Is fearr a d’aimseodh Sacha Baron Cohen a sprioc dá seachnódh sé an ghraostacht agus an tseafóid

Tá an chéad chlár den tsraith nua ‘Who is America?’ ag brath rómhór ar ‘ghreann an leithris’ agus na graostachta

Is fearr a d’aimseodh Sacha Baron Cohen a sprioc dá seachnódh sé an ghraostacht agus an tseafóid

Tá cad é bús le tamall anuas faoin táirge is déanaí ón bhfear aoir Sacha Baron Cohen, go mórmhór ó chuir pearsana difriúla, Sarah Palin san áireamh, in iúl gur éirigh leis an Sasanach an dallamullóg a chur orthu.  Is sraith seacht gclár é Who is America? atá á chraoladh ar Showtime i Meiriceá agus ar Channel 4 abhus.

An cur chuige atá ag Cohen le blianta ná cultacha, canúintí agus

smideadh a tharrac chuige féin le carachtair shainiúla aite a chur os ár gcomhair. Bhí an-rath ar Ali G, carachtair a léiríonn deisbhéalaíocht Cohen go seoigh agus cuimhním ach go háirithe ar an agallamh le Posh agus Becks mar aon leis an dreas cainte le Sammy Wilson (Is you Irish? No, British So is you ‘ere on holiday?). Ina dhiaidh sin tháinig Borat, Brüno agus  General Aladeen.

Taibhsíodh dom riamh go mbíonn a chuid iarrachtaí ann as. Bíonn mír sheafóideach aige in aghaidh gach buille oird ar inneoin. Is féidir leis na slaiseanna a thagann as maoil a chonláin leibhéal a dhéanamh ar dhuine, ach go minic ritheann sé amach ón gcairt ar fad le graostacht agus cur i gcéill gan dealramh gan ghreann. Is amhlaidh atá anseo. Tarraingíonn Cohen ceathrar carachtar chuige féin agus spreagann a n-áibhéil agus a n-áiféis siúd na haíonna le dearcthaí biogóideacha ciníocha cúnga a léiriú.

Ba chliste an mhaise é tosnú le Bernie Sanders agus é á chur faoi agallamh ag Billy Wayne Ruddick Jr, teoiricí comhcheilge de chuid de heite deise. Ní ghéilleann Sanders glic don saighdeadh, áfach, agus é uasal tomhaiste síos tríd. Tús patuar ach cosaint ar ionsaithe Palin et al a mhaíonn go ndeineadar amadáin díobh féin mar gur cuireadh an dallamullóg orthu. Má tá do thuairimí tomhaiste, stuama, ciallmhar, agus má chuireann tú in iúl iad amhlaidh, ní féidir seó bóthair a dhéanamh díot.

Ní raibh aon chrot ag an dara mír ach an oiread mar a chuir an liobrálaí Ira Cain-N’Degocello, fear atá gafa leis an gceartaiseacht pholaitiúil, muintir Thompson fé agallamh ina dtigh cónaithe. Cuid de lucht leanta Trump iad atá ag fulaingt de bharr ‘white privilege’. Téann Cohen i muinín ghreann an leithris agus na graostachta; ag trácht ar mhún agus caidreamh collaí le deilf.  Níorbh fhiú an deich triuf ach oiread an mhír lena charachtar Ricky Sherman, iarphríosúnach atá ag iarraidh a chuid ealaíne, atá déanta as sreabháin de chuid an choirp, a dhíol le dánlann i Laguna Beach.

Is ansan a thagann an Coirnéal Erran Morad ar an bhfód, Iosraelach atá ag feachtasaíocht le gunnaí a chur i seilbh leanaí óga le gur féidir leo a bheith ina ‘Kinderguardians’. Éiríonn leis Philip Van Cleave, gníomhaí cearta gunnaí aitheanta, a earcú le fógra áiféiseach míchuí a dhéanamh. An fógra ag maíomh go bhféadfadh leanaí óga ‘uzicorn’ agus ‘puppy pistol’ a úsáid lena chinntiú go mbeadh ar bhithiúnaigh ‘long nap’ a thógaint. Ní greann atá ann ar shlí ach alltacht faoi dhíth céille agus baois. Is amhlaidh atá le Larry Pratt, gníomhaí eile, a léiríonn meon atá homafóbach ciníoch agus biogóideach. Lena chois sin déanann sé scairteadh gáire nuair a mhaíonn Morad nach bhfuil a leithéid do rud ann agus éigniú laistigh den phósadh.

’Sé an fógra a dhéanann Morad le Pratt agus scata feisirí náisiúnta an buaicphointe. Iad ag léamh as script réamhscríofa nach bhfuil ann ach raiméis; duine acu ag caint ar ‘rudimentary knowledge of mortars’ a chabhródh le ‘first grader’ a bheith ina ‘first-grenader’. Bainfidh sé d’anáil díot agus beidh tú ag gáire le halltacht.

Dá seachnódh Cohen an ghraostacht agus an tseafóid gan dealramh agus ligean do na haíonna amadáin a dhéanamh díobh féin, d’fhéadfadh táirge stuifiúil greannmhar a bheith againn.

Fág freagra ar 'Is fearr a d’aimseodh Sacha Baron Cohen a sprioc dá seachnódh sé an ghraostacht agus an tseafóid'