‘Is é tástáil na putóige a hithe’ a deir POBAL i ndiaidh cruinniú ‘dearfach’ le Arlene Foster

Níos luaithe an mhí seo, thug Arlene Foster le fios go raibh sí sásta casadh le cainteoirí Gaeilge in iarracht teacht ar ‘thuiscint níos fearr’ ar an teanga agus an ‘cultúr’ a bhaineann léi

‘Is é tástáil na putóige a hithe’ a deir POBAL i ndiaidh cruinniú ‘dearfach’ le Arlene Foster

Bhí “atmaisféar oscailte” ag an gcruinniú a bhí inniu ag an eagras abhcóideachta POBAL le ceannaire an DUP Arlene Foster.

Ag tagairt di don phlé idir POBAL agus an páirtí aontachtach faoin éileamh ar Acht Gaeilge, dúirt Stiúrthóir POBAL, Janet Muller, gur “cruinniú úsáideach” a bhí ann ach gurb é “tástáil na putóige a hithe”.

Dúirt Muller gur tugadh deis ag an gcruinniú don toscaireacht ó POBAL “labhairt faoin mhór-éagsúlacht oibre atá ar siúl ag grúpaí Gaeilge” agus faoin éileamh atá acu “ar Acht Gaeilge cuimsitheach, ceartbhunaithe”.

“Rinne muid an pointe go soiléir go gcreideann muid gur Acht Gaeilge bunaithe ar mholtaí POBAL an bealach is fearr le cúrsaí teanga a dhípholaitiú. Is moltaí iad atá bunaithe ar an saineolas is fearr agus ar chomhairle chruinn, fhlaithiúil a thug na saineolaithe is mó ar an domhan dúinn.

“Chomh maith leis sin, is moltaí iad atá comhaontaithe le pobal na Gaeilge le linn roinnt comhairliúchán – idir chomhairliúcháin ag leibhéal an phobail agus chomhairliúcháin ag an leibhéal rialtasach. Dar linn, gur chruinniú úsáideach a bhí ann, ach is é tástáil na putóige a hithe. Dúirt POBAL go mbeadh muid sásta leanstan leis an teagmháil idir muid féin agus an DUP, agus le dreamanna eile nach iad, agus molann muid do ghrúpaí Gaeilge scríobh chuig Arlene Foster agus cuireadh a thabhairt di bualadh leo,” a dúirt Muller.

Níos luaithe an mhí seo, thug Arlene Foster le fios go raibh sí sásta casadh le cainteoirí Gaeilge in iarracht teacht ar ‘thuiscint níos fearr’ ar an teanga agus an ‘cultúr’ a bhaineann léi.

Ba mar chuid den iarracht sin a chas Foster inniu le Conradh na Gaeilge agus Pobal.

“Údar dóchais” a bhí sa chruinniú “dearfach” a bhí inniu ag Conradh na Gaeilge le ceannaire an DUP Arlene Foster, dar le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Ceathrar a bhí i dtoscaireacht POBAL a bhuail leis an DUP inniu; Janet Muller, Ciarán Ó Pronntaigh, Stiúrthóir An tÁisaonad, a cuireann áiseanna ar fáil do Ghaelscoileanna, Pól Deeds, Príomhfheidhmeannach An Droichead i mBéal Feirste, agus Seán Ó Maoilsté, Stiúrthóir Cairde Teo in Ard Mhacha.

Bhí Arlene Foster, Edwin Poots agus Chris Stalford i láthair thar ceann an DUP.

Le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh, chuir Arlene Foster Sinn Féin i gcomparáid le crogaill a bhíonn de shíor ag iarraidh.

Bhain conspóid mhór lena ráiteas faoi Shinn Féin agus a n-éileamh ar Acht Teanga don Tuaisceart.

Dúirt sí an uair sin nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge.

“Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí agus í ag tagairt d’éileamh Shinn Féin ar Acht Teanga.

Fág freagra ar '‘Is é tástáil na putóige a hithe’ a deir POBAL i ndiaidh cruinniú ‘dearfach’ le Arlene Foster'