An t-aon áit in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe atá d’uireasa dlí chun déileáil le gach gné den drochíde baile

Cheal rialtas in Stormont nó gníomh ón Státrúnaí cuirfear daoine a fhulaingíonn smachtú comhéigneach sa bhaile ar an méar fhada mar atá déanta le cás íospartaigh na dTrioblóidí agus na ndaoine a d’fhulaing drochíde in institiúidí chomh maith

An t-aon áit in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe atá d’uireasa dlí chun déileáil le gach gné den drochíde baile

Ní fhéadfaí scéalta faoi fhoréigean in aghaidh na mban a sheachaint. Ó tharla beirt a bheith cúisithe as dúnmharuithe in eachtraí i gcontaetha Dhún na nGall agus Lú, ní féidir bás Jasmine McMonagle ná Elizabeth Pietrowska a phlé anseo agus ní fios céard a tharla don Dochtúir Deirdre O’Flaherty a bhfuil Gardaí sa tóir ar a corp i mBaile na nGallóglach deich mbliana ó chuaigh sí ar iarraidh.

Tharla na heachtraí sin tráth a bhfuil dlíthe nua curtha i bhfeidhm ó dheas le dul i ngleic le smacht comhéigneach, foréigean síceolaíoch mar chuid den drochíde baile. Dúirt na Gardaí nach raibh oiliúint faighte acu féin chun déileáil leis an dlí nua agus gheall Josephine Feehily, cathaoirleach an Údaráis Póilíneachta,  go gcoinneofaí brú ar an nGarda Síochána chun a gcur chuige i dtaca le foréigean in aghaidh na mban a fheabhsú.

Ag an am céanna tháinig sé chun solais go bhfaigheann an PSNI tuairisc gach 17 nóiméad faoi dhrochíde baile. Gach aon lá le linn shéasúr na Nollag ghlaoigh 46 duine ar eagraíochtaí cabhracha agus b’éigean do thriúr déag ban agus triúr déag páistí teitheadh ón mbaile de bharr foréigin. Fianaise ar chomh holc is atá an fhadhb maidir le drochíde baile abhus go bhfuair Women’s Aid breis is 1,600 iarratas ar chabhair le mí anuas agus ní ionsaithe fisiciúla amháin a bhí i gceist.

Tá sé soiléir anois go bhfuil foréigean síceolaíoch, uirísliú, díspeagadh agus smachtú comhéigneach fíorchontúirteach fiú mura mbíonn aon ionsaí fisiciúil i gceist. I measc na mbealaí smachtaithe eile a úsáidtear tá smacht a ghlacadh ar na héadaí a chaitheann duine, na daoine lena labhraíonn tú, agus do dhaoine muinteartha féin san áireamh, glas ar an sparán, agus an cleas nua-aoiseach is déanaí gaireas rianaithe a chur ar do ghuthán. Tá fianaise tugtha ag daoine a d’fhulaing os íseal ar feadh na mblianta faoin dochar a dhéanann sé seo ar fad dóibh, gan trácht ar na bealaí a dtig leis éirí níos measa. Chuaigh beirt bhan ar an teilifís abhus (agus a n-aghaidheanna ceilte) ag tabhairt cuntais ar conas a coinníodh faoi smacht iad. I gcás amháin bhí béim mhór ar cheannas ar an airgead, ceannas atá coitianta dar leis na saineolaithe. Sa chás eile ba é an t-imeaglú a rinneadh go príomha- i measc nithe eile, dúradh leis an mbean spota a phiocadh dá huaigh agus iad ag tiomáint thar reilig.

Teastaíonn ón mbeirt bhan sin go n-athrófaí an dlí abhus. Ó tháinig an tAcht um Fhoréigean Baile 2018 i bhfeidhm ó dheas ag tús na bliana, is é Tuaisceart Éireann an t-aon réigiún in Éirinn ná sa Bhreatain Mhór atá gan dlí in aghaidh foréigean síceolaíoch sa bhaile. Tá grúpaí cearta daonna ag éileamh le fada go dtabharfaí an dlí suas chun dáta agus táthar ag treisiú ar an bhfeachtas sin anois. Sular thit Stormont dhá bhliain ó shin bhí obair tionscanta ag an Aire Dlí, Claire Sugden, chun an reachtaíocht a athrú. Tá an bille nua ullmhaithe, a deir lucht na státseirbhíse. Ach ar ndóigh ní féidir é a fheidhmiú cheal Aire agus feidhmeannas.

D’fhéadfadh an Státrúnaí Karen Bradley an gnó a dhéanamh le hordú i dTeach na Parlaiminte in Westminster – mar a rinne sí le buiséad agus le scéim chun ligean don státseirbhís in Stormont feidhmiú, go teoranta, gan feidhmeannas. Freagra a hoifige? ‘Tuigeann an rialtas an damáiste uafásach a dhéanann drochíde baile ach is ceist díláraithe í agus cúis eile í gur cheart do na páirtithe Stormont a athnuachan.’

Agus seans go dtiocfaidh an lá inné ar ais! Tá gach páirtí ag iarraidh filleadh ar Stormont, a dúirt an Tánaiste Simon Coveney oíche Déardaoin. Ba é sin  a d’inis siad dó nuair a bhuail sé leo ina gceann agus ina gceann chun an folús polaitiúil agus an Breatimeacht a phlé leo. Ach an bhfuil siad toilteanach filleadh ar Stormont? Toilteanach na hathruithe riachtanacha a dhéanamh chun go mbeadh roinnt na cumhachta bisiúil?

Ba bheag dá chosúlacht a bhí orthu. Níl réamhchoinníoll ar bith againne, arsa Arlene Foster, ceannaire an DUP is í ag séanadh gur líne dhearg atá ann an t-eiteachas as éadan a thabhairt d’Acht Gaeilge. Níl uainne ach aitheantas do chearta, a deir Sinn Féin. Agus ceapann na mionpháirtithe gur ghá athruithe ó bhonn a dhéanamh chun an mhífheidhmiúlacht a bhí mar chomhartha sóirt ar réimeas an DUP agus Shinn Féin a sheachaint. Sin gan trácht ar an nguagacht a bhaineann leis an gconspóid faoin scéim fuinnimh inathnuaite, an RHI, agus an Breatimeacht.

Fearacht íospartaigh na dTrioblóidí agus na daoine a d’fhulaing drochíde in institiúidí cuirfear cás na ndaoine, idir mhná agus fhir, a fhulaingínn smachtú comhéigneach sa bhaile ar an méar fhada, arís.

Fág freagra ar 'An t-aon áit in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe atá d’uireasa dlí chun déileáil le gach gné den drochíde baile'