Is foláireamh dúinn bás tragóideach Ronan Hughes

Tragóid phríobháideach ab ea bás Ronan Hughes, agus údar imní é don phobal fré chéile

2420605833

Tubaiste is ea bás aon duine sna déaga, a shaol róghearr, ach ba thragóid amach is amach é bás déagóra i gContae Thír Eoghain le gairid. Chuir Ronan Hughes, 17, lámh ina bhás féin mar go rabhthas á dhumhál ar líne.

Bualadh bob air ar an idirlíon agus chuir sé pictiúr mídhiscréideach ar shuíomh. Rinneadh iarracht airgead a sracadh as de bharr an ghrianghraif; dúradh leis go bhfoilseofaí é go forleathan muna n-íocfadh sé éiric. D’inis sé céard a bhí ag titim amach dá thuismitheoirí agus chuaigh siadsan chuig na póilíní. Sul má bhí deis ag lucht fiosraithe aon cheo a fháil amach, áfach, chaill an déagóir misneach agus fritheadh marbh é i bpáirc in aice baile.

Tragóid phríobháideach í seo dá mhuintir ach theastaigh uathu, i gcomhar le múinteoirí, cléir agus póilíní, an scéal a scaipeadh ar mhaithe le daoine óga eile. Dúirt  príomhoide na scoile graiméir a raibh Ronan ag freastal uirthi gur chosúil go raibh rud éigin níos urchóidí agus níos casta ná gnáthbhulaíocht ar líne i gceist.

Tá nasc le coirpigh ón iasacht á fhiosrú ag an PSNI, iad den bharúil gur dhírigh drong ar Ronan agus gur dócha gur thug siad an íde chéanna ar dhaoine eile. Is cosúil gur déanadh teagmháil le Ronan sa chéad áit ar chuntas bréige, le seoladh cosúil le ceann a mbeadh eolas aige air, ar na meáin shóisialta.

Stócach ciallmhar, meabhrach ab ea Ronan, dar lena lucht aitheantais ach bhí na coirpigh seiftiúil agus iad in ann bob a bhualadh air. Údar imní é sin don phobal fré chéile mar gur fianaise é gur féidir le daoine gan scrupall dúshaothrú a dhéanamh ar ógánaigh, fiú má tá siad cliste, eolgaiseach.

D’achainigh muintir Ronan ar dhaoine comhrá a bheith acu lena bpáistí faoi shábháilteacht ar líne le súil nach bhféadfaí beatha eile a chur i mbaol. Bhí cruinniú speisialta ar an Domhnach Mór san oíche Dé Céadaoin chun deis a thabhairt do thuismitheoirí comhairle a fháil ó shaineolaithe agus ón PSNI faoi  conas daoine a choinneáil slán. Cuireadh comhairle ar chomhdhaltaí scoile Ronan freisin.

Tá eagraíochtaí speisialta ann chun cuidiú le daoine a bhfuil drochíde á tabhairt orthu ar an idirlíon, leithéidí ChildLine agus Internet Watch Foundation, chomh maith leis na cumainn um Chosaint Leanaí. Ar ndóigh, tugtar comhairle do dhaoine óga gan aon cheo a chur ar líne nach mbeidís compordach dá bhfeicfeadh gach éinne é. Ach san éigeandáil, is fiú fios a bheith ag tuismitheoirí go bhfuil seirbhísí ann atá ábalta pictiúirí áirithe a bhaint anuas den idirlíon go buan.

Gach uair a chloistear faoi dhuine a chuireann lámh ina bhás féin de bharr bulaíocht ar líne, agus faraor, cloisimid go minic é, labhraímid faoin ngá le  hoiliúint don chibearspás. Thar aon ní, is foláireamh dúinn bás Ronan agus na cúinsí idirnáisiúnta a bhain leis an gcoir ina choinne cé chomh furasta is atá sé  botún a dhéanamh ar líne a mbeadh ciallachais thromchúiseacha aige.

Tá sé chomh riachtanach i saol an lae inniu sábháilteacht ar líne a phlé agus a theagasc is atá sábhailteacht ar na bóithre nó ón strainséir a thairgeann milseán  do pháiste. Tá sé thar am gníomhú dá réir sa bhaile, sna scoileanna, i gcumainn spóirt agus clubanna.

 

Fág freagra ar 'Is foláireamh dúinn bás tragóideach Ronan Hughes'