‘Is fu*king cheats iad, tá an dornálaíocht amaitéarach lofa go smior’ – Conlan le ceangal is é buailte go conspóideach

Chaill Michael Conlan, an dornálaí deireanach as Éirinn a bhí san iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha, sna babhtaí ceathrú ceannais i ndiaidh do na moltóirí cinneadh conspóideach a dhéanamh

‘Is fu*king cheats iad, tá an dornálaíocht amaitéarach lofa go smior’ – Conlan le ceangal is é buailte go conspóideach

Tá an dornálaí deireanach as Éirinn a bhí san iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha, amuigh as an gcomórtas agus bua conspóideach faighte ag an Rúiseach Vladimir Nikitin air tráthnóna sa Rio Centro.

Ba mhór an chéim síos do lucht dornálaíochta na Cluichí i Rio de Janeiro, ach ní raibh aon leigheas ag aon duine ar an méid a tharla tráthnóna agus an chuma ar an scéal go raibh bua slachtmhar ag an bhFeirsteach ar a chéile comhraic.

Ní mar sin a facthas an troid do na moltóirí, áfach, agus thug siad an bua d’aon ghuth don Rúiseach.

Bhí Conlan le ceangal i ndiaidh na troda agus chuir sé i leith na n-údarás gur “fu*king cheats” a sciob uaidh an bua. Léiriú ab ea an cinneadh “ar cé chomh cam” is a bhí an dornálaíocht amaitéarach, a dúirt sé, tuairim ar tháinig saineolaithe dornálaíochta agus iriseoirí araon léi.

“Tá an dornálaíocht amaitéarach lofa go smior,” a dúirt fear Bhéal Feirste.

Tá Conlan ar dhuine de na dornálaithe is cumasaí riamh a bhí ag Éirinn, agus measadh go raibh seans láidir aige ar bhonn óir sa Bhrasaíl.

Ní raibh sé ach 20 bliain d’aois nuair a chaill sé sa bhabhta leathcheannais i Londain in 2012 agus ba é an chéad fhear as Éirinn a bhuaigh bonn óir i gCraobh Dornálaíochta an Domhain nuair a d’éirigh leis an beart sin a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair 2015. Aithnítear Conlan ar an trodaí coileachmheáchain is fearr atá ann agus tá an chuma ar an scéal go n-iompóidh sé ar an dornálaíocht ghairmiúil i ndiaidh na gCluichí Oilimpeacha.

Fág freagra ar '‘Is fu*king cheats iad, tá an dornálaíocht amaitéarach lofa go smior’ – Conlan le ceangal is é buailte go conspóideach'

  • x

    fu*king cheats ag rialu na beatha seo chuile fu*king ait bheo, na geillimis doibh

  • Pádraig

    Údar aige a bheith feargach …ach déarfainn go mbeidh an lámh in uachtar aige sa dornálaíocht gairmiúil …cuimhnítear go bhfilleann an feall ar an fheallaire is nach féidir an fhírinne a choinneáil i bhfolach go deo.