Is fiú athmhachnamh a dhéanamh ar stair an stáit a dtugtar Éire nó Ireland air

Spreagann léargas ar bhearnaí i stair na Stát Aontaithe machnamh ar ár ndearcadh ar stair na hÉireann ó 1922

Is fiú athmhachnamh a dhéanamh ar stair an stáit a dtugtar Éire nó Ireland air

Mhol scata scríbhneoirí sa New York Times athscríobh conspóideach ar ré nua-staire na Stát Aontaithe in eagrán speisialta d’iris an pháipéir a foilsíodh dhá bhliain ó shin. Chuir taighde agus tuairimíocht na scríbhneoirí tús le togra staire atá ag forbairt agus ag fás ó shin ainneoin (nó toisc) é a bheith cáinte ag an uachtarán Donald Trump a thug “ideological poison” ar a saothar.

Mhol na scríbhneoirí nár chóir glacadh le teacht slua beag eisimirceach go Massachusetts ar bord an Mayflower i 1620 mar thúsphointe stair na Stát Aontaithe. Thosaigh nua-stair na tíre i bhfírinne dar leo le teacht loinge eile go Virginia bliain roimhe sin ar a raibh beagán le cois fiche sclábhaí Afracach – teacht i dtír a chuir tús le mór-ré na sclábhaíochta i dtuaisceart Mheiriceá.

Tá léargas cuimsitheach ar an taighde agus ar an athmhachnamh a spreag saothar na foirne a scríobh an cnuasach aistí ar ar thug siad ‘The 1619 Project’ air in 2019 i leabhar nua-fhoilsithe* a bhfuil an teideal céanna air. Deir duine de na heagarthóirí, Nikole Hannah-Jones (ar bronnadh Duais Pulitzer uirthi anuraidh), sa leabhar go ndéantar simpliú ar bhunú gach náisiúin d’fhonn aontas a chothú agus mór is fiú a dhéanamh den stát agus de chomhthuiscint áirithe ar a stair agus a aidhmeanna.

Ní ag iarraidh aird a tharraingt ar chéad chur i dtír sclábhaithe ón Afraic i 1619 amháin atá na staraithe agus na scríbhneoirí eile a bhfuil a saothar i gcló sa leabhar. Is leithne agus is doimhne a mbun-aidhm. Ní thuigfear stair na Stát Aontaithe i gceart, dar leo, cheal taighde agus tuiscint ar ré na sclábhaíochta agus ar an gciníochas agus ar an gcos ar bolg a rinneadh ar dhaoine dubha ó shin i leith.

Is sampla maith é ‘The 1619 Project’ den athbhreithniú ar an stair a theastaíonn go géar i ngach tír ó am go ham. Is léir sampla léanmhar eile abhus a bhuí le taighde na n-iriseoirí agus na staraithe a thug an leatrom fuarchúiseach agus fuarchroíoch a rinneadh ar mhná sna hárais máithreacha agus naíonán chun solais.

B’fhiú aghaidh a thabhairt ar bhearna eile freisin, ní i saothar na staraithe dáiríre ach i dtuiscint an phobail ar bhunú an stáit. Chuir comóradh éirí amach 1916 in 2016 séala oifigiúil ar chuntas a chuir béim ar stair an stáit mar stair an náisiúin cé nach ionann iad in aon chor.

Níl deireadh le comóradh na mór-eachtraí a tharla roimh, le linn agus tar éis bhunú an stáit. Beidh an Conradh Angla-Éireannach, a síníodh ar 6 Nollaig 1921 agus a chuir deireadh le riail Shasana ar an taobh ó dheas den teorainn, céad bliain d’aois Dé Luain.

Ba chóir go spreagfadh cuimhne ar shíniú an Chonartha machnamh ar ghné thábhachtach den fheachtas polaitiúil agus míleata ar son saoirse nár pléadh go hiomlán sa Phoblacht fós. Níor thug formhór na ndaoine a thug tacaíocht don fheachtas ar son na saoirse ó aimsir Pharnell ar aghaidh aghaidh riamh ar bhunfhadhb a bhí follasach roimh éirí amach 1916. Bhí aontachtaithe an tuaiscirt meáite ar a stát féin a chur ar bun, agus ba léir nach mbeadh aon chúis cheiliúrtha ag Éireannaigh ar an taobh ó thuaidh den teorainn agus rialtas neamhspleách á bhunú i mBaile Átha Cliath.

Ba threise ar feadh i bhfad míshásamh an mhionlaigh i dTuaisceart Éireann mar gheall ar neamhshuim pholaiteoirí an tSaorstáit gcúrsaí Thuaisceart Éireann. Bhí an chosúlacht ar dhearcadh fhormhór na rialtas anuas go dtí na 1960idí anseo nár theastaigh uathu leas an mhionlaigh ó thuaidh a phlé in aon chor seachas a bheith ag cáineadh na críochdheighilte mar éagóir Bhriotanach.

Tá feabhas mór tagtha ó shin ar ról an stáit i gcúrsaí an Tuaiscirt, go háirithe ó síníodh comhaontú Angla-Éireannach 1985. Mar sin féin léiríonn drogall fhormhór na bpáirtithe i dTeach Laighean tionól saoránach a bhunú chun athaontú na tíre a phlé bearna leanúnach ina ndearcadh ar chúrsaí an Tuaiscirt.

Ainneoin an Bhreatimeachta ní léir ó phobalbhreitheanna ó thuaidh go bhfuiltear ag teannadh le móramh a vótálfadh i bhfabhar athaontú na tíre. Ach léirigh an Breatimeacht féin nár chóir athrú gan choinne a chur as an áireamh.

Cé go maíonn páirtithe an deiscirt gur mian leo an tír a aontú ar bhonn comhthola, ní mian lena bhformhór sonraí an aontais atá uathu i bprionsabal a phlé. Má bhíonn Sinn Féin páirteach sa chéad rialtas eile, beidh deis ag an bpáirtí tionól saoránach faoi aontú na tíre a mholadh cé nach mbeidh rath air mura ndéantar é ar bhonn uilepháirtí.

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh comhdhéanamh ná fiú siombailí an stáit, a bunaíodh a bhuí leis an gconradh lochtach a síníodh ar an 6 Nollaig 1921, mar an gcéanna amach anseo. Seachnaíodh caint roimhe sin agus ó shin ar laigí sa ghluaiseacht ar son na saoirse, mar a sheachnaítear laigí i ndearcadh na bpáirtithe go léir ar chúrsaí an tuaiscirt.

Chuideodh athmhachnamh eile ar thuiscint an phobail agus na bpolaiteoirí ar stair an stáit ar a dtugtar Éire nó Ireland leis an bplé a theastaíonn ar na féidearthachtaí atá romhainn.

The 1619 Project, curtha in eagar ag Nikole Hannah-Jones, Caitlin Roper, Ilena Silverman agus Jake Silverstein, foilsithe ag One World, Nua-Eabhrac.

Fág freagra ar 'Is fiú athmhachnamh a dhéanamh ar stair an stáit a dtugtar Éire nó Ireland air'

  • An Teanga Bheo

    Agus siniú an Chonradh Treaty ar an 6ú Mi na Nollag 1921 linn agus an marú ina dhiaidh sin.

  • Seán

    D’eascair an coincheap seo ó leabhar i bhfad níos sine ná ‘The 1619 Project’. Foilsíodh an leabhar ‘Before the Mayflower’ le Lerone Bennett, Jr. (bhásaigh 2018, ar dheis Dé go raibh a anam dílis) sa bhliain 1962.