Tá sé ráite ag peileadóir Ghaoth Dobhair Kevin Cassidy go bhféadfadh an fhoireann tamall beag misnigh a thabhairt don cheantair má bhuann siad i gcluiche leathcheannais na hÉireann an deireadh seachtaine seo chugainn.
Tá Gaoth Dobhair faoi scamall bróin i láthair na huaire i ndiaidh na timpiste bóthair a tharla sa cheantar ag deireadh mhí Eanáir inar maraíodh ceathrar ógánach.
Ba as Gaoth Dobhair duine den cheathrar ógfhear, Micheál Ó Rabhartaigh, fear a raibh baint mhór aige leis an gcumann peile agus a d’imir le cuid mhaith den fhoireann atá ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann.
Imreoidh Gaoth Dobhair i gcoinne sheaimpíní na Gaillimhe, Cora Finne, Dé Sathairn seo chugainn ach deir Cassidy nach raibh siad ag smaoineamh ar an gcluiche ó tharla an tragóid.
“Ba é an cluiche in aghaidh Chora Finne an rud deireanach a bhí ar ár n-intinn againn an tseachtain seo caite,” arsa Cassidy agus é ag labhairt le RTÉ.
Tá súil aige áfach go dtabharfaidh an cluiche deis do mhuintir na háite teacht le chéile agus beagán misnigh a thabhairt dóibh.
“Tá Gaoth Dobhair faoi scamall bróin faoi láthair ach tá deis againn ardú meanman a thabhairt don phobal ar feadh uair nó dhó.”
Fág freagra ar '‘Is féidir le peileadóirí Ghaoth Dobhair ardú meanman a thabhairt don cheantar’ – Kevin Cassidy'