IS fiú i gcónaí éisteacht le Éamon Gilmore – ár bhFear sa Cholóim

Bhí dreas cainte ag ár gcolúnaí le déanaí lena seanchomradaí Éamon Gilmore, iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre

IS fiú i gcónaí éisteacht le Éamon Gilmore – ár bhFear sa Cholóim

Eamon Gilmore. Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Bhí tráth ann, agus mise agus Éamon Gilmore ar an ollscoil le chéile, go ndearna sé iarracht mé a thraenáil i gcúrsaí ‘guth’ teileafóin. Bhí mé róghéar, a dúirt sé liom. Ba chóir dom mo ghuth a ísliú agus labhairt ‘go deas’ le daoine.

B’fhéidir nár mhiste a mhíniú go rabhamar beirt ag plé leis an ‘Literary and Debating Society’ in Ollscoil na Gaillimhe ag an am agus ba mhinic mé, mar Reachtaire, ag iarraidh polaiteoirí a mhealladh chuig an díospóireacht sheachtainiúil.

Ní fhaca mé an lá an uair sin go mbeadh Gilmore ina cheannaire ar pháirtí an Lucht Oibre, ina Aire Gnóthaí Eachtracha, ná ina Thánaiste. Agus san Olltoghchán deireanach a throid sé in 2011, thug sé isteach an líon ba mhó Teachtaí Dála i stair an Lucht Oibre – 37 teachta.

Bhí saol suimiúil polaitíochta aige tar éis na laethanta sin i nGaillimh. Agus é anois ina Theachtaire Speisialta don Cholóim ar son an Chomhphobail Eorpaigh, cad é an rud is mó a airíonn sé uaidh ón saol polaitíochta ag baile?

‘Na clinicí ar an Luan,’ a deir sé ar an bpointe. ‘Thaitin sé liom i gcónaí an Luan a chaitheamh ag plé le gnáthdhaoine, lena gcuid fadhbanna, lena gcuid ceisteanna. Rudaí beaga, rudaí móra.’

Tháinig scata daoine óga chuige uair amháin ag iarraidh linn snámha i mBaile Uí Lachnáin, i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. ‘Gach seans gur cheapadar go mbeadh sé acu faoi dheireadh an tsamhraidh,’ a dúirt sé. ‘Thóg sé fiche bliain – ach fós féin, bhain mé an-sásamh as nuair a dúirt Michael Ring, an tAire Spóirt ag an am, go raibh 3 mhilliún euro ceadaithe díon linn.’ An t-aon bhotún a rinne sé, is cosúil, ná gur fhógair sé é lá sular fhógair an tAire Spóirt na deontais éagsúla d’ionaid spóirt!

Bhí an bheirt againn ag ól cupán caife seachtain tar éis casadh lena chéile i mBaile na hAbhann le haghaidh clár TG4 faoi thoghchán na huachtaránachta. Bhí mé ag iarraidh a fháil amach céard go díreach a bhíonn ar bun aige anois sa phost tábhachtach seo don Aontas Eorpach.

Ón uair a cheap Federica Mogherini é i ndeireadh na bliana 2015, bíonn sé ag taisteal go rialta idir an Cholóim, an Bhruiséil, na Stáit Aontaithe agus tíortha eile san Aontas Eorpach.

Bhí sé de cháil ar an gColóim gur ann a bhí an t-éirí amach treallchogaíochta ba mhó  ar domhan – bhí suas le 20 míle treallchogaí Farc ann uair amháin. Agus nuair a chríochnaigh na cainteanna síochána bhí sin laghdaithe go 7,500.

Chualamar ar fad caint faoi Farc leis na blianta agus bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh sé chomh casta, agus ag dul ar aghaidh chomh fada sin, nach dtiocfadh réiteach ar an gcogaíocht go brách.

Thar 50 bliain, maraíodh 250,000 duine. Bhí 6 mhilliún eile díshealbhaithe. Dúirt sé liom go bhfuil an tír fós scriosta ag mianaigh talún.

Ina dhiaidh sin uile, tá dul chun cinn dochreidte déanta ó thaobh na síochána de.

