‘Is é Uachtarán na hÉireann é agus tá cead aige a chinneadh féin a dhéanamh’

Tá Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn ag seasamh lena chinneadh gan freastal ar ócáid ‘ag ceiliúradh’ críochdheighilt na tíre

‘Is é Uachtarán na hÉireann é agus tá cead aige a chinneadh féin a dhéanamh’

An tUachtarán, Micheál D Ó hUigínn. Pictiúr: RollingNews.ie

Is é an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney an duine is déanaí a bhfuil a thuairim tugtha aige faoi chinneadh Uachtarán na hÉireann diúltú freastal ar ócáid ag comóradh 100 bliain ó cuireadh an chríochdheighilt i bhfeidhm sa tír. 

Dúirt Coveney nár chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha “aon chomhairle shoiléir” ar an Uachtarán faoin ócáid eaglaise in Ard Mhacha agus gur faoi féin a bhí sé cinneadh dá leithéid a dhéanamh.   

“Is é an ceann stáit é. Tá sé de cheart aige a chinntí féin a dhéanamh faoina dhialann féin agus na hócáidí a bhfreastalaíonn sé orthu agus is dóigh liom go bhfuil a fhreagra féin tugtha aige faoin scéal,” arsa Simon Coveney a bhí i mBéal Feirste inniu d’ócáid eile a bhain le bunú Thuaisceart Éireann.  

Sheas an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn lena chinneadh. Dúirt an tUachtarán gur ócáid “polaitiúil” seachas searmanas reiligiúnach a bhí san ócáid in Ard Mhacha agus gur léir é sin sa chur síos a rinneadh ar an ócáid. 

‘Marking the centenaries of the partition of Ireland and the foundation of Northern Ireland,’ atá an ócáid. 

Dúirt an tUachtarán nach aon mhasla a bhí ina chinneadh do Bhanríon Shasana atá le freastal ar an ócáid.   

Rinne an DUP agus an t-iarThaoiseach John Bruton cáineadh géar ar an Uachtarán atá sa Róimh inniu mar ar bhuail sé  leis an bPápa. 

Dúirt an t-iarThaoiseach John Bruton go raibh an tUachtarán “mícheart” diúltú don chuireadh agus gur chóir dó a intinn a athrú. Tá sé “tábhachtach”, arsa Bruton, a aithint “gur ann do Thuaisceart Éireann agus go bhfuil sé dlisteanach”. B’in a d’aithin muintir na hÉireann sa reifreann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, a dúirt Bruton. 

Mhaígh an t-iarThaoiseach go raibh an cuireadh ar cheann de na cinn is tábhachtaí a bhí faighte ag an Uachtarán. 

“Ní cuireadh chuig oscailt Comhar Creidmheasa i gContae Chiarraí a bhí ann,” arsa Bruton.  

Dúirt Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, gur “céim ar gcúl” a bhí i gcinneadh an Uachtaráin gan freastal ar an ócáid. 

Níor bhain an ócáid leis an bpolaitíocht ach leis “an dóchas agus an t-athmhuintearas”, dar le Donaldson. 

Fág freagra ar '‘Is é Uachtarán na hÉireann é agus tá cead aige a chinneadh féin a dhéanamh’'

  • AN Teanga Bheo

    Saor theasteal san Aontas na h Eorpa do shaoránach ar bith as Éirinn soir siar ó dheas & ó thuaidh
    Gaeil iad fhéin is ní Ghaill na Spáinnigh…………. Tá Gráinne Mhaoil ag cosaint ár gcearta fós!