Is féidir brath ar mhí-ionracas Boris

Beidh Boris Johnson i gceannas go luath. An féidir margadh a dhéanamh leis a rachaidh chun tairbhe d’Éirinn?

Is féidir brath ar mhí-ionracas Boris

Seachtó bliain ó shin a foilsíodh 1984, an t-úrscéal fáistineach inar thug George Orwell rabhadh liteartha faoin ansmacht scéiniúil a bheadh i réim i dtíortha ollmhóra nua ina mbeadh cumhacht as cuimse ag an stát. 

Níor fíoraíodh fís an leabhair go hiomlán i dtír ar bith fós. Mar sin féin, ní mór an difríocht idir a thairngreacht ar go leor bealaí agus an cineál tíorántachta sár-eagraithe atá á dhaingniú i gcónaí sa tSín agus sa Chóiré Thuaidh.

Sin ráite, ní tearc na samplaí againn den tseafóid agus den tsaobhchaint a bhí mar dhlúthchuid de bhéarlagair an lucht ceannais in úrscéal Orwell. Ar ndóigh baineann polaiteoirí casadh agus ciall as briathra de réir mar a fheileann dá gcuspóirí, ach cuireann lucht ceannais 1984 an fhírinne as a riocht go hiomlán, mar is léir ó na ráitis is cáiliúla sa leabhar:

War is peace.

Freedom is slavery.

Ignorance is strength.

Ar an gcéad amharc, is deacair a chreidbheáil go n-aontódh duine stuama ar bith le caint gan bhrí dá leithéid. Ach in úrscéal Orwell, téann an tíorántacht chomh mór sin i bhfeidhm ar an bpobal go mbíonn faitíos ar dhaoine fiú deargsheafóid dá leithéid a shéanadh.

Tá sé chomh maith againn mar sin Boris Johnson agus a thréithe a phlé, tharla go bhfuil sé ionann agus cinnte go mbeidh sé tofa mar phríomh-aire sa Bhreatain faoi dheireadh na míosa seo chugainn.

Is leor cur síos ar bhréag amháin a d’inis sé mar léargas ar a mhí-ionracas. Mhaígh Johnson  roimh reifreann Breatimeachta 2016 go dtairgfí ballraíocht san Aontas Eorpach don Tuirc. Ní raibh fianaise ar bith ann an uair sin ná ó shin go raibh a ndúirt sé fíor. 

Nuair a chuir an t-iriseoir Michael Crick a chaint bhréagach i gcuimhne dó ag comhdháil nuachta le gairid, shéan Johnson gan náire go ndúirt sé a leithéid riamh – in ainneoin a ráiteas a bheith taifeadta agus athchraolta, agus in ainneoin a mhí-ionracas a bheith follasach do chách. 

Ní léir ach cúis amháin dóchais go bhféadfaí teacht ar chomhthuiscint le ceannaire dá leithéid. Ní athróidh ceannairí an AE  an comhaontú aistarraingthe, mar a dúirt Angela Merkel, Paul Rutte, Donald Tusk, Jean-Claude Juncker agus ceannairí eile arís sa Bhruiséil Dé hAoine.

Mar sin féin beidh cúis mhór ceiliúrtha agus faoisimh ag an rialtas agus ag rialtais ar fud na hEorpa más mar seo a tharlaíonn…

Toilíonn ceannairí an AE abairtí breise a chur sa ráiteas polaitiúil ina leagtar amach prionsabail ghinearálta maidir leis an gcaidreamh amach anseo leis an Ríocht Aontaithe, agus déanann Boris Johnson rud mór de na briathra breise, amhail is go bhfuil dul chun cinn mór déanta agus feabhas as cuimse curtha ar an gcomhaontú a shínigh Theresa May. 

Slogann móramh de na feisirí in Westminster a chur i gcéill agus vótálann siad i bhfabhar an chomhaontaithe, toisc gur mian leo olltoghchán nó reifreann a sheachaint.

An dóchúlacht gur amhlaidh a bheidh? 10/1 ina choinne, nó níos lú b’fhéidir.

Ach cogar, cé mhéad duine stuama a shíl cúig bliana ó shin go dtoghfaí cladhaire cosúil le Donald Trump mar uachtarán sna Stáit Aontaithe?

Fág freagra ar 'Is féidir brath ar mhí-ionracas Boris'