Is furasta beag is fiú a dhéanamh de rialtas náisiúnta, ach an féidir aon saghas eile rialtais a bhunú?

Ní mór na roghanna atá ann maidir le rialtas a bhunú ná ní ró-mhealltach na tairiscintí atá á ndéanamh ach oiread

Is furasta beag is fiú a dhéanamh de rialtas náisiúnta, ach an féidir aon saghas eile rialtais a bhunú?

Tá súil ag ceannairí Fhine Gael agus Fhianna Fáil go mbeidh siad ábalta comhchlár rialtais a chur ar fáil go luath do ghrúpaí agus páirtithe eile na Dála,  seachas Sinn Féin.

Tá a fhios acu araon nach bhfuil aon chinnteacht ann go dtabharfar an tacaíocht dóibh a theastóidh chun rialtas a bhunú.

Fiú sular athraigh an víreas corónach an léargas polaitiúil, ba léir nach raibh aon fhonn ar Chomhaontas Glas, na Daonlathaithe Sóisialta ná páirtí an Lucht Oibre a bheith páirteach i gcomhrialtas dá leithéid.

Níl aon chosúlacht ar an scéal fós go bhfuil a dtuairimí athraithe acu.

Ní féidir athrú intinne a chur as an áireamh ar ndóigh, go háirithe agus saol na tíre faoi anáil mharfach an víris agus aghaidh á tabhairt ag an rialtas ar an ngéarchéim is mó dá bhfacthas ó bunaíodh an stát.

Thug ceannaire nua pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly le fios in agallamh ar RTÉ Dé Luain nach mbeadh a pháirtí páirteach i gcomhrialtas, ach ní diúltú iomlán a bhí ann. 

Mar sin féin, tá míbhuntáistí an tsocraithe atá beartaithe ag Micheál Martin agus Leo Varadkar soiléir do chách. Is ionann a dtairiscint agus a rá: ‘tar isteach i gcomhrialtas linne agus glac páirt san obair fhada chrua a bheidh riachtanach leis an tír a thabhairt slán ón díobháil as cuimse a dhéanfaidh an coróinvíreas sula mbeidh sé sáraithe’.

Ní inseoidh ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael d’aon dream faoin gcuid eile dá dtairiscint, ach tá sé intuigthe: ‘má bhíonn rath ar an obair mhór atá romhainn, b’fhéidir go léireodh na vótóirí a mbuíochas ag an gcéad olltoghchán eile. Faraor, mura mbeidh rath ar ár ndíograis, nó fiú má bhíonn, b’fhéidir go n-íocfaimid go daor as. Tá a fhios againn go léir cé is mó a thiocfaidh i dtír ar mhíshásamh an phobail – Sinn Féin’.

Is ionann ar bhealach mar sin an tairiscint a bheidh le meá sula i bhfad ag cúig pháirtí agus ag na neamhspleáigh agus an clár oibre a chuir Brian Cowen os comhair a rialtais in 2010.

Dúirt sé leo agus tús á chur le ré na gciorruithe a theastaigh ó mháistrí nua na tíre i mBanc Ceannais na hEorpa agus sa gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF) nach raibh aon dul as acu ach glacadh leo. Chaillfeadh a bhformhór a suíocháin Dála, a dúirt sé lena chomrádaithe, ach bhí a ndualgas soiléir: an leigheas crua a theastaigh a chur i bhfeidhm.

Ní hionann ar ndóigh an saothar rialtais a theastaigh an uair sin agus an saothar a theastóidh as seo go dtí an chéad olltoghchán eile.

Bhí Fianna Fáil freagrach as an gcuid is mó den damáiste a bhí le leigheas in 2010, agus ní raibh ach rogha mhacánta amháin rompu, mar a mhínigh Cowen dá chomhghleacaithe. 

Faoi láthair ar ndóigh, tá saorchead ag gach colúnaí agus iománaí ar an gclaí sa tír a rá le gach Teachta Dála go bhfuil dualgas uirthi/air rialtas a chur ar bun, ach ní hionann dualgas agus a chomhlíonadh.

Chuir Éamon Ó Cuív a mhíshuaimhneas faoin margadh atá beartaithe in iúl le briathra a bhí níos neamhbhailbhe agus níos soiléire ná Teachtaí Dála eile.

Tá amhras den sórt céanna ar mhórán i Fianna Fáil agus i bpáirtithe eile.

Déanta na fírinne, tá an chaint ar mhargadh fadtéarmach comhrialtais áiféiseach ar go leor bealaí faoi láthair.

Tá suíomh nua sealadach agus cruinnithe Dála ar líne á bhfiosrú ag foireann Thithe an Oireachtais. Níl ach an tríú cuid de na Teachtaí a toghadh dhá mhí ó shin ag freastal ar chruinnithe d’fhonn contúirt an víris a laghdú. Bíonn ar an rialtas teacht le chéile in dhá sheomra ar an gcúis chéanna.

Ní léir agus an scéal amhlaidh ach trí réiteach a bheadh indéanta ar an éiginnteacht pholaitiúil:

  1. An rialtas atá ann anois a fhágáil i gceannas ar feadh tamaill eile.
  2. Comhrialtas de chineál éigin a bhunú a mbeadh páirtí nó grúpa eile, nó níos mó ná sin, toilteanach tacaíocht ón taobh amuigh a ghealladh dóibh – ar choinníollacha, b’fhéidir, a bheadh cosúil leis an socrú muiníne agus soláthair a bhí i bhfeidhm le breis agus trí bliana.
  3. Rannpháirtíocht i rialtas éigeandála a thairiscint do gach páirtí agus do gach grúpa sa Dáil, ar an gcoinníoll go rachadh an margadh a dhéanfaí as feidhm tar éis tréimhse áirithe – sé mhí abair, nó bliain ar a mhéid.

Is féidir gach socrú eile a phlé agus a mholadh.

Is féidir Sinn Féin a dhamnú go deo na ndeor.

Ní léir, áfach, conas mar is féidir aon mhargadh rialtais seachas mar atá leagtha amach thuas a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Is furasta beag is fiú a dhéanamh de rialtas náisiúnta, ach an féidir aon saghas eile rialtais a bhunú?'