Is fada faitíos ar dhaoine in Éirinn roimh mhallacht nó roimh eascaine

Tá daoine ann a chreideann go diongbháilte gur cruthú eile fós go bhfuil mallacht ar pheil Mhaigh Eo cluiche ceannais na hÉireann le déanaí

Is fada faitíos ar dhaoine in Éirinn roimh mhallacht nó roimh eascaine

Tá daoine ann a chreideann go diongbháilte gur cruthú eile fós go bhfuil mallacht ar pheil Mhaigh Eo an chaoi ar chaill Ryan O’Donoghue an cic pionóis cinniúnach sin a chuaigh ar fóraoil i gCluiche Ceannais na hÉireann.

Ní cruthú ar bith a bhí ann ar ndóigh ach is beag cruthú a lorgaíonn lucht creidimh.

Níor bhuaigh Maigh Eo Craobh na hÉireann ón mbliain 1951. Tá sé ráite nár thug siad aon aird ar Aifreann sochraide i mBéal Easa agus iad ar a mbealach abhaile go caithréimeach tar éis Chluiche Ceannais na bliana sin.

Chuir sagart mallacht orthu a deirtear agus dúirt sé nach mbuafaidís Craobh na hÉireann aríst an fhad is a bheadh duine ar bith den fhoireann chéanna beo.

Duine amháin acu, Paddy Prendergast, atá fágtha anois.

Ní chreideann Paddy Prendergast sa mallacht agus is é a fhearacht sin é ag sagairt a rinne taighde faoin scéal. Deir siadsan nach raibh sochraid ar bith i mBéal Easa an lá atá luaite.

Is fada faitíos ar dhaoine in Éirinn roimh mhallacht nó roimh eascaine. Is é an dá mhar a chéile iad. Ceaptar nach bhfuil eascaine ar bith is measa ná eascaine baintrí. Tá sé sin bunaithe cuid mhaith ar an méid seo atá sa Seantiomna:

‘Ná ciap baintreach ná dílleachta. Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus go dtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin. Adhanfaidh m’fhearg agus maróidh mé sibh leis an gclaíomh, agus fágfar bhur mná gan chéile agus bhur gclann gan athair.’

Chuireadh mallacht sagairt scéin i ndaoine freisin. Ba mhinic a d’úsáid sagairt an uirlis sin aimsir toghcháin agus iad ag moladh dá bpobal vótáil d’iarrthóir Caitliceach seachas d’iarrthóir Protastúnach. Bhagraídís mallacht ar dhaoine ar ócáidí eile freisin.

Sa mbliain 1890 tugadh fear darbh ainm Thomas Mahon os comhair na cúirte agus é curtha ina leith gur mharaigh sé páiste.

Iarphóilín as an RIC a bhí ann a raibh cónaí air i gCarna. Leanbh tabhartha a bhí i gceist a bhí ag cailín a bhí ina searbhónta ag Mahon.

Fear agus bean a thug fianaise sa gcúirt, dúirt siad nach dtabharfaidís fianaise beag ná mór murach gur bhagair an sagart paróiste ón altóir go mbeadh drochdheireadh ag duine ar bith a cheilfeadh eolas.

‘Taoscfaidh mé Tobar Bhriocáin ort’ a deirtí i Ros Muc le namhaid a raibh díoltas le baint as. Mallacht eile a bhí ansin.

Bhaintí leas as an mallacht ar bhealach cliste scaití freisin. Bhí fear sa bparóiste seo ar goideadh ball oirnise uaidh. Bhí barúil aige gur fear a bhíodh ag cuartaíocht aige a rinne é.

An chéad oíche eile ar tháinig mo dhuine ar cuairt d’inis sé dhó faoin ngoid. Dúirt sé leis go gcuirfeadh sé mallacht ar an ngadaí. Bhí an ball oirnise tugtha ar ais an mhaidin dár gcionn.

Bhí bean ar Oileán Fhínse a thug faoi deara comharsa léi ag goid na gcloch as fothrach an tí a mbíodh sí ina cónaí ann roimhe sin. Bhí ómós aici don chomharsa agus níor theastaigh uaithi a dhul ag argóint leis.

Mharaigh sí cearc agus chuimil sí an fhuil de na clocha i ngan fhios dhó. Nuair a tháinig sé ar thóir na gcloch lá arna mhárach agus nuair a chonaic sé an fhuil croitheadh an t-anam ann.

Bhí sé lánchinnte gur mallacht a thitfeadh air dá dtabharfadh sé leis aon cheann eile de na clocha.

Fág freagra ar 'Is fada faitíos ar dhaoine in Éirinn roimh mhallacht nó roimh eascaine'

  • Inis na Fírinne!

    Fínis a chloisinn ariamh ar Fhínis. Ainm eile ar ‘oileán’ is ea ‘inis’. Ní bheadh aon chiall le ‘Oileán Fhínse’. Tá Iorras Aithneach ag dul ó aithne orm le blianta beaga anuas. ‘Trá Oileán Fhínse’ a fheicim ag ceann an bhóthair a théann síos chuig Trá Chaladh Mhaínse/Chaladh Fhínse! Tá áit eile anois thiar a dtugtar ‘Conamara Láir’ air, ainm nach bhfuil bunús ar bith leis, pé duine a chum nó a cheap é. Brandáil, a mhic ó!
    Maidir le Maigh Eo, mallacht Chromaill a chriog iadsan!