‘Is féidir le Leibhéal 3 an beart a dhéanamh’ – an Taoiseach

D’fhógair an Roinn Sláinte breis is 1,800 cás eile den ghalar ag an deireadh seachtaine, 1,012 cás Dé Sathairn agus 814 cás inné

‘Is féidir le Leibhéal 3 an beart a dhéanamh’ – an Taoiseach

Tá ráite ag an Taoiseach go bhféadfadh rath a bheith ar na srianta Leibhéal 3 ó thaobh srian a chur le scaipeadh an ghalair, beatha daoine a shábháil agus postanna a chosaint.

Dúirt Micheál Martin go raibh amhras air maidir leis an éifeacht a bhainfeadh le ‘scoradán ciorcaid’, is é sin tréimhse ghairid diansrianta le scaipeadh an Covid-19 a mhaolú, ach níor chuir an Taoiseach a leithéid as an áireamh ar fad.

“Beidh na seachtainí romhainn amach dúshlánach ach, i gcomhar le NPHET, rachaimid i ngleic le cúrsaí ar bhealach diongbháilte agus cuí. Tá an cumas ionainn agus na hacmhainní againn é seo a chur dínn agus sin a dhéanfaimid,” arsa an Taoiseach.

D’fhógair an Roinn Sláinte breis is 1,800 cás eile den ghalar ag an deireadh seachtaine, 1,012 cás Dé Sathairn agus 814 cás inné. Fógraíodh le linn an deireadh seachtaine go raibh cúigear eile básaithe de dheasca an ghalair.

Fógraíodh 1,066 cás nua agus bás amháin eile ó thuaidh den teorainn inné.

2,414 duine atá básaithe de dheasca an ghalair ó thosach na paindéime 1,826 ó dheas den teorainn agus 588 ó thuaidh di.

62,686 cás atá deimhnithe go dtí seo, 42,528 ó dheas agus 20,15 ó thuaidh.

Bhain 77 de chásanna an lae inné le Corcaigh, bhain 64 acu le Gaillimh, 56 cás a bhí i nDún na nGall agus 48 cás a bhí i gcontae na Mí. Bhain 226 cás le Baile Átha Cliath agus sna contaetha eile go léir sa stát a bhí 343 cás eile.

204 othar a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu a bhí sna hospidéil inné agus bhí 30 díobh in aonad dianchúraim.

137 othar atá buailte ag an Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 19 acusan atá in ICU.

Bhí toradh dearfach ar an tástáil don ghalar a cuireadh ar 5,909 duine sa Tuaisceart le seachtain anuas.

314 in aghaidh gach 100,000 duine ráta seacht lá an ghalair sa Tuaisceart. 946.4 an ráta i nDoire agus an Srath Bán, an ceantar is measa atá buailte in Éirinn.

Tá an tAire Pobal i Stormont, Carál Ní Chuilín, a bhfuil cúram na Gaeilge uirthi i mbun féinleithlisithe faoi láthair. Bhí toradh diúltach ar an tástáil a fuair sí don choróinvíreas ach tá an galar tolgtha ag roinnt daoine atá muinteartha léi.

Tá an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill ag féinleithlisiú faoi láthair chomh maith.

 

Fág freagra ar '‘Is féidir le Leibhéal 3 an beart a dhéanamh’ – an Taoiseach'