Baineadh creathadh as pobal Chumann Lúthchleas Gael i mí Eanáir 2021 nuair a tháinig an scéala go raibh Éamonn Ryan imithe ar shlí na fírinne. Bhí máistir tréitheach Chnocán na Biolraí gníomhach i gcúrsaí CLG, mar imreoir agus mar bhainisteoir, ar feadh breis agus caoga bliain: idir leanaí, mhionúir agus dhaoine fásta, idir fhir agus mhná, idir chlubanna agus chontae. Fear atá sa Táin. Deineadh saol an fhathaigh spóirt seo a chomóradh sa chlár faisnéise dátheangach Éamonn Ryan: An Máistir (TG4, Déardaoin).
Ní hiad na gaiscí iomadúla spóirt is mó a fhanann liom tar éis dom an clár a fheiscint ach an meas agus an gean a bhí ag cách air. Deora i gceann a gcuid súl ag rannpháirtithe agus an fear geanúil, tuisceanach, spreagúil seo á thabhairt chun cuimhne acu. San áireamh anseo bhí daoine a bhí ar scoil aige na cianta ó shin; iad ag tabhairt chun cuimhne an grá a chothaigh sé iontu don spórt agus don léann araon, an Ghaeilge san áireamh. Faoi mar a dúirt Rena Buckley ag pointe amháin: “A good coach can change a game, a great coach can change a life.” Lena chois sin ar fad labhraíodh faoin tslí gur thug sé aghaidh ar an ailse go cróga agus go ciúin.
Ag tús an chláir chonaiceamar seomra lán de chuimhneacháin spóirt, ag meabhrú dúinn go raibh Éamonn báite sa CLG ós na seascaidí i leith. Bhí an-tionchar ag a thréimhse i gColáiste Íosagáin, áit a raibh Ciarraígh sciliúla timpeall air, ar a dhearcadh agus a dhúil sa chaid. Chaith sé tréimhse cúig bliana nó mar sin ag imirt le sinsir Chorcaí agus chuaigh sé le bainistíocht nuair a chuir sé air iall na mbróg chaide den uair dheiridh. D’fhág sé a lorg aon áit gur chaith sé bibe an bhainisteora: a chlub baile, Piarsaigh Chorcaí, Béal Átha an Ghaorthaidh agus foirne mionúr is sinsir Chorcaí. Ba é a bhí i bhfeighil ar fhoireann sinsir Chorcaí nuair a bhaineadar barrthuisle as Ciarraí i 1983. Mhaígh Dinny Allen gurb é a leag an bhunchloch don rath a bhí ar Chorcaigh dorn blianta ina dhiaidh sin. Lean an dúil sa bhainistíocht go deireadh a shaoil; thug a bhean Pat le fios gur léirigh sé suim tabhairt faoi fhoireann eile coicís sular imigh sé ar shlí na fírinne.
Ba í a thréimhse le foireann ban Chorcaí is mó a fhanfaidh sa chuimhne. Ghríosaigh sé na mná chuig deich gCraobh uile-Éireann san iomlán, curiarracht CLG nár deineadh cheana agus ná déanfar arís. Earcaíodh cuid de na mná sin – Rena Buckley, Valerie Mulcahy, Briege Corkery srl le paistí cainte a dhéanamh. Bhí Gaeilge againn ó chuid de rannpháirtithe an chláir: muintir Uí Riain, Brian Tyers agus Buckley mar aon le tráchtaireacht bhreá ón gCorcaíoch Liam Mac an Mhaoir.
Clár mothúchánach, cuí a thug fear tréitheach faoi leith chun cuimhne.
Fág freagra ar '‘Is féidir le cóitseálaí maith cluiche a athrú, is féidir le cóitseálaí iontach do shaol a athrú’'