Is é mo rún ná a bheith iomlán míréalaíoch faoi mo chuid rún…

AG TÓGÁIL CLAINNE: An bhliain seo chugainn beidh cruiscíní lán le biros ar fud an tí ag ár gcolúnaí. Baileofar an lego chuile oíche agus beidh codladh sámh ag cách…

lego-169603_1280

Nach breá an rud é rúin athbhliana a leagan síos agus gan agat ach an dóchas go n-éireoidh leat. Ní gá tada a dhéanamh i ndáiríre ach a bheith ag brionglóidí ar na rudaí iontacha ar fad a bhainfear amach sa mbliain nua agus ardóidh sé do chroí. Teastaíonn sé i lár an gheimhridh, an t-am seo den bhliain nuair atá fad coisméig coiligh tagtha sa tráthnóna agus an dóchas go mbeidh an tEarrach linn go gearr.

Fud fad na tíre tá daoine ag mionnú. Moltar dúinn ar fad a bheith réalaíoch lenár gcuid rún. Ach tá mé ag ceapadh gurb é sin an botún atá á dhéanamh agam leis na blianta. Blianta eile bhí rúin réalaíocha agam, rudaí ar nós, cuirfidh mé bláthanna sa ngáirdín, íosfaidh mé tuilleadh glasraí, ní bhreathnóidh mé ar an oiread teilifíse.

An toradh a bhí ar na rúin sin ná gur fhás na neantógaí tuilleadh, gur chaith mé amach cuid mhaith brocailí agus go bhfuilim gafa ag Homeland. Ach tá a fhios agam anois cá ndeachaigh mé amú. Bhí mo chuid rún róréalaíoch. Bheifeá caillte le leadrán sula mbeadh an chéad seachtain d’Eanáir caite.

I mbliana, is é an rún atá agam ná a bheith iomlán míréalaíoch le mo chuid rún. Tá mo chuid pleananna á leagan amach agam gan aon chuimhne agam don rud atá réalaíoch. Níl agam ach an dóchas. An dóchas gan aon bhunús, go háirithe.

Díreoidh mé ar rúin áiféiseacha ar nós, nár bhreá an rud é dá mbeadh biro sa teach nuair atá ceann á lorg agat, nó nár bhreá dá mbaileofaí an lego sa tráthnóna sula dtéann siad suas a chodladh, nó nár bhreá oíche iomlán codlata. Deirim na rudaí seo mar a déarfainn gur aoibheann liom a bheith in ann eitilt, a bheith dofheicthe nó taisteal siar go haimsir na bhFiann.

Beidh rudaí difrúil i mbliana, fan go bhfeice tú. An t-am seo an chéad bhliain eile, beidh cruiscíní lán le biros ar fud an tí. Maidir leis an lego, ní hamháin go mbeidh sé bailithe gach tráthnóna ach beidh píosa nua curtha leis an teach déanta go hiomlán as lego.  

An t-am seo an chéad bhliain eile, níl aon aimhreas orm ach go mbeidh Fionn Mac Cumhail ag dinnéar na Nollag linn.

Ach maidir leis an oíche iomlán codlata? Níl agam ach an dóchas agus is leor sin.

Fág freagra ar 'Is é mo rún ná a bheith iomlán míréalaíoch faoi mo chuid rún…'