Scríobh agus thaifead daltaí an chúigiú ranga i Scoil Íosagáin i bhFearann an Rí i gContae Chorcaí rap i nGaeilge do Sheachtain na Gaeilge.
Rinne an comhlacht GMCBeats an t-amhrán a thaifeadadh ag ceardlann a bhíonn ar siúl sa scoil uair sa tseachtain. Is féidir éisteacht leis an amhrán ‘Is fearr Gaeilge Bhriste ná Béarla Cliste’ ar leathanach SoundCloud an chomhlachta GMCBeats.
Is rap macarónach é “Is fearr Gaeilge Bhriste ná Béarla Cliste” a mhíníonn focail agus nathanna Gaeilge don lucht éisteachta.
Breathnóir
Ag an am céanna, is fearr i bhfad Gaeilge chliste ná Béarla briste…
Glór í Eo
Amach ó bhéil na leanaí!