Is fearr cara sa chúirt…Kavanaugh, Trump agus Mueller

Bhí Donald Trump diongbháilte de ó thús go seasfadh sé le Brett Kavanaugh. D’fhéadfadh go raibh cúis mhór amháin leis sin

Is fearr cara sa chúirt…Kavanaugh, Trump agus Mueller

Tá Brett Kavanaugh fite fuite leis na Poblachtánaigh le fada an lá. D’oibrigh sé sa Teach Bán le linn uachtaránacht George W. Bush. Bhí baint aige go deimhin, ina chuid oibre mar dhlíodóir, leis an gcás cúirte a chinntigh go dtoghfaí George W seachas Al Gore i dtoghchán na huachtaránachta sa bhliain 2000. Fágann sin agus a chuid tuairimí coimeádacha ar cheisteanna morálta go bhfuil bunús an pháirtí Phoblachtánaigh ag tacú leis an té atá ainmnithe ag Trump don Chúirt Uachtarach. In ainneoin na conspóide ar fad faoi, is dá bharr seo atá sé níos cinnte ná mar a bheifeá ag súil de lántacaíocht an pháirtí.

Ba shoiléire ná riamh an méid sin an tseachtain seo caite nuair a vótáil Seanadóirí díreach ar bhonn páirtí a ainmniúchán a chur ar aghaidh go dtí an Seanad féin, sin in ainneoin na líomhaintí atá á ndéanamh ina aghaidh faoi ionsaí gnéis. Go deimhin is go drogallach a d’aontaigh siad gur cheart fiosrúchán FBI a bhunú faoi na líomhaintí a chualathas fúthu ag éisteacht na seachtaine seo caite.

Bhí Donald Trump diongbháilte de ó thús go seasfadh sé le Kavanaugh agus bhí deifir air freisin an próiseas ainmniúcháin a thabhairt chun críche. Cén fáth an deifir? Tá baint aige leis an obair atá déanta ag Kavanaugh sna blianta atá caite.  D’oibrigh sé le Kenneth Starr nuair a bhí seisean ina dhlíodóir neamhspleách a raibh sé de fhreagracht air líomhaintí in aghaidh an iarUachtaráin Clinton a fhiosrú. Chaith Starr cúig bliana i mbun fiosraithe faoi Bill Clinton le linn dó bheith sa Teach Bán. Scannal Whitewater agus bás Vince Foster in Arkansas ba chúis le ceapadh Starr. Tháinig a fhiosrúcháin chun críche nuair a tugadh cás táinsimh in aghaidh Clinton mar gheall ar an gcaidreamh a bhí aige le Monica Lewinsky. Míchlú a tharraingt ar oifig an Uachtaráin an chúis a cuireadh ina aghaidh.

Tréas, breabaireacht agus mórchoireanna eile na cúiseanna gur féidir Uachtarán a tháinseamh. Tá feachtas leanúnach ar bun ó toghadh Donald Trump ag daoine a chreideann gur cheart é a tháinseamh nó, murar féidir cás a dhéanamh dó sin, cúiseanna coiriúla a thabhairt ina aghaidh.

Agus é faoi agallamh le gairid mhínigh Ken Starr go bhfuil sé soiléir de réir dlí na Stát Aontaithe nach gcuirtear an dlí ar Uachtaráin as cúiseanna coiriúla.  Dá réir sin, dar le Starr, ní mór cúiseanna a aimsiú a thagann leis na rialacháin maidir leis an táinseamh. Ní sé dhá mhí ó bhí sé á mhaíomh ag Trump go mbeadh lánchead aige maithiúnas a thabhairt dó féin sa gcás agus go gciontófaí é as coir a dhéanamh. Rinne Brett Kavanaugh go leor scagadh, le linn a thréimhse le Starr, ar na hargóintí a bhaineann le cé acu an féidir nó nach féidir cúiseanna coiriúla a thabhairt in aghaidh Uachtaráin.

Cén tábhacht atá leis seo i gcomhthéacs an cheapacháin atá déanta ag Donald Trump? Robert Mueller, an fear atá ceaptha anois mar ionchúisitheoir speisialta chun fiosrú a dhéanamh faoi aon cheangal a bhí ag an Rúis le toghchán 2016, ag áireamh aon cheangal a bhí ag feachtas Donald Trump lena leithéid.

Tá Mueller ag treabhadh leis lena fhiosrúchán. Tá os cionn 20 barántas eisithe aige, Paul Manafort, iarcheannasaí fheachtas Trump i bpríosún agus tá iliomad iarratas déanta ag Mueller labhairt le Donald Trump agus baill dá theaghlach.

D’fhéadfadh an fiosrúchán a bheith tubaisteach do Trump agus ba mhaith ann Kavanaugh sa Chúirt Uachtarach dá bharr. Tá eolas ag Kavanaugh ar an mbealach a n-oibríonn fiosrúcháin, ó tharla go raibh sé lárnach i réiteach an cháis a tugadh in aghaidh Clinton lena tháinseamh. Tá éileamh déanta cheana ag na Daonlathaigh go seasfadh Brett Kavanaugh siar ó aon chás a bhainfeadh le hobair Robert Mueller dá gceapfaí an breitheamh chun na Cúirte Uachtaraí. Ceistíodh Kavanaugh faoi seo ag an gcéad éisteacht faoina ainmniúchán, ach níor fhreagair sé an cheist.

Tá amhras mór ann go raibh scéal Mueller agus na Rúise ar intinn Trump agus a ainmniúchán don Chúirt  Uachtarach á mheas aige. Céard a deir an seanfhocal faoi chara sa gcúirt? Ba mhaith ann a leithéid, go háirithe d’Uachtarán atá faoi bhrú mar gheall ar thoghcháin agus i mbaol a tháinsimh.

Fág freagra ar 'Is fearr cara sa chúirt…Kavanaugh, Trump agus Mueller'

  • Colm

    Caidé direach a deir an seanfhocal? Níl aithne agam ar an seanfhocal sin.

  • Colm

    Caidé direach a Deir an Sea tho all sin? Níl aithne agam air.