 dúnadh an tAcadamh a bhí aige ar Phlás Ghairdinéir sa bpríomhchathair, áit a mbíodh oiliúint á cur ar Éireannaigh óga a bhí ag iarraidh scrúduithe na Státseirbhíse a dhéanamh.

An bhliain chéanna vótáil comhaltaí na heagraíochta ar chabhraigh sé lena bunú go mbainfí a chúram mar rúnaí de. Timpeall an ama sin freisin bhásaigh beirt pháistí dá chuid.

I Meán Fómhair 1890 scuab an eitinn a bhean chéile Margaret mar a rinne sé le hiníon eile leo ceithre seachtaine dár gcionn. Ní raibh de rogha ann ach a chlann a scoilteadh – chuaigh beirt iníonacha go Sasana go dtógfaí ansin iad agus chuaigh beirt mhac isteach i ndílleachtlann i nGlas Naíon.

Bhásaigh mac eile leis in aois a 26 cúpla mí sular sciob taom croí Micheál Cíosóg féin chun bealaigh ar an 28 Samhain 1906.

Dá bharr sin ar fad ní fhéadfadh sé go raibh aon amhras faoina dhúthracht ná faoina dhíograis. Ní féidir a dhílseacht a cheistiú ach an oiread agus cé go raibh sé de cháil air a bheith bundúnach, teasaí, sotalach,  níos minice ná a chéile is é is dóigh go mba é an creideamh daingean a bhí aige san obair a chuir sé roimhe ba chúis leis sin.

As easaontas a tharla idir é agus patrún an Chumainn, Ardeaspag Chaiseal Mumhan, an Dr. Tomás Cróc a tháinig a dhíbirt as oifig in 1886. Ní raibh an tArdeaspag baileach chomh dian céanna in aghaidh cead iomaíochta i gcomórtais lúthchleasaíochta CLG a thabhairt do lúthchleasaithe as eagrais eile agus a bhí an Cíosógach. Scríobh sé litir bhagartha chuig Cróc, a dúirt ansin nach raibh aon rogha aige féin ach éirí as.

San áit chéanna inar bunaíodh an Cumann Lúthchleas ar an 1 Samhain 1884, a briseadh Micheál Cíosóg ocht mí dhéag dár gcionn.

Ba mhinic leis freisin nuachtáin agus a gcuid eagarthóirí a ionsaí dá gceapfadh sé go raibh siad á lochtú féin ná a eagraíocht ar bhealach ar bith agus ní raibh fuacht ná faitíos air titim amach le daoine laistigh den chumann sin dá mbeadh sé den tuairim gurbh é sin a theastaigh.

Fiú tar éis bunú CLG bhí clubanna i gCorcaigh a chleacht peil nárbh mhar a chéile í agus an ceann a bhí leagtha amach ag rialacha na heagraíochta nua. Mheas na Corcaígh nach mórán a bhí an ceann sin agus an rugbaí.

Foirne cathrach a bhí i gceist agus dúradar gurbh fhearr a d’fheil an cineál nua sin peile d’imreoirí tuaithe ná a leithéidí féin. Bhunaigh siad eagraíocht dá gcuid féin The Munster National Football League agus fear darbh ainm J.F. Murphy (a bhí ina Leas-Uachtarán ar CLG freisin) ina cheannas.

Ar an toirt chealaigh an Cíosógach ballraíocht Uí Mhurchú sa gCumann Lúthchleas agus ba bheag trácht a bhí as sin amach ar an Munster National Football League.

Bhí blaiseadh nach beag d’iomaíocht na cathrach agus na tuaithe freisin ag baint leis an gcaoi ar leagadh amach rialacha na hiomána cúpla bliain roimhe sin.

Tá glactha go forleathan leis go mba as cumann darbh ainm The Metropolitans a bhunaigh Cíosóg i mBleá Cliath ag deireadh na bliana 1883 a d’eascair Cumann Lúthchleas Gael.

In imeacht cúpla mí bhíodh na mílte ag teacht amach chuig Páirc an Fhionnuisce ag breathnú orthu ag traenáil agus ag imirt in aghaidh iománaithe as Acadamh Uí Chíosóg – lucht tuaithe a bhí ag obair sa bpríomhchathair a mbunáite, seans. Thug nuachtáin an lae faoi deara a raibh ag tarlú agus thosaigh ag tabhairt ‘Seaimpíní Átha Cliath’ ar na Metropolitans.

Chuir sin beagán (nó mórán) goimhe ar mhuintir Chill Íomair in oirdheisceart na Gaillimhe arbh acu féin a bhí an fhoireann iomána ab fhearr sa dúiche sin. Thugadar dúshlán na Metropolitans agus Luan Cásca 1884 – sé mhí sular tharla an cruinniú in Óstán Hayes – imríodh cluiche idir an dá fhoireann ar Pháirc an Aonaigh i mBéal Átha na Sluaighe.

Bhí miondifríochtaí idir rialacha na hiomána a chleacht an dá thaobh ach sular buaileadh buille ar bith rinneadh comhréiteach ina dtaobh siúd.

Ar thosach na himeartha b’fhurasta a aithint go mba iad muintir Chill Íomair ab oilte agus is beag a bhí caite nuair a bhí cúl curtha amach acu. Go gairid ina dhiaidh sin d’ordaigh Cíosóg dá fhoireann an pháirc a fhágáil mar go raibh sé den tuairim go raibh an imirt a bhí ar siúl ag Cill Íomair i bhfad rógharbh. “ag slaiseáil go místuama agus go fíochmhar” ina chuid focal féin.

D’iarr sé go n-imeodh chuile dhuine den pháirc agus go dtabharfaí deis do na Metropolitans taispeántas a thabhairt ‘ar an gcaoi ar cheart iománaíocht a imirt’.

Géilleadh dó agus nuair a bhí sin déanta d’fhill iománaithe Chill Íomair ar an láthair agus rinne amhlaidh.

Fíorbheagán difríochta a bhí idir an dá thaispeántas a thuairisc an nuachtán an Western News ag an am, rud a thabharfadh le fios go mba faitíos roimh an gcliseadh a bhí ar Chíosóg.

Cuma sin mar i ndeireadh dála is dó is mó atá buíochas ag dul as cothú an chluiche iontaigh seo. As sin amháin tá muid go mór faoina chomaoin.

 

Fág freagra ar 'Is furasta dearmad a dhéanamh ar na constaicí a bhí roimh Mhicheál Cíosóg'