Is fada ón ‘Sliotar hitter’ agus an ‘Hurling Rebounder’ a tógadh sinn!

JOHN ALLEN: Le hais mar a bhí, is diamhair an rogha atá anois ann maidir le bronntanais CLG

Is fada ón ‘Sliotar hitter’ agus an ‘Hurling Rebounder’ a tógadh sinn!

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tá cúrsaí iománaíochta chlubanna na sinsear ciúin go leor an deireadh seachtaine seo cé go bhfuil mórán cluichí sóisir agus idirmheánacha fós á n-imirt agus na craobhacha cúigí le teacht roimh bhriseadh na Nollag.

Dar ndóigh ní fada uainn anois an Nollaig chéanna agus an fhógraíocht ar na meáin tosaithe cheana féin, gan trácht ar cheol na Nollag sna hollmhargaí.

Bhí tráth ann nuair a bhíodh leabhar nó dhó faoi imreoir CLG ar fáil do mhargadh na Nollag ach anois foilsítear raidhse díobh gach bliain agus bíonn siad á seoladh níos luaithe.

Tá sé deacair uaireanta an bronntanas ceart a cheannach. Is cuimhin liom leathchéad bliain ó shin go bhfuair mé liathróid mhór peile O’Neills agus mé chomh bródúil aisti mar ní raibh a leithéid ag aon duine ar shráid bhaile Achadh Bolg ag an am. Is cuimhin liom camán a fháil Nollaig eile agus cé go raibh sé i bhfad rómhór agus róthrom dom cheapas go rabhas i mo laoch ceart agus gan mé ábalta mórán a dhéanamh leis an uirlis chatha throm. Agus céard faoi bróga peile O’Neills na seascaidí agus gan mórán aeraidinimice ag baint leo gan trácht ar Blades nua stodaí éagsúla, fada nó gearr. 

Faraor ag an am sin ní raibh mórán d’aon rud ar fáil nó airgead ann chun aon rud a cheannach, agus cinnte ní raibh mórán earraí spóirt sa tír. Nach iontach mar sin na hathruithe atá tagtha ó thaobh áiseanna agus oiliúint imreoirí óga CLG le deich mbliana anuas? Tá fearas nua á úsáid go  forleathan anois, go háirithe san iomáint. Nach iontach an chabhair é an rópa agus leathdhosaen sliotar greamaithe leis. Is féidir a lán druileanna a dhéanamh leis agus an rud is fearr faoi ná nach mbogann na liathróidí in aon chor.  Is féidir an bualadh ar an dtalamh a chleachtadh i mbeirteanna nó i d’aonar. Is féidir an cor camáin a chleachtadh air chomh maith leis an mblocáil ar an dtalamh.

Ceann eile acu seo is ea an ‘sliotar hitter’. Ta sé cosúil leis an sean-swingball. Is féidir le suas le triúr é a úsáid le chéile. Tagann an sliotar chugat go tapa agus go minic agus an cleas ná an liathróid a bhualadh ar chlé agus ar dheis gach ré uair. 

Cúpla bliain ó shin mhol iarlaoch iomána na dTiobraid Árannach Lar Corbett an ‘Hurling Rebounder’. Is líontán é seo atá crochta ar fhráma miotail. Is féidir é a úsáid i d’aonar aon áit. Buaileann tú an sliotar ina choinne agus tagann an liathróid ar ais ag an luas céanna. Tá sé an-áisiúil don chéad smachtú, scil fíorthábhachtach agus tú ag imirt.

Agus céard faoin méid éadaí CLG, idir chlub agus chontae, atá anois sna siopaí? Bíonn an feisteas seo go rialta ar an liosta do Shan Nioclás freisin. Tá an t-ádh ar pháistí na tíre go bhfuil rogha mhór earraí CLG á ndéanamh anois ag an bhfear céanna agus go bhfuil sé féin agus a chuid síofraí ag fáil faoi réir cheana don Oíche Mhór nach fada uainn anois. 

Fág freagra ar 'Is fada ón ‘Sliotar hitter’ agus an ‘Hurling Rebounder’ a tógadh sinn!'