Is fada liom go bhfeicfidh mé réalta iomána an lae amárach

Le blianta beaga anuas tá scata imreoirí óga tagtha chun cinn gach séasúr agus measaim go mbeidh an scéal amhlaidh i mbliana

Is fada liom go bhfeicfidh mé réalta iomána an lae amárach

Darragh Fitzgibbon (Corcaigh) agus Kyle Hayes (Luimneach) ag imirt in 2017. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Beidh Corn an Bhreatnaigh ar siúl amárach in ionad CLG Bellefield in Inis Córthaidh agus aghaidh á tabhairt ag an bhfoireann bhaile ar Ghaillimh.

An buntáiste is mó atá ag baint leis na fochomórtais ná go dtugann siad seans dos na bainisteoirí súil a chaitheamh ar imreoirí nua. Ní gnách gur féidir é sin a dhéanamh i bpríomhroinn na sraithe toisc go mbíonn an iomaíocht chomh sin inti. Ach tá súil á caitheamh ar imreoirí nua sna cluichí go léir a bhí ar siúl ó thosnaigh na comórtais.

Anuraidh bhí níos mó cluichí sa chraobhchomórtas, agus baineadh leas as níos mó imreoirí. Ba mhaith mar a chruthaigh scata maith díobh, leithéidí Kyle Hayes agus cúigear nó seisear eile as Luimneach a bhí lárnach i scéal na seaimpíní sula raibh an bhliain thart. Bhí Darragh FitzGibbon agus Mark Coleman ar fheabhas arís do Chorcaigh den dara bliain as a chéile agus an bheirt fós ag imirt faoi fiche a haon. Sheas Rory O’Connor Loch Garman amach mar a rinne Billy McCarthy as Tiobraid Árann. 

Ach tá séasúir nua anois againn agus tiocfaidh imreoirí eile chun cinn ar an ardán is mó i ndomhan na hiomána sinsir.

Bhíos an-tógtha anuraidh le taispeántas iománaithe faoi fiche a haon Chorcaí, nó ar a laghad go dtí an cluiche ceannais nuair a buaileadh iad agus iad ina rogha láidir i gcoinne Thiobraid Árann.

Ón bhfoireann sin, a bhí go hiontach go dtí an cluiche sin, sheas Conor Cahalane amach domsa, cé nár thosaigh sé cluichí go rialta. Is deartháir é le Damien agus mac, dar ndóigh, leis an iarlaoch peile Niall. Tá mianach, scil agus spiorad sa bhfear seo. Ceapaim go gcloisfear a ainm rialta go leor roimh dheireadh na bliana seo.

Ach ba iad leaideanna óga Thiobraid Árann a rinne an gaisce agus is iadsan a fuair an corn. Ba dhíol suntais cúpla imreoir díobhsan chomh maith. Chonaiceamar Jake Morris cúpla uair ag imirt leis an bhfoireann shinsir. Ach  ba leis an bhfoireann faoi fiche haon a thaispeáin sé a chumas. Bhí sé ina cheannaire ar an bpáirc agus ba é an príomhscórálaí. D’éirigh leis 2-17 a chur ar chlár na scór ina cheithre chluiche. Fear eile a chuaigh i bhfeidhm ormsa ná Ger Browne. Bhí an-tionchar aige ar chúrsaí anuraidh leis an bhfoireann bhuacach agus é ag imirt i lár na páirce. Imreoir é atá lán le fuinneamh agus é ábalta rith gan stad.

Bhí an lánchúlaí Brian McGrath, deartháir le Noel agus John, an-ghníomhach freisin agus is beag an baol nach gcuirfidh seisean chomh maith le cáil an teaghlaigh sin i mbliana.

Roimh an Nollaig chonaiceamar Baile Héil agus craobh an chúige á buachan arís acu agus i measc na seanfhondúirí aitheanta ar an bhfoireann sin bhí ógánach atá ag tarraingt clú air féin le tamall anois, Adrian Mullen, ar Fennelly a mháthair. Réalt faoi aois é cheana féin le Coláiste Chiaráin agus mionúir Chill Chainnigh. Scóráil sé dhá chúl sa chraobh sin roimh Nollaig agus is annamh nach mbíonn sé ar bharr liosta na scórálaithe ón imirt in aon chluiche a imríonn sé.

Ag deireadh na bliana tugadh ardmhodladh d’ógánach eile, Huw Lawlor ó Chill Chainnigh, as a thaispeántas mar lánchúlaí an chontae amuigh i Sydney na hAstráile i gcoinne Thiobraid Árann. 

Chuaigh ógánach eile i bhfeidhm go mór orm anuraidh chomh maith, fear a raibh geansaí na Gaillimhe ar a dhroim. Go luath sa séasúr chuaigh Brian Concannon ó Chill Íomair Dálaigh (club Tony Keady) chun páirce ó thús i gcúpla cluiche don chontae agus cheapas go mbeadh áit bhuan aige ach is léir nach raibh an lucht bainistíochta ar aon intinn liom. Seachas dhá chluiche inar tháinig sé  isteach mar ionadaí, ní fhacamar faic eile den tosaí ábalta seo. Tá an taithí sin aige anois don bhliain seo agus tá súil agam go bhfeicfimid níos mó de ar an bpáirc.

Le blianta beaga anuas tá scata imreoirí óga tagtha chun cinn gach séasúr agus measaim go mbeidh an scéal amhlaidh i mbliana.

Féasta iománaíochta i ndán dúinn ón nglúin óg.

Fág freagra ar 'Is fada liom go bhfeicfidh mé réalta iomána an lae amárach'