Bhí fear ar m’aithne nár mhinic a chinn a theanga air. Tráthnóna amháin, le linn dósan agus dá chomhrádaithe a bheith ag baint súmóga as piontaí i dteach an óil, tarraingíodh anuas col ceathrar dá chuid a bhí ag dul faoi chuing an phósta go gairid ina dhiaidh sin.
“Beidh an-lá go deo agaibh ar an mbainis,” a dúirt fear acu leis. “Ní bheidh mé in ann a dhul ann,” a deir mo mhéit.
“Cén fáth sin?” a deir siad ar fad in éineacht. “Ní bhfuair mé aon chuireadh,” a d’fhreagair sé, sular thug an doras amach air féin agus an braon deireanach den phórtar ag guairneáil síos ina phíobán.
Bás an imreora sacair Nobby Stiles, cosantóir ar fhoirne Shasana agus Manchester United a bhuaigh Corn an Domhain agus Corn na hEorpa in Wembley i 1966 agus 1968 a mheabhraigh scéal na gcuirí dom.
Is féidir an rún a sceitheadh anois go raibh mise ar a phósadh siúd agus gan an ‘cuireadh cosáin’ fhéin agamsa ach an oiread.
Trí bliana déag d’aois a bhí mé ag an am, sáinnithe sa scoil chónaithe, seachtain eile sula dtiocfadh saoire an tsamhraidh an lá ar bhuaigh Manchester United ar Leicester City 3-1 i mbabhta ceannais Chorn an FA 1963. Aspal dílis dúthrachtach de chuid United, ní raibh teacht agam ar aon eolas faoi na himeachtaí go dtáinig scoláire lae isteach ag staidéar an tráthnóna agus an scéala aige gur bhuaigh United 3-1 . David Herd a scóráil faoi dhó agus Denis Law a fuair an ceann eile.
Bhí triúr Éireannach ar an bhfoireann – an captaen Noel Cantwell, Tony Dunne agus Johnny Giles, a mbeadh Old Trafford fágtha ina dhiaidh aige cúpla seachtain dár gcionn agus é imithe chuig Leeds United.
Ní raibh Nobby Stiles ag imirt sa gcluiche sin, bheadh bliain eile caite sular bhain sé áit bhuan amach ar an bhfoireann. Bhí sé ar an bpáirc ceart go leor sa gcluiche leathcheannais in aghaidh Southampton ach faoin am a dtáinig an lá mór bhí biseach tagtha ar ghortú a bhí ar Bobby Charlton agus ba eisean a roghnaigh Matt Busby.
Coicís dár gcionn bhí Cantwell, Dunne agus Giles ar fhoireann na hÉireann a bhuaigh ar Albain ar Pháirc Chnocán an Dálaigh, a bhuíochas do chúl a scóráil an Corcaíoch.
Ní fearacht an Spailpín Fánach é, bhí mo phas faighte agamsa faoi lár na seachtaine roimhe sin – na cúpla lá ba thúisce de shaoire an tsamhraidh caite sa mbaile agam nó gur athraigh mé lóistín – mé anois i mBleá Cliath áit a raibh beirt aintín de mo chuid – duine acu i bhfoisceacht cúpla céad slat de Pháirc Chnocán an Dálaigh. Sa ngairdín taobh amuigh dá teach siúd a chaith mé tráthnóna na himeartha agus mé i bhformad ag éisteacht leis an ngleo a bhí ag imeacht san aer.
Cúpla lá dár gcionn bhí lóistín athraithe agam, mé anois cúpla míle ó bhaile ar Bhóthar na hUaimhe, áit a raibh m’aintín eile ina cónaí trasna an bhóthair ó theach an phobail ansin. I lár na maidine ansiúd agus mé féin, mo chuid col ceathracha agus cairde leo siúd ag leiciméireacht thart, tharraing an bus seo isteach ag an séipéal agus thosaigh buíon daoine a bhí thar a bheith gléasta ag déanamh a mbealach amach – bláth bán i gcába chuile dhuine acu.
Deirfiúr leis an imreoir Johnny Giles, a raibh cónaí ar a mhuintir timpeall an choirnéil, a bhí sa mbrídeog a dúirt duine de na jeaicíní óga – peileadóir eile de chuid United a raibh Nobby Stiles air a bhí sí a phósadh agus bheadh tuilleadh fós dá gcomrádaithe i láthair.
B’fhíor dó.
D’aithin muid Stiles, Giles agus Dunne agus dúirt duine éicint go mba pheileadóir a raibh Eamon Dunphy mar ainm air an t-ógánach catach fionn a chuaigh tharainn agus muid ag stánadh isteach trí ráillí an tséipéil.
Agus an bus folaithe chaill mo chairde suim sa scéal agus d’imigh leo i mbealach éicint eile. Ach ba dheacair liomsa corraí.
Cé nach raibh an deoraí féin ar na céimeanna faoi seo agus doirse theach an phobail dúnta, ní fhéadfainn imeacht. Shásódh aon amharc amháin eile mé, fiú dá mba ar chúl a gcinn féin é.
B’in freisin a raibh i ndán dom, mar i 1963 ba é cúl an tsagairt freisin a bhí leat le linn Aifrinn – dá mba ag breathnú anuas orm a bheadh sé mar a tharlódh inniu, ní bheadh sé de mhisneach go deo agam tabhairt faoin doras.
Ach, agus dóthain ama tugtha dó le dul chomh fada leis an Credo in unum Deum isteach liom go bhfuaireas an cúinne ba dhorcha i gcúl thiar an tséipéil. Ansiúd agus cuma na cráifeachta orm chaith mé tamaillín ag baint lán mo dhá shúil as a raibh amach romham. Thug mé do na boinn amach ansin é.
Sin mar a casadh ag pósadh Nobby Stiles mé.
Is minic ó shin a chuimhním gurbh é an trua nach raibh sé de dhánaíocht ionam fanacht go dtáinig an Chomaoineach – a dhul suas agus lámh a chroitheadh le mo chuid laochra faoi bhealach.
Is fearr go mór an scéal a bheadh ansin agam.
Donncha
An scéal, a Mhártain.