Síníodh an comhaontú síochána i Meán Fómhair 2016. Thar sheacht mí in 2017, rinne Farc dí-armáil, faoi shúile na Náisiún Aontaithe. Bhí toscairí ann freisin ó na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Anois is é Éamon Gilmore atá ann ar son an Aontais Eorpaigh agus iad ag tabhairt tacaíocht don chomhaontú síochána.

Ach, tá an dara gluaiseacht treallchogaíochta ann- ELN agus níl gach rud socraithe leosan fós. Agus ní féidir na fadhbanna eile a ligean i ndearmad – tionscal na ndrugaí, foréigean, na cairtéil nó na ‘cartels’, agus an easpa bonneagair. Is cosúil go bhfuil áiteanna sa tír nach féidir teacht orthu ach amháin i mbád.

Agus cén chaoi a réitíonn siad ar fad le chéile tar éis an méid sin fola?

‘Tá sórt ‘Dlínse Speisialta i gcomhair na Síochána,’ acu, a dtugtar JEP air,’ a dúirt Éamon. ‘Bíonn ort na coireanna a admháil- baintear do shaoirse díot agus coinnítear tú sa bpobal ansin.’

D’aontaigh Farc leis seo- agus lena chois sin, thug 2,500 ball d’arm na Colóime tacaíocht dó chomh maith le 400 saoránach eile, a raibh coireanna curtha ina leith ar fad.

Sin cosúlacht na síochána in achar an-ghearr ach tá fadhbanna móra le sárú fós acu.

Tír í an Cholóim a d’fhéadfadh a bheith an-saibhir, bunaithe ar thalmhaíocht, mianraí amhail ór, smaragaid, ola agus acmhainní nádúrtha eile den scoth. Ach caithfear í a fhorbairt i gceart agus an chaimiléireacht a théann go minic leis an saibhreas seo i dtíortha eile, a sheachaint.

Agus tá an tír féin an-mhór – 48 milliún de dhaonra inti, agus í chomh mór leis an bhFrainc agus an Spáinn le chéile.

Ach tá stair shuimiúil ag an tír seo agus an daonlathas bunaithe i bhfad ansin. Is í an tír is faide í i Meiriceá Theas a bhfuil an daonlathas i réim inti- tá an daonlathas ansin ó 1819 i leith, seachas tréimhse ghearr faoin dlí míleata sna 1950idí. Tugann sé sin dóchas d’Éamon Gilmore.

Ach tá fadhb nua acu anois, ar an teorainn. Sin daoine as Veiniséala atá ag plódú isteach thar teorainn ó thosaigh an stát s’acu féin ag dul go tóin poill.

Meastar go bhfuil thart ar 1.2 milliún duine tar éis teitheadh thar teorainn isteach. Den chuid is mó, fáiltítear rompu. Tugtar cabhair dóibh cé go bhfuil muintir na Colóime beo bocht iad féin. Ní bhraitear coimhthíos leo mar is cainteoirí Spáinnise iad agus níl difríochtaí móra cultúir eatarthu.

Is deacair a chreidiúint go bhféadfadh Veiniséala – an tír ba shaibhre i Meiriceá Theas tráth, titim as a chéile chomh tubaisteach sin. Ach an rud is measa faoi, deir Gilmore, nach n-admhaíonn siad go bhfuil fadhb ar bith acu. Tá tíortha eile sásta cúnamh a thabhairt dóibh ach ní ghlacann siad leis. Níl aon fhadhb acu, dar leis an rialtas ansin.

Titeann an t-ualach trom ar an Cholóim mar sin agus níl a fhios cén chríoch a bheas air sin.

Ach bheadh gach duine ag súil nach ngabhfaidh an Cholóim an bealach céanna lena gcomharsa béal dorais.

Agus mé ar mo bhealach amach ón óstán, tháinig cailín chuig Gilmore ag iarraidh cúnamh agus í ag réiteach d’agallamh i gcomhair poist. Tá súil agam go n-éistfidh sí lena chomhairle faoi gach rud – a guth teileafóin san áireamh.

Fág freagra ar 'IS fiú i gcónaí éisteacht le Éamon Gilmore – ár bhFear sa Cholóim'