‘Is fada imithe mí Deireadh Fómhair’ – Jeremy Corbyn ag éileamh reachtaíocht don Ghaeilge

Ar na meáin shóisialta a léirigh iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre na Breataine a thacaíocht don fheachtas ar son reachtaíochta Gaeilge, mar a gealladh faoin gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua 2020

‘Is fada imithe mí Deireadh Fómhair’ – Jeremy Corbyn ag éileamh reachtaíocht don Ghaeilge

Tá Jeremy Corbyn, iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa mBreatain, tar éis Státrúnaí Thuaisceart Éireann agus an DUP a cháineadh toisc nár thugadar reachtaíocht don Ghaeilge isteach.

Ar na meáin shóisialta a léirigh Corbyn a thacaíocht don fheachtas ar son reachtaíochta Gaeilge, mar a gealladh faoin gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua 2020.

Gheall an Státrúnaí, Brandon Lewis, roimhe seo go dtabharfadh sé féin reachtaíocht chultúir isteach in Westminster – ina mbeadh forálacha don Ghaeilge agus don Ultais – dá dteipfeadh ar Stormont sin a dhéanamh faoi mhí Dheireadh Fómhair.

Ina ghiolc dúirt Jeremy Corbyn, feisire in Islington: “Gheall Brandon Lewis sa Mheitheamh go dtabharfadh sé reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster faoi mhí Dheireadh Fómhair fad atá an DUP ag seasamh roimh chearta teanga in Stormont.”

“Is fada imithe mí Deireadh Fómhair. Tá pobail ag fanacht ó Chomhaontú Aoine an Chéasta le meas agus lena gcearta.”

Chríochnaigh sé leis an mana “AchtAnois”, a úsáideann lucht feachtais atá ar son Acht Teanga.

Mar fhreagra ar Corbyn, dúirt Brandon Lewis go raibh sé “i gceist i gcónaí” ag an Rialtas an reachtaíocht a thabhairt isteach.

“Le bheith soiléir faoi: gheall muid go dtabharfadh muid an pacáiste cultúir a bhí aontaithe faoin chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua isteach sa Pharlaimint dá dteipfeadh ar Stormont sin a dhéanamh,” a dúirt sé.

“Táimid fós tiomanta é sin a dhéanamh ar mhaithe le gach pobal i dTuaisceart Éireann.”

Bhí gníomhaithe Gaeilge agus feisirí parlaiminte i mbun léirsithe le chéile lasmuigh de pharlaimint Westminster i Londain mí Dheireadh Fómhair le brú a chur ar Rialtas na Breataine cloí lena ngealltanas reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach mura ndéantar an beart in Stormont

D’iarr an DUP ar an Rialtas roimhe seo gan dul ar aghaidh leis an reachtaíocht fad a bhí imní na n-aontachtach faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann gan réiteach.

Tá rabhadh tugtha ag dílseoirí aitheanta go bhféadfadh cúrsaí a bheith ina “gcíor thuathail” má thugtar reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle na bPobal Dílseach go sáródh an bille atá á mholadh ag Rialtas na Breataine Comhaontú Aoine an Chéasta.

Gealladh reachtaíocht don Ghaeilge mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in Eanáir 2020 agus gealladh go bhfoilseofaí straitéis don Ghaeilge laistigh de shé mhí.

Bhí éirí amach san DUP in aghaidh a n-iarcheannaire Edwin Poots mar gheall ar mhargadh a rinneadh le Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura mbeadh an beart déanta in Stormont faoin tráth sin.

Fág freagra ar '‘Is fada imithe mí Deireadh Fómhair’ – Jeremy Corbyn ag éileamh reachtaíocht don Ghaeilge'

  • An Teanga Bheo

    Beart dé réir ár mbriatair ní culú siar atá uainn.