Is féidir brath ar Thiobraid Árann

Tabharfaidh na foirne aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh inniu agus imreoirí Anthony Cunningham ag iarraidh díoltas a bhaint amach i ndiaidh do Thiobraid Árann an ceann is fearr a fháil orthu anuraidh

Munster GAA Hurling Senior Championship Semi-Final, Gaelic Grounds, Limerick 21/6/2015 Limerick vs Tipperary Tipperary’s Padraic Maher Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Padraic Maher ó Thiobraid Árann ©INPHO/Cathal Noonan

Cluiche Leathcheannais na hÉireann – Gaillimh v Tiobraid Árann, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

Gan ach 20 nóiméad fágtha i gcluiche na bliana seo caite idir na foirne seo, bhí an chuma ar an scéal go raibh a ndóthain déanta ag Gaillimh. Bhí siad sé phointe chun cinn ar Thiobraid Árann i Durlas, 4-12 in aghaidh 1-15, agus, mura dtarlódh tubaiste, bhí foireann Antony Cunningham cáilithe do chluiche leathcheannais na hÉireann arís.

Ansin tharla an tubaiste.

As sin go deireadh an chluiche, d’aimsigh Tiobraid Árann 2-10 agus gan ach aon phointe amháin ag na Gaillimhigh mar fhreagra ar an méid sin. Bhí biaiste scórála sin ó Thiobraid Árann bun os cionn le gach a chuaigh roimhe sa chluiche agus faoi dheireadh na craoibhe, bhí Tiobraid Árann i bhfoisceacht cúpla milliméadair de chorn Liam Mhic Cárthaigh a bhreith leo. Theastaigh Hawk-Eye lena léiriú go ndeachaigh buille John O’Dwyer taobh amuigh den phosta i gcoinne Chill Chainnigh sa chluiche ceannais a chríochnaigh ar comhscór.

Ba é an teacht aniar sin in aghaidh na Gaillimhe a chuir gaoth i seolta na dTiobradach anuraidh agus d’fhoghlaim siad ceachtanna sa choimhlint sin a sheasann leo inniu.

Nuair a bhí an Ghaillimh ag dul go maith sa chluiche sin rinne Jonathan Glynn go leor dochair sa líne lántosaigh. Bhí fear Ard Raithin ag fáil an ceann is fearr ar Phádraic Maher agus dhá chúl aimsithe aige ach, chomh luath agus a bhog Eamon O’Shea siar James Barry ar Glynn, tháinig deireadh le tréimhse forlámhais Glynn.

Tá Barry fós ag imirt mar lánchúlaí ag Thiobraid Árann ach Glynn anois amuigh sa líne leath-thosach, áit a rachaidh sé in adharca le Pádraic Maher arís. Beidh sé suimiúil a fheiceáil an ndéanfaidh an Ghaillimh iarracht in athuair brú a chur Maher.

Bhí fadhbanna dá gcuid féin ag Gaillimh sa líne lánchúil an lá céanna. Bhí Ronan Burke, imreoir óg gan mórán taithí aige, ag imirt mar lánchúlaí do na Gaillimhigh agus cé go raibh sé ag déanamh réasúnta maith ar Shéamus Callanan sa chéad leath, taispeánadh carta buí dó sa tréimhse sin, rud a chuir faoi míbhuntáiste é sa mhéid is gurbh éigean dó a bheith níos cúramaí ina chuid imeartha.

Tá sé deacair Callanan a choinneáil faoi chois agus tú i mbarr do mhaitheasa, ní áirím nuair a bhíonn ort bheith ag faire ar an réiteoir. Is ag an bpointe sin ba cheart d’Anthony Cunningham tacaíocht a thabhairt dá lánchúlaí, rud a dhéanfaí ach imreoir eile a bhogadh siar, ach ní dhearna bainisteoir na Gaillimhe amhlaidh agus lean Callanan air ag déanamh scrios, agus 3-8 ag deireadh na himeartha aige.

Faraor do Burke, níl mórán deiseanna faighte aige san fhoireann ó shin agus tá lánchúlaí óg eile, John Hanbury, tagtha isteach ina áit. Má fhágtar Hanbury ar Callanan gan cabhair ar bith, bí cinnte go ndéanfaidh sé dochar arís.

Ceann de na laigeachtaí is mó a bhí ag foirne na Gaillimhe le blianta beaga anuas ná nach mbíonn siad in ann an beart a dhéanamh sa deireadh i gcluichí a mbíonn an lámh in uachtar acu iontu. Ní raibh an fhadhb sin acu sa chluiche ceathrú ceannais ach ní leor bua amháin i gcoinne drochfhoireann Chorcaí lena chruthú go bhfuil leigheas an ghalair aimsithe acu.

Tá an fhadhb chéanna fós againne chomh maith: is deacair measúnú ceart a dhéanamh ar Ghaillimh. Bhí siad iontach i gcoinne Bhaile Átha Cliath (san athimirt) agus Chorcaí ach chlis orthu i gcluiche ceannais Chúige Laighean in aghaidh Chill Chainnigh.

Mar gheall air sin, agus bunaithe ar an sárimirt atá feicthe againn ó Thiobraid Árann le dhá bhliain anuas, bheifeá ag súil gurbh iad foireann Eamon O’Shea a bheidh ag tabhairt aghaidh ar na Cait an mhí seo chugainn.

Rogha Tuairisc.ie: Tiobraid Árann

 

Fág freagra ar 'Is féidir brath ar Thiobraid Árann'